No, ní faoin "bPictiúr Sin" do Dennis atáim ag caint... ach stumpa crainn i bPáirc Bute, Cardiff, ar a bhfuil ainmhithe snoite san adhmad ag ealaíontóir áitiúil. Nach bhfuil siad gleoite? Úsáideadh sábh slabhrach chun na dealbha a shnoí, rud a chuireann iontas orm: gur féidir rud chomh ealaíonta ornáideach a chruthú le huirlis chomh garbh sin. Cuireann sé amhráin Shane McGowan i gcuimhne dom, nó spéirlíne Nua-Eabhrac. Tá samplaí eile dó scaipthe timpeall na páirce. 'S dócha gur cineál fearrchúrsáil atá iontu.
k. 252 Aimhleas Biden
13 hours ago
Álainn!
ReplyDeleteAgus diabhal locht ar na stumpaí crainn ach an oiread...:-)
Fíor-dheas! Nuair a leagadh a lán crann i stoirm mhór anseo sa bhliain 1993, bhain fear amháin sa chomhsanacht feidhm ealaíonta as stumpa amháin. Níl mé i mo chónaí sa chomhsanacht sin níos mó, ach tá an t-iolar ann fós.
ReplyDeleteCooool. Sheol mé r-phost chuig an gComhairle Cathrach le sonraí an ealaíontóra a fháil. Ba bhreá liom ceardlann sa chineál sin dealbhóireachta a dhéanamh.
ReplyDelete