29.7.12

Corrfhocal corr


Tá a fhios agam go bhfuil litriú na Gaeilge deacair, ach... an bhfaca tú focal chomh corr aisteach leis an bhfocal "subpoenaed" thuas riamh, ó thaobh an litrithe de?!

Is cuimhin liom an focal "reupholsterer" a fheiceáil ar fhógra uair amháin agus cheapas go raibh cuma mhínádúrtha air freisin.


DAS, agus mé ag cuardú an focal 'corr' ar an bhFoclóir Beag, fuarthas an sainmhíniú seo ar an éan thuas...

corr: éan mór spágach muineálach tanaí a shiúlann trí uisce


"Spágach muineálach tanaí"... nach deas an cur síos sin orthu.

D'fhéadfá an rud céanna a rá faoi chuid mhaith luthchleasaithe i Londain ;)

4 comments:

  1. :-) Is fíor duit, cé nár thug mé an aisteacht faoi deara an chéad uair a léigh mé an ceannlíne.

    ReplyDelete
  2. Is fíor, ambaist. Faoi na lúthchleasaithe freisin.

    ReplyDelete
  3. @ "Spágach muineálach tanaí"... nach deas an cur síos sin orthu.

    Is deas, go deimhin..:-)

    Polaiteoir nó dhó a thagann chun cuimhne, chomh maith..;-)

    ReplyDelete
  4. @polaiteoir...

    ASG! Tá an ceart agat, faraor ;)

    ReplyDelete