29.8.12

Gradaim na mBlag(anna)

Toisc nach bhfuil suaitheantas Gaeilge curtha ar fáil ag Blog Awards Ireland, tá an leagan Gaeilge seo thíos cruthaithe agam (go tapaidh, agus gan mórán aire a thabhairt don chló).

Tá fáilte romhaibh siúd atá ainmnithe cóip a shábháil agus é a thaispeáint go bródúil ar bhur mblaig féin. Ní raibh spás don uimhir iolra 'blaganna' ar an suaitheantas, mar sin tá uimhir iolra neamhchaighdeánach á úsáid agam... go, ahem, gearrtéarmach. Sure, déanfaidh sé cúis.






1 comment:

  1. Ná bí buartha faoi 'neamhchaighdeán' a chara, mar b'fhéidir, nuair a bhíonn súil ar bhua, gur cuma faoi - tá bratacha le 'Dún na Gall' scríofa orthu á ndíol anseo i mBun Cranncha!

    ReplyDelete