9.8.10

Ar chúl an tí

Ní raibh gach rud ina phraiseach nuair a tháinig mé abhaile ón saoire. Bhí rud amháin ag fanacht orm a chuir gliondar ar mo chroí. Ar chúl an tí, sa gharraí beag lom, bhí (agus tá) ár gcrann, aonarach, piorraí clúdaithe le torthaí.



Nach bhfuil sé go hálainn. Tá na piorraí fós crua, ach beidh siad réidh go luath agus ba mhaith liom deoch nó bia a dhéanamh uathu - is mise an garraíodóir, ní gá dom iad a roinnt ;) So, má tá recipe i gcomhair leann nó cáca nó sorbet agaibh, bígí i dteangmháil le bhur dtoil.

PS. Seo é an crann níos luaithe sa bhliain agus é faoi bhláth. Aoibhinn i rith an Earraigh, torthúil i rith an Fhómhair. 


4 comments:

  1. Féadann duit fíon piorra a dhéanamh.

    http://homepage.ntlworld.com/scrumpy/cider/homepage.htm
    http://www.easy-wine.net/homemade-pear-wine-recipe.htm

    ReplyDelete
  2. Iontach! Fíon piorra, níor ól mé a leithéid riamh. GRMMA a Sheáin. Caithfidh mé triail a bhaint as.

    ReplyDelete
  3. Ní dhearna mé riamh é, ach bhlais mé. Is maith liomsa é. Ádh mór ort!

    ReplyDelete