12.8.10

Óstán Taj Mahal

Athosclóidh Óstán Taj Mahal i Mumbai an deireadh seachtaine seo i ndiaidh dhá bhliain agus £24 milliún a chaitheamh air. Maraíodh 166 duine san óstán i 2008 nuair a ionsaíodh é. Míleataigh ón bPacastáin a bhí ciontach as an ionsaí.

Foilsíodh pictiurí inniu don óstán nua, a bhunaíodh céad bhliain ó shin, i ré impireacht na Breataine. Thugas faoi deara go raibh cosúlachtaí idir an óstán agus foirgneamh in Éireann, a bhaineann leis na Breatanaigh chomh maith.

Ceann amháin a mheall uasaicmí na hImpireachta i bhfad ón mBreatain...




























...agus an ceann eile, a choinnigh smacht ar íosaicmí na réabhlóide níos gaire don bhaile.
















2 comments:

  1. An rud atá brónach ná go bhfuil a lán lán daoine fós san India inniu a bheadh an-sásta dá mbeadh lóistín chomh maith leis an dara ceann acu.

    ReplyDelete
  2. Agus sílim go mbeadh daoine ann a bheadh breá sásta dá mbeadh cuid acu thuas thíos...:-)

    ReplyDelete