13.8.12

DÁN AG TEASTÁIL

A chairde, beidh Lá Eorpach na dTeangacha ar siúl arís i mbliana agus beidh oíche chéiliúrtha san ollscoil cosúil leis an ócáid anuraidh, nuair a léadh 14 dán in 14 teanga éagsúla, an Ghaeilge ina measc. Léigh cara liom san ollscoil dán le Seán Ó Ríordáin anuraidh agus, toisc go bhfuil an cara sin imithe ón ollscoil anois, ba mhaith liomsa cur isteach air i mbliana.

'Sé "téama" na hócáide an uair seo ná:

POBAL

Moltaí ar bith uaibh??

Beidh orm aistriúchán Béarla a chur ar fáil freisin, so má tá aistriúchán déanta ar do rogha dáin cheana féin chabhródh sé go mór liom.

Níl deifir oraibh go fóill, tá an spriocdháta i lár mhí Mheán Fómhair.

7 comments:

  1. “i measc mo dhaoine, ar oileán mara” ?

    ReplyDelete
  2. Ceann deas gairid ansin agat, a Dennis. Agus an t-aistriúchán seo le Rossa Ó Snodaigh: http://mooncountry.wordpress.com/2005/06/13/faoiseamh/

    ReplyDelete
  3. Bhfuil dán nuachumtha uait, nó ceann atá cumtha cheana?

    ReplyDelete
  4. Ceist mhaith, a Áine. Sílim gur b'fhearr liom dán nuachumtha, chun an téama a phlé ar bhealach comhaimseartha. Ach, chun an fhírinne a rá, ní bheidh ann ach blaiseadh beag den teanga, agus mar sin roghnóinn sean-dán dea-scríofa in áit ráiméis nuachumtha ;)

    Thaitin dánta Nuala Ní Dhomhnaill liom i gcónaí ach ní ritheann dán faoin bpobal liom óna cuid saothar.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. “i measc mo dhaoine, ar oileán mara” - dob é go díreach an dán a rith liom ar léamh dom "POBAL"!

    De réir mar a fheicimse é tá dhá phobal i gceist sa dán: an pobal a dteitheann an file roimhe agus an pobal atá mar thearmann dó, mar atá a dhaoine féin a bhfaigheann sé faoiseamh ina measc. Ach ní fhanann sé ach "seal beag gairid"! D'aon ghnó nó an é nach bhfuil an dara rogha aige (cruóg oibre thoir sa chathair agus a leithéid)?

    Nach fíor gurb ann do dhaoine aon phobail agus do dhaoine dhá phobal?

    ReplyDelete
  7. Bhíos ag éisteacht le podchraoladh den chlár An Saol Ó Dheas inniu a taifeadadh ar oileán Chléire, agus bhíodar díreach ag plé an ábhair seo! Teacht agus imeacht na ndaoine ón oileán, idir dhúchasaigh agus thurasóirí, agus na rudaí a mealltar ar ais iad bliain i ndiaidh bliana.

    ReplyDelete