28.6.11

Féile na Long Ard


Seolfaidh thart fá 50 long amach ó Chuan Phort Láirge an Domhnach seo agus tús spleodrach á chur le Rás na Long Ard 2011. Ní fhéadfá suíomh níos fearr a fháil i gcomhair an t-aicsean ar fad a fheiscint ná Rinn Dúbháin, Co. Loch Garman.

Beidh pairceáil le fáil go háitiúil saor in aisce, le seirbhís tointeála bus go deireadh na leithinise á chur ar fáil go rialta i rith an lae. So, má tá siamsaíocht uaibh an deireadh seachtaine seo, tar anuas go dtí an tOirdheisceart, ahem, Grianmhar*.

Faraor, tá ceathanna éadroma geallta :(

6 comments:

  1. Chonaic mé an rás thart fá 10 bliana nó níos faide siar ó Dún Laoghaire. B'fhiú go mór dul ann agus tá sé grianmhar i láthair na huaire ( i mBaile Átha Cliath ar aon nós)

    ReplyDelete
  2. Ag súil go mór leis a Néidí. Tá ticéidí VIP againn do bharr an teach solais. So, ba chóir go mbeadh radharc maith againn (in ainneoin na gcathanna).

    ReplyDelete
  3. Úps, 'ceathanna' a bhí i gceist agam. Nílimid ag súil le foréigean ar an deireadh seachtaine!

    ReplyDelete
  4. Is dócha go mbeadh i níos mó suime fós sna longa arda dá mbeadh athachtú nó reenactmen de chathanna mara ar siúl acu! Gunnaí móra! Deatach! Fuaim!

    ReplyDelete
  5. Ha. Ní bheidh cathanna mara ann, faraor. Ach is cosúil go mbeidh athachtaithe (nach aisteach an focal sin?) le feiceáil ar thalamh...

    Claíomh will provide live interpretations of:-
    a 13thC Anglo-Norman Knight-At-Arms
    a 16thC Highland 'Redshank' mercenary
    a 16thC European privateer or 'sea dog'
    a Late Medieval tavern-woman.
    hourly sword-fighting duels
    talks on clothing, craft and military matters.

    Bhí mé ag ól i bhFiodh Ard le gairid, gar don teach solais, agus tá 'Medieval tavern-women' fós ann, táim ag rá leat.

    ReplyDelete
  6. Is cuma cith nó cath ann, a John, bain sult as!

    ReplyDelete