6.9.10

Greann Gaeilge/Béarla

Neacht, neacht.
Who's there?
Two nieces.

***

Why are Gaeltacht girls the best kissers?
Mar bíonn dhá theanga acu.

(Tá brón orm!)

9 comments:

  1. Argh.

    An bhfaca tú an t-léine a bhfuil “B'fhéidir go bhfuil, B'fhéidir go won't” scríofa uirthi?

    Dála an scéil, tá H-thrasplandú ag teastáil idir “bhíonn” agus “teanga”.

    ReplyDelete
  2. Úps. Eagraithe anois! Bhíos fhéin chun t-léine a chruthú agus a dhíol ag an bhFleadh do lucht an mhileoidin le PÓG MO HOHNER air. Ach níor dhein :(

    ReplyDelete
  3. HA, is aoibhinn liom an suíomh sin GaelShirt, a Denis. "Peigín, Litir Mhór". Iontach!

    ReplyDelete
  4. Eagraithe anois!

    Leath-eagraithe. Nuair a úsáidtear “mar” mar chónasc (= because), ní shéimhíonn sé an focal ar a lorg: mar tá, mar bíonn

    ReplyDelete
  5. Argh gan amhras.

    (An bhfaca sibh Law Bra Sow Ra ón dream céanna?)

    ReplyDelete
  6. Cén chanúint Ghaeilge a labhraítear ar an ngealach?
    Gaeilge na Moon.

    ReplyDelete
  7. @ Dennis: úps eile. Bhí H-block agam inné. Ní rabhas cinnte faoin séimhiú i ndiaidh 'mar' sa chás sin. Ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam... ach rinne mé cuardach ar Ghoogle do "mar bíonn" agus "mar bhíonn" agus bhí níos mó ann leis an séimhiú. Is léir nach féidir brath air. Arís, ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam.

    @ Aonghus: Chonaic, ach níor thuig mé é. Is maith liom Spare Bhean chomh maith.

    @ Cailliomachas: ASG!

    ReplyDelete
  8. Caidé fá 'Mar go mbíonn ...' ina áit?

    ReplyDelete
  9. Ní dóigh liom, a Shanna, ionas nach ndeirtear sin, as siocair go bhfuil sé as an ord, féachaint nach iondúil a leithéid, toisc go bhfuil 'mar bíonn' mar ba chóir, mar atá. Mar shampla, ní ionann an bhrí de 'mar' in 'mar bíonn' agus 'mar shampla' de bhrí is go dtugtar 'since/because' ar cheann acu agus 'as/like' ar an gceann eile. Cad fádúda sin!?

    ReplyDelete