11.8.12

Parkie bocht


A ghaela, is léir nach fíor-Ghael fíor-Ghaelach mise ar chor ar bith, mar níl an leabhar An Béal Bocht léite agam go dtí seo. Bhuel, tá sé beagnach léite agam anois tar éis dom sean-chóip a cheannach i siopa Charlie Byrne's (cá háit eile?) le linn turas go Gaillimh le déanaí. Ag baint an-phléisiúir as an leabhar... tuigim anois an tóir a bhíonn ar Myles na gCopaleen agus a ghreann glic searbh.


Ach ag breathnú ar aghaidh an chréatúir bhoicht ar chlúdach an leabhair, chuir sé fear eile go mór i gcuimhne dom. An bhfeiceann éinne eile gnúis an tsean-fhir sna pictiúir thíos de Michael Parkinson?! 


A Mhichilín bocht... ní mó ná sásta a bheadh sé leis an gcomparáid sin.


2 comments:

  1. a) Faoi dheireadh thiar thall! Beidh do shaol i bhfad níos saibhre dá bharr.

    b) Tá mé cinnte go bhfuil an aghaidh sin le feiceáil ar níos mó ná fear amháin.

    c) Ar an drochuair do na Gaeil bhochta, tá na léaráidí is fearr, le Ralph Steadman, san aistriúchán Béarla den leabhar, ní sa leabhar atá agat. Féach na samplaí anseo.

    ReplyDelete
  2. @ A Mhichilín bocht... ní mó ná sásta a bheadh sé leis an gcomparáid sin.

    ASG! Ní dóigh liom go mbeidh Parkie á léamh seo, a John, ach tá sé cosúil Myles na léaráide, gan dabht ar bith..:-)

    An leabhar agam, ach níl sé léite agam fós.

    ReplyDelete