Ar iarr éinne ort riamh: "dá mbeifeá i d'ainmhí, cén saghas ainmhithe a roghnófá?"
Cheapas riamh gur mhaith liom bheith i m'iolar, nó aon éan mhór (bhuel, seachas an ostrais) - go mbeinn ábalta eitilt go hard sa spéir, go saor, agus breathnú anuas ar gach rud, gan a bheith sáinní ar an dtalamh nó sa bhfarraige.
Ach táim idir dhá chomhairle ar maidin, th'éis an físeán gleoite seo a fheiscint ar broadsheet.ie. Físeán don saol rúnda ildaite atá fo thuinn na hÉireann.
Bheinn breá sásta bheith i m'iasc anois! A leithéid de shaoirse. In áit na heitilte, bheadh foraisí fheamainne mar bhac-cúrsa agam.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
An rud is fearr faoi bheith id iasc ná go mbeadh chuile rud i do shaol úrnua ó lá go lá! “Bhabh! Cá bhfuil mé? Ní cuimhin liom an fheamainn seo! Ní cuimhin liom rud ar bith!”
ReplyDeleteASG. Bíonn mo dheirí seachtaine mar sin uaireanta, a Dennis.
ReplyDeleteNach bhfuil cuma 3D ar an iasc sin?! Nó an bhfuil an iomarca ama caite agam os comhair an scáileáin inniu?
ReplyDeleteIs fíor duit! Tá sé ag teacht amach as an ngrianghraf!
ReplyDeleteÁlainn...
ReplyDelete