11.9.10

Leabhair le dó

Má tá fonn ort leabhar a dhó inniu - agus cén fáth nach mbeadh? - tá moladh nó dhó agam duit, ó Waterstones, Cardiff...

An bhfuil dúil agat san uafás rómánsúil? Elizabeth bhocht agus na diabhal zombaithe? (Cé a cheannaíonn an tseafóid seo?)
















Nó b'fhéidir gurbh fhearr leat na leabhair is leadránaí a scríobhadh riamh faoi shean-bhusanna na cathrach.
















So, fág do Chórán ar an tseilf, maith an fear/bhean, agus tosnóimid leis na fíor-droch-leabhair.

6 comments:

  1. Ní ceart leabhair ar bith a dhó.

    Ach pé scéal é, nuair a dóitear rud chun agóid a dhéanamh, níl aon mhaith rud a dhó na ngortóidh duine éigin. Bratach, Íomhá, Siombail, Leabhair - caithfidh luach a bheith aige don dream ar mian leat olc a chur orthu.

    ReplyDelete
  2. fág do Chórán ar an tseilf

    Ar an tseilf go deimhin, an áit is fearr dó. Is é an leabhar is leadránaí ar domhan. Bheifeá in ann leabhar an-chosúil leis a chur le chéile ach ramháille seanmóirí scitsifréineach -- na fir a chloistear i lár cathracha ar fud Mheiriceá -- a thaifeadadh agus a thras-scríobh.

    ReplyDelete
  3. Ní dhóimid iad sa leabharlann, ach caitheann siad uainn nuair atá siad sean, damáistithe, srl. Ní scairtimid an preas. (Dála an scéil, rinne tú dearmad air seo!)

    ReplyDelete
  4. @ 'ramháille seanmóirí scitsifréineach'

    Go leor acu scríofa acu cheana...;-)

    ReplyDelete
  5. Ar chlúdach do leabhair, a Sheáin: "Abraham Lincoln, Vampire-Hunter - from BEST-SELLING author of Pride and Prejudice and Zombies".

    @ Cé a cheannaíonn an tseafóid seo?

    Go leor leor, is léir.

    ReplyDelete
  6. Chuala mé nach mbíonn na leabhair sin chomh greannmhar agus a cheapfá óna gclúdacha. Mór an trua. Smaoineamh cliste ab ea é, dar liom. Agus ní maraítear iad má dhóitear iad, dar ndóigh. Ní mór iad a scaoileadh sa cheann (na zombaithe).

    ReplyDelete