Chonaic mé mo chéad chluiche cruicéid riamh anocht sa Staid SWALEC anseo i gCaerdydd, le Glamorgan i gcoinne na Middlesex Panthers. M'anam, ach bhaineas an-sult as, rud nach rabhas ag súil leis, bíodh a fhios agaibh. £5 ar ticéad (do mhic léinn), beoir le fáil gan scuaine ar bith (an-tábhachtach, ar ndóigh), tráthnóna breá grianmhar amuigh faoin aer, lucht féachana gléasta mar Elvis, agus popcheol á sheinnt sa staid gach uair a bhfuair siad 4 nó 6 pointe. Beidh mé ar ais arís.
'Éireannach' eile sa 'siamsaíocht' leath-ama |
(Caithim a admháil go rabhas ag breathnú ar deireadh an chluiche ó phub in aice na staide - Y Mochyn Du / An Mhuc Dhubh - ach seo daoibh pictiúr dos na soilse mícháiliúla sin, agus iad ar ais ag obair).
Morgannwg abú!
@ Beidh mé ar ais arís.
ReplyDeleteNí thuigim cruicéad, ach is maith ann an rud as a mbaineann duine suáilce na laethanta duairce seo - coinnigh ag dul, a chara!
Tá na rialacha casta go leor, a Áine. Ach nuair a théann tú i dtaithí orthu baineann tú cineál sásaimh as na scóranna agus na pionóis a aithint i gceart. Fós féin, tá go LEOR le foghlaim agam fós.
ReplyDelete