26.7.12

Seirbhísí dóiteáin

Chuir Néidí ceist orm faoi sheirbhísí dóiteáin im' cheantar dúchais agus mé ag plé lasadh mhainistir Tintern le déanaí. Tá an stáisiún dóiteáin is cóngaraí dúinn suite i mbaile Ros Mhic Treoin - timpeall 25 nóim uainn. Ag breathnú ar an léarscáil thuas - ó Ollscoil Mhaigh Nuad - a léiríonn na stáisiúin ar fad sa tír agus na ceantracha sin is iarghúltaí maidir le seirbhísí dóiteáin de, ní muidne is measa sa tír. Is iad na ceantracha gorma - is féidir cliceáil ar an íomhá thuas chun é a mhéadú - na réigiúin is faide ó sheirbhísí dóiteáin. Mar shampla i gConamara agus tuaisceart Mhaigh Eo tá go leor daoine níos mó ná 30 nóim ó stáisiún dóiteáin, gan chaint faoi na h-oileáin. Is féidir codarsnacht a dhéanamh idir na seirbhísí ar dhá thaobh an teorainn anseo (agus in go leor seirbhísí eile).

Is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh NUIM. Is féidir go leor seirbhísí eile - ospidéil, aerphortanna, fiaclóirí, srl. - a sheiceáil ann freisin.

Seo ceann eile daoibh a léiríonn na seirbhísí T&E (A&E) sa tír (seirbhísí lán agus páirteacha san áireamh). Arís, tá difríocht mhór le feiceáil idir Poblacht agus Tuaisceart na hÉireann.



Agus seo thíos an léarscáil chéanna leis na seirbhísí lán amháin. Léiríonn na paistí móra gorma i Ros Comáin, an Clár agus iarthar Chorcaí/deisceart Chiarraí an tionchar atá ag polasaithe an rialtais seo maidir le seirbhísí éigeandála a ghearradh siar sna hospidéil bheaga. Tá ná ceantracha dúghorma 60-90 nóim ón ospidéal éigeandála 'áitiúil'. 


AGUISÍN...

Luaidh Néidí sna tráchtanna thíos go raibh easpa seirbhísí dóiteáin in iar-dheisceart Chorcaigh go dtí gur cuireadh seirbhís áitiúil ar siúl. Seo thíos mapa den réigiún sin - tá an Scoil suite sa phaiste beag dearg gar do Charn Uí Néid (Mizen Head) agus tá tionchar na seirbhíse sin le feiceáil ar an gceantar máguaird. Léiríonn sé cé chomh tábhachtach is atá seirbhísí áitiúla mar sin i gceantracha iarghúlta.


2 comments:

  1. Chuireas an cheist mar ar an gCruachán bhí tine agus mé ann. Ní raibh dada le déanamh ach breathnú air. Bhí an briogáid dóitean ar an Sciob nó b'fhéidir Baintrí. Anois tá briogóid dóitéan deonach áítiúil acu.

    ReplyDelete
  2. De réir na léarscáile, tá seirbhís dóiteáin le fáil ar an Scoil anois, ach tá an Cruachán 23 nóim uaidh fós. Chuir mé íomhá ón léarscáil leis an mír thuas.

    ReplyDelete