Trí chuid den chultúr Breatnach anseo...
An tírdhreach: Thug mé cuairt ar na Brecon Beacons le gairid, áit álainn iarghúlta leathuair ón gcathair.
An teanga: Focal eile dom' fhoclóir Gaeilge/Breatnais.
Cnau = Cnónna
An greann: Tá an siopa seo an-ghar do IKEA. Is cosúil go bhfuil siad faoi bhrú! Dornaisc (nach deas é an focal sin?) saor in aisce le gach leaba.
Amhrán ag Teacht ar an Saol
12 hours ago
Is breá liom an bóithrín sin! Is fíor duit maidir le “dornasc”. Is maith liom an focal “ordnasc” freisin. Focal Sean-Ghaeilge é. Is cosúil go raibh siad faiseanta míle bliain ó shin. Tá dhá cheann agamsa, ach d'éirigh mé as iad a chaitheamh cúpla bliain ó shin. Le fírinne, ní maith liom fáinní. Níor chaith mé dornaisc riamh. Caithfidh sé nach bhfuil mé sách dána. Agus tú féin?
ReplyDelete;-)
Ha. Níl dornaisc agam ach oiread, cé go bhfuilim sa chathair cheart dóibh. Ní fhaca mé a leithéid de hen nights riamh. Agus dá bhfeicfeá na 'cearca'. B'fhearr leat i bhfad na hordnaisc!
ReplyDeleteASG! Maith sibh beirt, as gáire a bhaint as bean le cloigeann tinn ar maidin...:-)
ReplyDeleteIs maith liom an focal sin 'dornasc', focal nach raibh cloiste agam cheana, agus beidh orm rud éigin a scríobh faoi, gan dabht...;-)