Bhuail mé le mo
chara arís agus mé sa mbaile ar an deireadh seachtaine. Do bhain mé geit as/aisti agus mé ag spaisteoireacht gar don mhainistir in aice le bealach uisce cois cuain. Léim an madra uisce thart ar feadh tamaill, agus faoi dheireadh d'éirigh sé aníos ón uisce agus stán sé/sí orm amhail is gur dobhrán* dúr dallintinneach a bhí ionam. Leis sin, d'imigh sé/sí as radharc faoin uisce arís.
Déarfainn go bhfuil poll an mhadra uisce gar don áit, is fíor gur suíomh iontach oiriúnach a bheadh ann, le bealach uisce agus féar fada chun teacht 's imeacht go ciúin, chomh maith le sean-chrainn casta ann i gcomhair poll deas dorcha a chruthú. 'Sé easpa gnáthóga, agus ní an truailliú uisce, an fhadhb is mó atá ag na madraí uisce sa lá atá inniu ann. Agus
moltar dúinn poill a thógáil dóibh - as lomáin, géaga agus brící, fiú - sna ceantracha nach bhfuil sean-chrainn fós iontu. Dála an scéil is port álainn é
Poll an Mhadra Uisce sa cheol traidisiúnta (nach bhfuil cuma an-aisteach ar an gcaitheamh tabac sna tithe tábhairne anois?!)
*Is fearr liomsa an t-ainm 'madra uisce' a ghlaoch ar an ainmhí seo, ach tá rogha fhocal ann sa Ghaeilge dó. Tá dhá chiall ag an bhfocal 'dobhrán', áfach, (1) madra uisce agus (2) duine dúr dallintinneach. Ní dóigh liom go bhfuil an focal sin oiriúnach ar chor ar bith don ainmhí glic gníomhach seo. Úsáidtear 'dobharchú' go minic chomh maith. Agus mé ar an Eilean Sgiathanach, thugas cuairt ar thearmann dúlra ar an gcósta ansin, agus léigh mé an méad seo faoin 'ndobharchú'... Ní dóigh liom go bhfuil an t-idirdhealú céanna againn i nGaeilge na hÉireann idir ghnáth-mhadraí uisce agus an fear fireann nó 'rí' mar atá luaite thíos.
Is ón ' 'dobharchú' a tháinig mo shloinne féin, agus ní dóigh liom go bhfuilim dúr ná dallintinneach...ceapaim! ASG
ReplyDeleteBlagmhír shuimiúil eile! Agus is deas an fógra dátheangach sin, cé gur chuir an chéad abairt i nGàidhlig ionadh orm. Chuaigh mé i gcomhairle le cara liom ag Sabhal Mór Ostaig agus bhí sé ar aon intinn liom. Ciallaíonn sí “Déanfaidh tú taighde ar an dobharchú!” Beagán aisteach sa chomhthéacs sin.
ReplyDeleteDála an scéil, “uisce” an chiall atá le “dobhar” ("dobur” sa tSean-Ghaeilge). Tá a fhios agat é sin cheana féin, gan dabht, agus nach n-úsáidtear an focal seo go minic leis féin. Ach is focal dod liosta é mar sin féin, mar tá sé gairid i ngaol leis an bhfocal coitianta Breatnaise “dwr” (ó “dwfr”) a chiallaíonn “uisce”.
GRMA, a Dennis. Táim ag bailiú focail mar sin, iadsan atá cosúil lena chéile sa dá theanga. Cuirfidh mé leis an liosta é. Dála an scéil, 'sé "dwrgi" nó "dyfrgi" a thagann ó dwr/dwfr + ci (is dócha). Cosúil lenár dobharchú fhéin.
ReplyDelete(...is iad "dwrgi" nó "dyfrgi" an t-ainm Breatnach ar mhadra uisce.)
ReplyDeleteAgus, a Áine a chroí, bíonn tú chomh glic gníomhach le mo mhadra uisce i gcónaí!
ReplyDelete