22.6.12

Cruthanna ar dathanna

Alt spéisiúil in Le Monde inniu faoi dearthóir Portaingéaleach atá tar éis córas de shiombail éagsúla a chruthú chun cur síos a dhéanamh ar dathanna do dhaoine dathdhalla. De réir an ailt, ní féidir le idir 8-10% d'fhir idirdhealú a dhéanamh idir na dathanna dearg agus glas - fadhb a ghlaotar daltonism air sa Bhéarla.


Sa chóras nua seo, úsáidtear línte agus triantáin chun siombail shainiúla a chruthú a léiríonn réimse leathan de dhathanna éagsúla. Úsáidfidh siad na siombail amach anseo ar léarscáileanna den metro in Lisbon, ar na bráisléid a chaitheann othair san ospidéal, ar ábhair ealaíne sna scoileanna... aon áit ina gcabhróidh na siombail seo le roghanna agus neamhspleáchas na ndaoine dathdhalla.

Na siombail nua ar mhapa metro
Agus chun an córas nua a chur in iúl do ghnáth-mhuintir na Portaingéile, tá feachtas ar bun ag an gcóras poist sa tír a thaispeánann cuid de na siombail nua ar réimse nua stampaí. Nach maith an smaoineamh sin. 



5 comments:

  1. Smaoineamh maith. Ach an oibríonn sé - shíl mé nach féidir le daoine dathdhalla an difear idir an dá lí a fheiceáil, agus ní fheicim go bhfuil na siombail gach áit ar an léarscáil thuas?

    ReplyDelete
  2. Tá mé féin dathdhall. Is féidir leis an gcuid is mó againn idirdhealú a dhéanamh ar uaine agus dearg má tá siad sach geal agus má tá paiste sách mór den dath ann. Ach má tá caora dearga i measc na nduilleog glas, ní fheicfidh mé iad ar dtús. Agus má tá léarscáil ann a bhfuil glas, liathghlas, dearg, liathdhearg, agus liath uirthi, téann sé rite liom iad a idirdhealú.

    ReplyDelete
  3. Ar chuala tú faoin gcóras nua thuas, a Dennis? Meas tú, an gcabhródh sé leat?

    @Aonghus: Tá ceangal á dheanamh sa léarscáil idir na línte A, B, C... agus na siombail. De réir mar a thuigimse, beidh na siombail sin curtha ar chomharthaí eile i stáisiúin, ar ardáin, srl, ar fud an chóras metro, a threoróidh timpeall an córas iad.

    Tá sampla eile san alt sin, faoina línte sin a mbíonn ar úrláir in ospidéil chun othair agus cuairteoirí a threorú timpeall na bardaí ar fad. Beidh na siombail thuas curtha ar na línte sin freisin, gach 5m nó mar sin, amach anseo.

    ReplyDelete
  4. Séard a chabhraíonn liom ná léarscáileanna agus grafanna a bhfuil patrúin in áit dathanna orthu.

    ReplyDelete
  5. Tuigim go gcabhraíonn patrúin, a Dennis, ach d'fhéadfadh le dearthóirí difriúla patrúin difriúla a úsáid in áiteanna difriúla. Is dócha gur iarracht é seo córas a chruthú a bheadh úsáidte agus sothuigthe ag gach duine - aon siombal amháin do gach dath i ngach comhthéacs.

    ReplyDelete