7.6.11

Taoiseach ar a thriail

Mar a dúirt mé cheana, is iomaí difríocht idir C agus R.

An scéal is déanaí ón Íoslainn...
...cúisíodh iar-Phríomh Aire na tíre, Geir Haarde, dá pháirt i ngéarchéim eacnamaíochta na tíre, dá easpa gníomhaíochta in aghaidh titim na mbancanna agus dá easpa ceannaireachta ina dhiaidh. Táthar ag rá go bhféadfadh sé dul go priosún ar feadh dhá bhliain dá bharr.

Geir Haarde - Bertie na Réicivíce?
Dála an scéal, cuireadh triúir aire rialtais tús leis an bpróiséas an tUasal Haarde a chúiseamh. Agus dar leis na 15 breitheamh san Ardchúirt, b'éigean dóibh leanúint leis an dtriail.

An bhfuil próiséas leagtha amach i mBunreacht na hÉireann lena leithéid d'fhaillí i ndualgas a chúiseamh?

2 comments:

  1. @ An bhfuil próiséas leagtha amach i mBunreacht na hÉireann lena leithéid d'fhaillí i ndualgas a chúiseamh?

    Níl a fhios agam, a John, ach, má tá, an bhfuil aire rialtais againn a chuirfeadh tús leis an bpróiséas, sin í an cheist!

    ReplyDelete
  2. Ceist mhaith, a Áine. An difríocht is mó idir Éirinn agus an Íoslainn ná go raibh gluaiseacht glórmhar gnáthdaoine ar shráideanna na Réicivíce ag éileamh ar athruithe, rud nach raibh againn riamh.

    Sin ráite, mothaím go bhfuil an rialtas úr ag druidim i dtreo roinnt athruithe a ghealladh dúinn a chur i bhfeidhm go luath, m.s. léigh mé ar irishtimes.com inniu go mbeidh reifreann cumtha acu go luath maidir le pá na mbreitheamh. Tá 'mí na meala' thart anois, caithfidh siad dul i mbun oibre.

    ReplyDelete