3.8.10

Lacha Gaga
















Nílim róshásta bheith ar ais i gCardiff th'éis saoire deas fada a chaitheamh sa mbaile. Tá an teach ina phraiseach agus an iomarca le scríobh agam don choláiste. D'éirigh mé níos measa fós nuair a chonaic mé fáinne sábhailteachta caite sa chuan gar don teach. Duine gaga eile, ar ndóigh. Ar a laghad bhí lacha ag baint sult as agus cuma gaga air chomh maith.

Ó lacha gaga go Lady Gaga, tá moladh faighte ag an bpopceolaí le déanaí agus a gruaig athraithe go liath aici ar chlúdach Vanity Fair. Agus nach bhfeileann sé di? Tá a fhios agam go bhfuil an hair dye costasach, a chailíní, ach seans go bhfaighfeá bus pass leis.











1 comment:

  1. Chuir mé dath liath i mo ghruaig geábh, nuair a bhí mé i bhfad níos óige, agus chuir sé aois nach beag orm!

    B'fhéidir go bhfuil an dye 'blonde' costasach, ach is maith ann é...;-)

    ReplyDelete