9.6.11

Cónaí le cailíní

Tá an cailín thuas staighre ag gol, gan sos, le trí lá anuas de bharr troda idir í féin agus a buachaill. Cloisim í, tríd an tsíleáil, ar an nguthán lena máthair ag tabhairt amach faoi, idir chaointe, go déanach san oíche.

Briseadh an maisín níocháin ar an deireadh seachtaine, agus dúirt an t-innealtóir inniu go bhfuair sé fáiscín cíochbhirt sáinnithe sa mhótar.

M'anam ach caithfidh mé batchelor pad a aimsiú i ndiaidh an tsamhraidh.

8 comments:

  1. Tá sé deacair cónaí le daoine eile. Ní dóigh liom go bhfuil inscne seachas a chéile níos measa áfach.

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart agat ar ndóigh. Is fearr meascán den dá hinscne, dar liomsa. Taitníonn na cailíní thuasluaite go mór liom - beidh mé níos foighní leo amach anseo, bhuel, nuair a stopann an caoineadh!

    DAS briseadh an maisín níocháin anuraidh mar gheall ar chárta aithintis sáinnithe sa mhótar. Ba le buachaill sa tigh é ;)

    ReplyDelete
  3. Ar scáth a chéile a mhairimid, bíodh is gur mian linn nó nach mian. Chónaíomar taobh le teach roinnt blianta ó shin agus bhí muid féin agus dhá theach eile ceangailte leo sa chóras séarachais. B'éigean dúinn fios a chur ar lucht glanta píobáin go minic, mar bhí an píobán blocáilte go minic...le Durex. Agus ní raibh Durex in úsáid ach in aon teach amháin den cheathrar. Tomhais cén ceann.

    ReplyDelete
  4. Cad é an Ghaeilge ar “good fences make good neighbors”?

    ReplyDelete
  5. @ Réaltán:

    An i gcondominium a bhí tú i do chónaí? ;)

    ReplyDelete
  6. ASG, a John, faoin gcondominium!

    Maidir leis an gcailín bocht sin, tá trua agam di - is olc an rud é an croí briste.

    ReplyDelete
  7. @ Áine:

    Á tuigim. Níl mé gan chroí mé féin. Ach dá gcloisfeá í? Ar feadh 3 lá?!

    ReplyDelete
  8. Cad é an Ghaeilge ar “good fences make good neighbors”?

    Roimh shotal na gcomharsan cosnaíonn an fál?

    ReplyDelete