26.8.12

Contaeghrá

"Wú húúú Dún na nGall!" arsa Áine sa téacsteachtaireacht. Níl fáil ar an idirlíon aici faoi láthair, fabht eile a deireann sí, agus bhí sí ag iarraidh a sceitimíní i ndiaidh bhua na bpeileadóirí a roinnt ar bhealach éigin. Agus tuige nach mbeadh? Cluiche breá bríomhar spórtúil a bhí ann.

 

Agus mé ag caint faoin CLG, cheannaigh mé an mála álainn seo inniu. Beidh sé ag teacht ar ais go Caerdydd liom amárach agus á iompar go bródúil agam timpeall na cathrach ansin (cé nach bhfuil faic buaite againn i mbliana). Tuigim an tóir a bhíonn ag cailíní ar mhálaí anois ;)


I gcomparáid le mo mhála contaeghrách, tá aitheantas scitsifréineach ag an ngluaisteán 'Gearmánach' a chonaic mé ag fanacht ar an long go Ros Láir an tseachtain seo caite. An ón nGearmáin nó ó Éire a thagann sé?!

9 comments:

  1. Bhí muide sáinnithe taobh thiar de bhus lán de tacadóirí Corcaigh ar Bóthar Nás inne roimh an gcluiche. Níor thuig mé cén fáth go rabhadar ag taispeáint na méara dúinn - go dtí gur chuimhnigh mé gur clár uimhir as Dún na nGall atá againn!

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, tráthúil go leor is as Eichstätt an clár uimhir úd. i. Doire!

    ReplyDelete
  3. @Néidí: Fuair mé sa SuperValu áitiúil é. Chonaic mé ceann Ciarraíoch agus mé sa Ríocht an tseachtain seo caite, so sílim go bhfuil siad le fáil ar fud na tíre.

    @aonghus: Ar ndóigh, níor chóir go mbeadh éinne ag taispeáint aon rud ach sibhialtacht duit, ach ar a laghad bhí cúis leis - cé gur cúis neamhchúiseach a bhí ann. Doire?? An é go bhfuil an t-aon ollscoil Chaitliceach sa tír le fáil ann?

    ReplyDelete
  4. Eiche = Dair.
    stätt = áit.

    Ní thuigim an baint le ollscoil Chaitliceach? Tá ceann ann, cinnte ach ní dóigh liom gurbh an t-aon cheann sa Ghearmáin é.

    ReplyDelete
  5. Ahhh, níor thuig mé an ceangal idir an dá ainm, mar sin chuaigh mé ag lorg eolais faoin gcathair ar an diabhal Wikipedia. De réir dealraimh, is í ollscoil Eichstatt-Ingolstadt an t-aon ollscoil Chaitliceach sa Ghearmáin/Ostair/Eilvéis.

    ReplyDelete
  6. Tharlódh sin a bheith fíor: is an Stáit atá i bhfeighil na hOllscoil sa Ghearmáin mar atá abhus, don gcuid is mó. Ach is an Eaglais atá mar "Traeger" ar an Ollscoil úd.

    ReplyDelete
  7. Ar ais arís - faoi dheireadh!

    Go raibh maith agat, a John, as mo 'wúhúú' a roinnt ar mo shon i m'uireasa..:-)

    ReplyDelete