Chaith mé ceithre mhí i gCeanada fadó, fadó, ag obair i dToronto ar feadh samhraidh - ar oileáin na cathrach le bheith cruinn. Agus thaitin an tír liom. Bhí sé glan, dea-mhúinte, fulangach. B'fhéidir róghlan, rómhúinte, rófhulangach uaireanta.
So, chuir an t-alt
seo iontas orm ar maidin. Círéibeanna i gCeanada? Sa chathair
is fearr ar domhan le cónaí? Agus ba faoin haca a bhí an t-achrann? Dochreidte...
 |
Cathair liteartha Vancouver |
 |
Cathair ilchultúrtha Vancouver |
 |
Cathair turasóireachta Vancouver |
 |
Cathair spóirtiúil Vancouver |
 |
Cathair rómánsúil Vancouver |
Buíochas arís le broadsheet.ie, m'fhoinse is mó, ahem, nuachta le gairid.
Beidh ciréibeacha againn go luath, b'fhearr liom agóid ach ceapaim go mbeidh círéibeacha
ReplyDelete@ "Thousands, thousands, thousands of them. Laughing. Delighted with the destruction."
ReplyDeleteFaraor, ach táthar ann...
Laughing.
ReplyDeleteAn amhlaidh a raibh “An Lá is Sona” acu cúpla lá roimh ré?
@ Neidí, ní aontaíonn Tommy Tiernan leat. Chuala mé é ar an raidió ar an maidin. Dar leis, tá sé rófhliuch anseo le bheith amuigh ar na sráideanna.
ReplyDelete@ Áine, bhí sé gan chúis, gan chiall. Daoine ag iarraidh a bheith scriosach ar a shon féin. Ní thuigim é. Ach níor thuig mé riamh an foréigean a bhaineann leis an spórt. Ar ndóigh, ní leis an spórt a bhaineann sé ar chor ar bith, ach leis an 'spraoi'.