23.7.12

Filleadh ón bhFaoiseamh

Oirthear na hinse, ag féachaint i dtreo Chnoc Maol Réidh
Ar ais i gCaerdydd grianmhar, tar éis seachtain a chaitheamh in Éirinn. Thugas cuairt ar Inis Bó Finne (na Gaillimhe) ar feadh cúpla lá... áit ina bhfuair mé faoiseamh... ag siúl, ag snámh, ag seinm, agus ag éisteacht le glaoch na dtraonach.

Ar theacht dom abhaile, fuarthas an scéal go raibh gadaithe tar éis ionsaí a dhéanamh ar mhainistir Tintern (atá in aice an bhaile) agus an fáiltiú agus an caifé a chur trí thine. Tá an déistin orainn uilig sa bhaile. Ar nós ionsaithe ar an bpobal ar fad. Níl tásc ná tuairisc ar na cladhairí a rinne an damáiste agus a sciob taisceadán leo le suim bheag airgid. Agus ar bhealach, is cuma... ní bheidh fáilte ná faoiseamh le fáil sa mhainistir go ceann i bhfad.

Dóite is gan díon - iar-sheomra fáilte na mainistreach

2 comments:

  1. Is mór an trua gur tharla sin. An bhfuil briogóid dóitean áisiúl go leor daoibh. Nó an turas fada a bhí ann dóibh?

    ReplyDelete
  2. Turas fada go leor a Néidí. Leathuair ó Ros Mhic Treoin. An fhadhb ba mhó a bhí ann ná nach raibh éinne thíos ag an mainistir ag an am (tharla an eachtra go luath ar maidin) agus ní raibh éinne ann chun glaoch a chur ar na fir/mná dóiteáin.

    ReplyDelete