25.7.12

Cluichí Chaerdydd 2012

Tosóidh Cluichí Oilimpeacha (Londain) 2012 i gCaerdydd inniu. Sea, beidh an chéad chluiche - cluiche sacar na mban idir an Bhreatain agus an Nua-Shéalainn - inniu i Staid na Mílaoise. Tá an chathair réidh, tá bratacha crochta in gach áit, ach caithim a rá nach bhfuil mórán atmaisféir san áit - b'fhéidir go n-athróidh an scéal nuair a thosóidh na cluichí i gceart. Beidh 40,000 duine sa staid inniu - slua sách-maith - ach faraor, níl mórán éilimh ar na cluichí sacair eile go fóill.

Staid na Mílaoise, Caerdydd inniu.
Seachas veain nuachta ITV ní thabharfá faoi deara
go bhfuil an 'seó is mó ar domhan' ar siúl. 
Dála an scéil, conas atá an aimsir...

Tá go maith. Athrú mór ó thús na míosa.

1 comment:

  1. Ná déan aon rud leis an dea-aimsir a scanrú chun siúil! (Chuala mé go bhfuil an scairdshruth tar éis bogadh ó thuaidh.)

    ReplyDelete