11.7.12

An Mheitheal agus an tOigheann Cré

Tháinig naonúr déag le chéile inár ngáirdín cúil sa bhaile ar maidin gheal an tSathairn chun cabhrú linn oigheann cré a chruthú. Ba é an dara uair a chuaigh meitheal i mbun oibre ar thionscadal mar seo sa pharóiste, ach ba ar son m'athar a bhí siad ag obair an uair seo. Meascán d'fhir is de mhná - bean ó Pheiriú, agus WWOOFer óg ón Ostair ina measc. Seo daoibh torthaí a gcuid oibre.

1. An tArdán: Déanta as gnáth-bhrící dearga, le seastán beag de bhrící tine. Tá carn beag gainimh i bhfolach faoin bpáipéar, agus tógfar an gaineamh amach ó dhoras an oighinn nuair a bheidh an chré crua.

2. An chré: Tá trí shraith le cur ar an oigheann ina iomlán. Seo é an chéad sraith ina bhfuil 2 x cré, 1 x gaineamh, 1 x gairbhéal, uisce agus roinnt tuí. Fuair m'athair an chré ó fhoinse áitiúil, ach bhí orainn cuid mhaith oibre a dhéanamh chun é a ullmhú don lá. Déanadh turgnaimh roimhe seo chun an meascán is fearr a aithint. DAS, cheap na mná go ndéanfadh an chré maitheas dá gcosa, agus bhain siad na wellies uathu.

3. Brící: Ansin thosaigh muid ag cruthú brící beaga ón meascán. Bhí píosaí beaga adhmaid ag m'athair chun toirt na mbricí a mheas. Thosaigh muid le bricí cearnógacha ach tar éis tamaill, agus an t-oigheann ag dul in airde, bhí orainn taobh amháin den bhríce a chaolú ar nós "stad dorais". 

4. Tógáil: Seo é mo Dhaid (sa t-léine gorm) agus a fhoireann tógála ag cur an chéad chraiceann cré ar an gcarn gainimh. DAS, beidh an chéad mheitheal eile ag cabhrú le Ray - an fear eile sa phictiúr - oigheann eile a thógáil.

5. Deireadh an lae: An mheitheal oibre tar éis lá gníomhach a chaitheamh inár ngáirdín. Ní neart go cur le chéile.
6. Thíos faoin díon: Tá 'puball' cruthaithe ag m'athair chun an chré a chosaint ón aimsir le linn a triomaithe, agus ina dhiaidh. Déanann báisteach dochar don chré agus cruthaíonn grian láidir scoilteanna inti.

AN SCÉAL IS DÉANAÍ...

7. Triomiúchán: Seo mar atá an t-oigheann inniu - poll an dorais gearrtha amach ón gcré agus coinneall ag lasadh ina lár chun cuidiú leis an bpróiséas troimiúcháin. Is féidir an 'doras' a fheiscint faoi bhun an ardáin. Níl ann ach píosa adhmaid le murlán air.


4 comments:

  1. Oigheann le haghaidh aráin is a leithéid atá ann, an ea? Rud éigin cosúil le “hornos” na Zunis? Cé chomh luath agus a bheas sé ag obair? Céard a bheas le déanamh len é a chosaint ar an mbáisteach?

    ReplyDelete
  2. Bhí a fhios agam go mbeadh spéis agatsa ann, a Dennis!

    @ OIgheann le haghaidh aráin?
    Is féidir go leor leor rudaí a chócaráil ann. An chéad rud a bheidh sa cheann seo ná pizza - beidh pizza party ag Daid dos na hoibrithe ar fad nuair a bheidh sé críochnaithe. Ach is féidir arán, casaróil, feoil, srl. a chócaráil ann freisin. De réir mar a thuigimse, ní gá ach adhmad a dhó istigh ann ar feadh uair a chloig, na gríosaí a bhrú ar leataobh, agus an bia a chur díreach ar na brící tine. Bhí pizza party ag Irene (an bhean fhionn in uimh. 4 thuas) ina ceannsa agus bhí na brící fós te ag a 2.00i.n. an lá dár gcionn.

    @ Cosúil le 'hornos'?
    Déarfainn é. Ach go bhfuil sé níos lú agus tá doras ar an gceann seo chun an teas a choinneáil istigh ann. (Chuir mé breis pictiúr don doras agus don díon leis an mír thuas).

    @ Cé chomh luath is a bheidh sé réidh?
    Tá dhá chraiceann eile le chur air - ach ní theastóidh ach beirt nó triúir ar na laethanta sin. Ach táimid ag súil go mbeidh an pizza party againn i gceann míosa.

    @ cosaint ar an mbáisteach?
    Féach pictiúr 6 thuas.

    ReplyDelete
  3. DAS, ní thógann sé ach 2 nóiméad an pizza a chócaráil istigh ann. DHÁ nóiméad!

    ReplyDelete
  4. Bhabha! Iontach suimiúil ar fad, a John. Nár laga bhur gCé bhur gcur le chéile..:-)

    Agus, bainigí sult as an pizza, agus as an gcomhluadar.

    ReplyDelete