3.8.12

Ciapadh gnéasach

alt suimiúil sa Guardian faoin bhfíseán seo thíos, a taifeadadh sa Bhruiséal faoi fhadhb an chiaptha ghnéasaigh i 'bpríomhchathair na hEorpa'.



Níl sa físeán seo ach blaisín den chlár faisnéise, ach léiríonn sé go rí-shoiléir cé chomh mór is atá an fhadhb sa lá atá inniu ann. Ní chloistear mórán faoi i ndáiríre? An é nach bhfuil an fhadhb chéanna againn in Éirinn? Nó an bhfuil an cheist sin soineanta? Caithim a admháil nár chuala mé riamh fir ag caint mar sin im' shaol - i mBaile Átha Cliath ná i Londain - ach b'fhéidir go mbíonn mná óga ag cur suas leis an gciapadh seo ina n-aonair go ciúin rúnda. Deirtear in alt eile sa Guardian go mbíonn 4/10 de mhná i Londain ag fulaingt leis.

2 comments:

  1. Bhabha! Níl focla agam! Nach mór an náire iad..:-(

    Agus, an bhfaca tú é seo", a John? Ní gá gur ar an tsráid amháin a tharlaíonn an cineál ruda seo, is cosúil.

    ReplyDelete
  2. Bhabha eile. Ní fhaca mé é sin, a Áine.

    Tá súil agam go dtosnófar díospóireacht phoiblí faoin ábhar anois agus an clár faisnéise seo tar éis teacht chun solais. Mar a dúirt mé thuas, ní chloistear mórán faoi anseo, ach ní hé sin le rá nach bhfuil sé ag tarlú.

    ReplyDelete