28.9.10

Ionsaí na gColúr, agus ainmhithe salacha eile...

Tháinig siad go tobann, ar nós stealladh báistí. Do chuala mé iad ar dtús, ag rinnce ar an díon. Thugas faoi ndeara níos luaithe sa lá go raibh builín aráin caite ar an díon plaisteach ar chúl an tí (cé a dhéanfadh é?), agus cuireadh fearg orm go mbeadh ormsa é a ghlanadh. Ach ansin thosnaigh ionsaí na gcolúr. Sé nó seacht dóibh. A ngoba ag cnagadh go mírithimiúil os cionn mo chinn. A chosa le feiscint faoin bplaisteach. Ní rabhas chomh sásta riamh colúir a fheiscint im' shaol.


Is léir go bhfuil fadhb againn le glaineacht agus sláinteachas sa tigh. Ag teacht liom ar ais go Caerdydd i ndiaidh droch-sheachtain a chaitheamh sa mbaile le déanaí, bhí an teach - go háirithe an chistin - ina phraiseach, bia caite ar an urlár agus soithí salacha fágtha ar feadh seachtaine. Shocraigh mé róta a scríobh ar an bpointe - rud nach ndearna mé riamh cheanna. Táim róshean don tseafóid seo. D'éirigh leis an róta mo chomhghleacaithe a spreagadh chun glantacháin, seachas Aaron, (tá Fernando ar saoire), an t-aon Éireannach eile sa tigh agus fear fíor-leisciúil ó thaobh an obair tí de. Mo náire thú, a Aaron. Ahhh, mothaím i bhfad níos fearr anois. Is obair teiripeach í an scríbhneoireacht seo :)


Agus mé ag caint faoi ainmhithe salacha, tá Tiger Woods - bhuel, déarfadh a bhean chéile gur ainmhí salach é ;-) - i Newport na Breataine Bige i gcomhair comórtas mór Corn Ryder 2010. Bhí siad an-ghnóthach le déanaí bóithre a dheisiú agus snas a chur ar chathracha agus bailte an cheantair. Glanadh Balla na nAinmhithe i lár cathair Chaerdydd. Is aoibhinn liom an balla seo agus an cúig dealbh déag d'ainmhithe fiáine air.


Nóta deireanach faoi ainmhithe fiáine. Táim 100% gafa le cluiche nua iPhone "angry Birds" - á imirt sa charr ag soilsí tráchta, sa leithreas, sa leabharlann. Sáite ar leibhéal 4-19. Sin ráite, caithfidh mé imeacht agus triail eile a bhaint as sula n-imím a chodladh a chairde... Oíche mhaith.





7 comments:

  1. Simon. Ainm suimiúil. Tá sé ar a lán fear thall ansin. Agus ní nós nua é seo ach oiread. Ach níor bhuail mé riamh ach uair amháin le Meiriceánach a raibh Simon mar ainm baiste air.

    ReplyDelete
  2. Is fearr libh Peadar thall, an ea?

    Nach bhfágfaidh na colúir riocht níos measa ar an díon ná an arán?

    Ádh mór leis an reacht nua glaine. Bhí cónaí ormsa seal i mbrú micléinn sa Ghearmáin. Bhíodh fadhbanna leis an gcistin coiteann - ach tháinig dornán le chéile agus bheartaigh siad aon rud a bhí caite thart gan glanadh a chuir sa bhosca bruscar. Tháinig feabhas tobann ar chúrsaí! Ach is dócha nach bhfuil a fhearais féin ag gach duine sa teach, mar sin ní bhfeileadh an modh sin.

    ReplyDelete
  3. @ Áine, chríochnaigh mé leibhéal 4-19 faoi dheireadh thiar thall. Anois táim sáinní ar 4-20! Oíche eile gan codladh is dócha ;)

    @ Dennis, 'sé Simon an t-aon Breatnach sa tigh. Éireannaigh, Indiaigh, Spáinneach agus Poirtingéalach an dream eile. Níor chuala Fernando an t-amhrán 'Fernando' le ABBA roimh theacht anseo, creid é nó ná creid. An buachaill bocht.

    @ Aonghus, tá súil agam go nglanfaidh an bháisteach salach na gcolúr. Tá sé ag titim go trom anseo inniu. Feicfidh tú ag an gCorn Ryder ar an teilifís gan dabht. Rinne mé iarracht rudaí a chaitheamh amach mí ó shin, agus fuair mé íde béil ón Éireannach a bhainne lofa a chur sa bhruscar >8( Grrrrr.

    ReplyDelete
  4. Is fearr comhghuaillíocht ina leithéid de chás.

    ReplyDelete