10.8.10

Gafa le madraí uisce

OK, admhaím go bhfuil neart scríofa agam faoina madraí uisce le gairid, ach caithfidh mé scéailín eile a insint daoibh futhu.

Mar a dúirt mé cheana, chonaic mé madra uisce amuigh ag fiach nuair a bhí mé sa mbaile. Ní fhaca mé a leithéid riamh, agus d'inis mé an scéal faoi do fheirmeoir áitiúl sa tábhairne an oíche sin. Bhí scéal aige fhéin futhu, ar ndóigh. 

Do tháinig sé ar mhadra uisce sínte ar thaobh an bhóthair lá amháin, leagtha le gluaisteán agus marbh. Chaith sé sa bhúit é agus ar aghaidh leis abhaile chun glaoch a chur ar an seitheadóir. Bheadh costas EUR250 air é a dhéanamh. Bhuel, bhí sé sin i bhfad róchostasach dó.

"I still have him in the freezer", a dúirt sé liom go dáiríre.

"And that was four years ago". Ní raibh sé ag magadh.

"Would you like him?"

Níor ghlac mé leis, faraor! Ach tá íomhá fós i m'aigne do mhadra uisce bocht ina luí ar mhála piseanna sa reoiteoir.

Dála an scéil, táim chun an tseachtain seo chugainn a chaitheamh ar oileán Sgiathanach, nó Eilean a' Cheo, agus deirtear sa leabhar turasóireachta go bhfuil go leor madraí uisce ann. Tá tearmann dóibh, fiú, i ndeisceart an oileáin. Ach tuilleadh faoi sin le teacht...





3 comments:

  1. Ní raibh an focal sin 'seitheadóir' ar eolas agam, ach ní haon ionadh é sin, mar nach bhfaca mé aon ainmhí seithithe go dtí go raibh mé i mo dhuine fásta.

    Deacair a chreidiúint go bhfuil madra uisce fós sa reoiteoir aige - ugh!

    Ar a laghad, fuair an rud bocht bás timpisteach, seachas bás dolta dolabhartha.

    ReplyDelete
  2. Seo alt duit faoi bhean a dhéanann “sporain” (.i. sparáin) as roadkill.

    ReplyDelete
  3. ASG! Ar a laghad ní bheadh fadhb agat le piocairí póca.

    ReplyDelete