3.7.12

Suíomhanna Oidhreachta Domhanda nua

Fógraíodh inné na 26 suíomh nua ar liosta UNESCO de Shuíomhanna Oidhreachta Domhanda. Ainmníodh suíomhanna i 4 thír den chéad uair: sa Sead, i bPoblacht an Chongó, ar na hOileáin Palau agus sa Phalaistín. Gan aon amhras, is próiséas tábhachtach é na suíomhanna seo a aithint mar sheoda cultúrtha a bhfuil cáil agus cosaint tuillte acu. Ach is léir go bhfuil claonadh ag UNESCO i dtreo tíortha an Iarthair, san Eoraip ach go háirithe.

Ainmníodh suíomhanna sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Ghearmáin inné a chuir leis an liosta fada suíomhanna atá acu cheana féin. Féach ar an léarscáil thíos chun comparáid domhanda a dhéanamh. Is iad an tSín, an Ind agus Meicsiceo amháin a théann in iomaíocht le tíortha móra na hEorpa ó thaobh oiread na suíomhanna de - tíortha a bhfuil achar agus daonra i bhfad níos mó acu. Tá an Aifric agus an Meán-Oirthear - cliabhán na sibhialtachta - beagnach dearmadtha. Fiú san Eoraip, tá codarsnacht shoiléir le feiceáil idir na tíortha móra ar iarthar na mór-roinne agus na tíortha Eorpacha eile, go háirithe in oirthear na hEorpa. Agus breathnaigh ar Éirinn bhocht - péire sa Phoblacht, agus ceann amháin sa Tuaisceart.

Ní féidir luach a chur ar chultúr. Tá tábhacht agus suntasacht ag gach cultúr, cibé áit ar domhan ina bhfuil sé suite. B'fhéidir go bhfuil sé in am do UNESCO a n-aird a tharraingt ar an domhan mór agus gan a bheith sáinnithe san Iarthair.


3 comments:

  1. Ag spraoi le cartagrafaíocht. An-jab!

    ReplyDelete
  2. GRMA. Is trua nach féidir réigiúin éagsúla a thaispeáint - taobh amuigh den RA. Dá mbeadh Sasana, Albain, an Bhr Bheag agus TÉ caite le chéile ní bheadh an easpa suíomhanna sna tíortha/réigiúin Cheilteacha le n-aithint. Bheadh codarsnacht shuimiúil le déanamh idir iarthar agus oirthear Mheiriceá, agus na Rúise mar shampla.

    ReplyDelete
  3. Bheadh codarsnacht shuimiúil le déanamh idir iarthar agus oirthear Mheiriceá

    Bheadh. Dála an scéil, GRMA as gan gorm & dearg a úsáid. Is féidir liom na dathanna seo a aithint thar a chéile gan dua dá laghad.

    ReplyDelete