Bhuel, táim ar ais ar an idirlíon th'éis seachtain spreagúil a chaitheamh ar Eilean a' Cheo ag foghlaim Gàidhlig. Bhí mé "cho sona ri bròg" ann - nó chomh sásta le bróg - agus cén fáth nach mbeadh? Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, bia deas sláintiúil ar an mbord chuile oíche agus buíon chairdiúil Ghaeilgeoirí sa rang liom. Ní fhéadfainn foireann agus áiseanna Sabhail Mor Ostaig a mholadh níos airde.
I ndiaidh dom 12 uair a thiomáint ar ais inniu, táim traochta. So, fanfaidh mé im' thost agus fágfaidh mé libh le pictiúir ón tseachtain...
Ó radharc álainn...
Go hadharca álainne.
An Garraí Glasraí
D'fhéadfainn fanacht ag obair ann go deo.
Orange Turd
5 days ago
Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear (nó ar an taobh eile den chaolas sa chás seo) agus radharcanna fada ar an tír féin.
ReplyDeleteTha mi toilichte gun do chòrd Eilean a' Cheo riut!
Ag breathnú ar an gcéad phictiúr sin thuas, shílfeá gur i gConamara a tógadh é! Ach, tá an bóthar róleathan...:-)
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a John. B'fhéidir go rachaidh mé féin ann, lá éigin...
Lig do scíth anois, a chara!
Tapaidh leat, a Dennis.
ReplyDeleteMaidir le comparáid idir Éireann agus Alba, tá an tírdhreacht cosúil lena chéile ach go bhfuil an Alban i bhfad Éireann níos iargúltaí. Príomhbhóithre an oileáin gan trácht ná tithíocht orthu le mílte. Sin ráite, dúirt fear ar an gcúrsa liom go raibh sé an-chosúil le Tír Chonaill. Faraor, níl do cheantarsa feicithe agam go fóill, a Áine.
Cheapas féin, i ndiaidh dom cuairt a thabhairt ar na h-Eileanan Siar (Leodhas, Uist, Barra, srl.) nach raibh na daoine chomh cairdiúil linn. Amhrasach faoi stráinséirí agus gan atmaisféar bríomhar sna tithe tábhairne, ach a mhalairt ar fad ar oileán Sciathánach. B'fhéidir go bhfuil tionchar ag an méad turasóirí orthu ach tá muintir an oileáin breá cairdiúl agus réidh le caint.
Beidh alt faoin tionól seo le Hilary in An Gael (eagrán an fhómhair) go luath.
ReplyDelete