Do rith mé mo chéad leath-mharatón inniu, sa bháisteach, i gcathair bhreá Bhristol. Agus táim beagnach marbh ina dhiaidh. Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin, mar a dúirt an té a dúirt. (Ní thuigim go díreach conas atá mo thóin chomh tinn seo: mo chosa a bhí ag fulaingt ar feadh trí mhíle déag).
Bhí stráitéis agam ón tús, tosnú le míle mall (sa chás seo, tús lag leath na hoibre), an luas a mhéadú idir 2-10 míle agus iarracht ráib a thabhairt sa deireadh. Agus d'oibrigh sé. Chríochnaigh mé in 1 uair 45 nóim. Go breá sásta liom fhéin.
Is cathair álainn í Bristol, agus bhí cúrsa breá socraithe tríd an chathair agus suas síos Avon Gorge. Le radharcanna aoibhne do dhroichead Clifton (a tógadh le Isambard Kingdom Brunel). Agus seachas an bháisteach, cnoc nó dhó, roinnt cosáin sleamhaine (agus an tóin tinn, ar ndóigh) bhaineas an-sult as an ócáid.
Maratón Baile Átha Cliath, seo liom.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Maith thú, John!
ReplyDelete(Céard atá sa phictiúr? Ní fheicim ach comhartha ceiste i lár an bhosca.)
Deisithe anois, tá súil agam. Griangraf don droichead deas.
ReplyDeleteNár laga do Che do luas, a chara!
ReplyDeleteAgus go mbí tóin tónáilte acu go luath...:-)