21.6.11

Meme, méim, mím

Chroch cara liom an pictiúr seo thuas ar Facebook ar maidin agus é i ndiaidh roinnt phótóshopála a dhéanamh air.


An gciallaíonn sé sin gur 'meme' anois mé?!

Feicim go bhfuil an focal 'méim' curtha ar focal.ie le deanaí.

méim bain2
gu: méimeai: méimeannagi: méimeanna

De réir dealraimh, cumadh an focal ag Richard Dawkins ina leabhar The Selfish Gene i 1976, ach úsáidtear níos minicí anois é chun cur síos a dhéanamh ar na paistísí a dhéantar ar phictiúir agus físeanna agus a scaiptear go forleathan ar an idirlíon.

Déarfaínn gur ghlaodh 'méim' air chun fréamh an fhocail leis an bhfocal 'géin' a choinneáil. Agus tuigim nár chóir go mbeadh nuafhocail Gaeilge ag brath ar an mBéarla i gcónaí. Ach b'fhearr liomsa 'mím' a chur air, agus gnáthfhuaimniú an Bhéarla a choinneáil. Chuirfeadh sé leis an liosta gairid focal sa Ghaeilge a chríochnaíonn le -ím (bhuel, briathra san aimsir láithreach as an áireamh). De réir A Reverse Dictionary of Modern Irish níl ach ceithre cinn ann: fastaím, scím, ailím, rím. Ní aithním féin ach an ceann deireanach.


Ní bheinnse chomh sotalach saineolach sin focal Gaeilge a chumadh nó a cheartú. Níl ionam ach Gallgóir gruama gránna. Bhfuil tuairimí dá laghad agaibh? Nó an bhfuil mise, mé féin 's mo mhím inár n-aonar?!




rím bain2      

gu: rímeai: rímeannagi: rímeanna

mím bain2      
gu: mímeai: mímeannagi: mímeanna


Bhí mé den tuairim gur chóir 'mím' a ghlaoch ar an bhfocal nua seo. Ach, de réir mar a mhínigh Aonghus dom ina thrácht, tá focal 'mím' ann cheana féin le cur síos a dhéanamh ar ealaín Marcel Marceau agus a chairde. Fanfaidh mé im thost faoi mar sin ;)

7 comments:

  1. http://www.potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=fasta%C3%ADm&GotoID=focloirbeag

    (Ní an méid atá scríofa agat, gan amhras!)

    ReplyDelete
  2. Maidir leis an rud a dúirt tú, tá mím ann cheana ag freagairt do mime an Bhéarla.

    http://www.potafocal.com/Search.aspx?Text=m%C3%ADm

    ReplyDelete
  3. Ááááá, maith thú a Aonghuis. Ní fhaca mé é sin. Ha. Bhuel, is dócha gur cineál 'mím' do Rory McIlroy atá á dhéanamh agam sa phictiúr mar sin :)

    ReplyDelete
  4. Aithris an plámás is ionraice!

    ReplyDelete
  5. Maidir le -é- mar fhuimniú in áit -í-, feach freisin go bhfuil “caiféin” againn in áit “caifín” freisin.

    Níl mé cinnte gur féidir "méim” nó "mím” a thabhairt ar a bhfuil ar siúl sa ghrianghraf thuas, áfach.

    ReplyDelete
  6. Ní féidir, a Dennis, ní rabhas ach ag magadh. Cúis dom an griangraf seafóideach sin a chur suas ar mo bhlag ;)

    ReplyDelete
  7. Táimse ar son na cúise sin...:-)

    ReplyDelete