Nochtadh locht gramadaí ar an mblag seo seachtain ó shin ar phrása a bhí aistrithe agam le cabhair ó Ghoogle, nuair a scríobh mé: "Mar bhíonn dhá theanga agam". (Táim
cinnte nach é mo chéad bhotún, ach ceann bunúsach náireach a bhí ann). Táim buíoch de Dennis as ucht an cheachta.
[...] Nuair a úsáidtear “mar” mar chónasc (= because), ní shéimhíonn sé an focal ar a lorg: mar tá, mar bíonn.
[...] Ní rabhas cinnte faoin séimhiú i ndiaidh 'mar' sa chás sin. Ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam... ach rinne mé cuardach ar Ghoogle do "mar bíonn" agus "mar bhíonn" agus bhí níos mó ann leis an séimhiú. Is léir nach féidir brath air. Arís, ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam.
Tá sé ró-éasca/róthapa phrásaí a aimsiú ar chuardach Google, seachas na rialacha ghramadaí a chuardú i gceart sna leabhair. Agus mise a bhí thíos leis.
An úsáideann sibhse cuardaigh mar sin uaireanta? Nó, an mise an t-aon duine leisciúil anseo? An bhfuil acmhainn leictreonach eile a bheadh níos oiriúnaí don chineál ceiste seo?
***
Ní thuigim conas a bhfaightear na torthaí ach, dála an scéil, ní hionann na hinnill chuardaigh ar fad. Seo hé liosta torthaí ar na hinnill chuardaigh is coitianta ar an idirlíon.
Google: mar bhíonn: 4160, mar bíonn: 2820
Yahoo: mar bhíonn: 225, mar bíonn: 714
Bing: mar bhíonn: 64, mar bíonn: 212
Ask.com: mar bhíonn: 1950, mar bíonn: 1330
B'fhéidir gur chóir dúinn Bingáil in áit Googleáil amach anseo?!