28.8.12

Monapsonacht

D'fhoghlaim mé focal nua le déanaí... an focal monapsonacht, nó 'monopsony' sa Bhéarla.

Bhí mé féin agus cara ag spaisteoireacht sa bhaile nuair a d'iarr mo dhuine orm, "Cad a dhéantar leis an eorna ar fad a fhásann sa cheantar?"
"Ar aghaidh go Guinness leis an gcuid is mó de", arsa mise, go heolach.
"Ó sea", arsa mo dhuine agus eisean i bhfad níos eolaí, "Chuala mé go raibh monapsonacht ag Guinness ar eorna na tíre seo".

Tuigimid go léir go mbíonn monaplacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach soláthróir amháin le fáil, m.s. an mhonaplacht a bhí ag an ESB sular tháinig Airtricity agus na soláthróirí leictreachais eile ar an bhfód. Ach bíonn monapsonacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach custaiméir amháin ann. Mar sin, beagnach, le Guinness agus eorna na hÉireann.

DAS, bronnadh an muga péatair seo ar mo shean-athair de bharr ardchaighdeán a eorna fadó fadó. Cuireadh an eorna sin ar aghaidh go... bhuel... Guinness, ar ndóigh ;)


1 comment:

  1. Is deas an rud an muga sin a bheith agat, a John, agus scéal deas ag dul leis, freisin..:-)

    Fáil agam ar an idirlíon arís - wúhúúúú eile!

    ReplyDelete