13.7.12

Lochach


Nach deas an íomhá thuas? Cuireann sé ealaín Jackson Pollock i gcuimhne dom. Is grianghraf saitilíte é ó shuíomh idirlín NASA a glacadh de thírdhreach lochach thuaisceart Cheanada - nó Nunavut chun a bheith cruinn. Is sampla de ghrianghraf bréag-daite é, ar a bhfuil dath dearg ar thalamh agus dath gorm/glas/dubh ar uisce ag braith ar an méad dríodair atá iontu.

Cuireann sé dhá áit in Éireann i gcuimhne dom.

Portach Chloch na Rón ar a bhfuil cur síos draíochtúil scríofa ag Tim Robinson ina leabhar Connemara: Listening to the Wind...


...agus Co. an Chabháin, neamh na n-iascairí i measc na ndroimníní.


5 comments:

  1. Tá chóir a bheith 3D ar mo scáileán! Síorshioc na talún is cúis leis na locha uilig i gCeanada, nach ea?

    ReplyDelete
  2. Sea, de réir an ailt cruthaíodh na mílte locha beaga faoi mar atá sa phictiúr thuas le gluaiseacht na n-oighearchlúideach na mílte bliain ó shin.

    Is léir domsa gur féidir Ceanada a roinnt ina trí chuid ó thaobh na locha de. Ritheann banda de locha ollmhóra trí lár na tíre ó Great Bear Lake agus Great Slave Lake síos go Lake Winnipeg, Lake Superior agus Lake Ontario. Ar an taobh thoir den líne sin tá na mílte mílte locha beaga le fáil i Nunavut, Northwest Territories, Saskatchewan, Manitoba, Quebec, agus Labrador. Ach ar an taobh thiar den líne sin tá sé tirim go leor, bhuel i gcomparáid leis an oirthear. Tá go leor locha le fáil sna Rockies mar shampla.

    Deirtear go bhfuil breis is 31,000 loch sa tír ina iomlán. Is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan má thógtar an t-uisce san áireamh. Titeann sé go dtí an ceathrú háit gan iad!

    ReplyDelete
  3. GRMA agat as m'aird a tharraingt ar an suíomh siúd.

    ReplyDelete
  4. @ Cuireann sé dhá áit in Éireann i gcuimhne dom.

    'Súil eile' agat, a John..;-)

    ReplyDelete
  5. @ ormondo: Is maith an suíomh é. Bíonn pictiúr nua acu gach lá ann, agus eolas ag dul leis.

    ReplyDelete