22.8.10

Ábhair teanga d'fheabhsaitheoirí?

Chomh maith le roinnt Ghaidhlig a fhoghlaim, chaith mé an tseachtain seo ag cur feabhas ar mo Ghaeilge ag éisteacht leis na Gaeilgeoirí eile sa rang. Chuala mé focail agus phrásaí nua a bhaineann le cánúintí áirithe. Gnáth-phrásaí úsáideacha a bheadh go nádúrtha ag cainteoir dúchasach. Ach anois, ar ais i gCardiff, níl seans agam labhairt as Gaeilge taobh amuigh den ollscoil. (Agus ní mór an seans taobh istigh dó ach oiread).

An bhfuil ábhair teanga le fáil d'fheabhsaitheoirí? Ní foclóirí atá i gceist agam. Ná leabhair gramadaí. Tá siad agam cheanna féin. Ach leabhair nó dlúthdhioscaí a mhúinfeadh nathanna cainte nádúrtha dom? A gcabhródh liom an Béarlachas a sheachaint. Agus a gcuirfeadh snas le saibhreas mo chuid cainte. Ar chóir dom éisteacht le cláracha áirithe raidió nó teilifíse ar an idirlíon? (Airím an clár Focal Faire fós uaim.) Nó úrscéalta Gaeilge? Cad a dhéanann sibh féin? Moltaí le bhur dtoil...

5 comments:

  1. Léim féin leabhair le Joe Steve Ó'Neachtain, mar shampla agus, ó am go chéile, bím ag éisteacht le RnaG agus TG4 nuair a bhíonn cainteoirí dúchasacha ag labhairt le cainteoirí dúchasacha eile, áit a gcloisim nathanna cainte ag teacht tríd an gcaint, go nádúrtha.

    Freisin, tá an Domhnallach agam, bean le Gaeilge dhúchasach, bean ar a scairtim, ó am go chéile nuair a bhím amhrasach faoi mo Bhéarlachas féin, agus leagan dúchasach d'abairt uaim, abair.

    Go deimhin, léann sí mo bhlag agus faighim ríomhphost uaithi, anois is arís, na focail 'le plé' mar theideal, agus abairt/abairtí nó focal/focail i gcorp an ríomhphoist - faoin am a bhíonn siad pléite againn, bíonn, ahem, athrú nó dhó le déanamh agamasa...:-)

    Mo mholadh - fáigh Domhnallach duit féin...;-)

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Áine, caithfidh mé leabhar le Joe Steve a cheannach ar-líne. Chuaigh mé ag cuardú leabhar i leabharlann na hollscoile inniu. Ar chuala tú trácht ar "Gaoth an Fhocail" le Breandán Ó Doibhlin riamh? Is 'foclóir analógach' é, a chabhraíonn le 'cumas friotail duine a mhéadú'. 'Séard atá ann ná liosta focal a théann le chéile agus na briathra a d'fhéadfaí cur leo. Is cineál thesaurus atá ann i ndáiríre. Caithfidh mé léirmheas níos cruinne a scríobh faoi i ndiaidh dom é a léamh.

    ReplyDelete
  3. Is “thesaurus” é an leabhar leis an Doibhlineach, agus is maith ann é. Leabhar eile a bheadh suim agat ann ná Díolaim d'Abairtí Dúchasacha le Maolmhaodhóg Ó Ruairc.

    Ón gclúdach cúil:

    “Bailiúchán é seo d'abairtí meafaracha agus samhailteacha a baineadh as Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill agus iad rangaithe faoi cheannfhocail Bhéarla. Is geall le foclóir frásaí é mar sin a bheadh fíorúsáideach ag scríbhneoirí agus ag foghlaimeoirí....”

    ReplyDelete
  4. Míle buíochas díbh. Tá "Salann Garbh" le Joe Steve agus "Díolaim d'Abairtí Dúchasacha" ar an mbealach chugaim ó litríocht.com. Is suíomh iontach é - cé gur chosnaigh an postáil EUR8.80 8(

    ReplyDelete
  5. An bhfuil a fhios agaibh, a fheara, ach tá na trí leabhar sin agam.

    Tá Salann Garbh ag colbha mo leapa (Nuala a cheannaigh dom é), agus tá an dá leabhar eile taobh liom ar an deasc.

    Bain sult as na leabhair nua, a John!

    ReplyDelete