4.6.11

Ní maith liom cruicéad...

...is breá liom é.


Chonaic mé mo chéad chluiche cruicéid riamh anocht sa Staid SWALEC anseo i gCaerdydd, le Glamorgan i gcoinne na Middlesex Panthers. M'anam, ach bhaineas an-sult as, rud nach rabhas ag súil leis, bíodh a fhios agaibh. £5 ar ticéad (do mhic léinn), beoir le fáil gan scuaine ar bith (an-tábhachtach, ar ndóigh), tráthnóna breá grianmhar amuigh faoin aer, lucht féachana gléasta mar Elvis, agus popcheol á sheinnt sa staid gach uair a bhfuair siad 4 nó 6 pointe. Beidh mé ar ais arís.

'Éireannach' eile sa 'siamsaíocht' leath-ama
Ba é an chéad chluiche Twenty20 sa bhliain - agus cluiche conspóideach a bhí ann. I ndiaidh dóibh 199 a bhaint amach sa chéad leath, bhí Glamorgan ag babhláil nuair a bhris na soilse! Bhí an áit dubh dorcha ar feadh beagnach uair a chloig agus na himreoirí, an réiteoir agus na hoifigigh ar fad ag siúl timpeall, agus an lucht féachana ag canadh i gcónaí! Faoi dheireadh thiar thall, lasadh na soilse arís agus faoi cheann ceathrú uair a chloig chuir babhlaer Glamorgan deireadh leis an gcluiche agus imreoirí Middlesex ar fad curtha amach aige. Rud nach dtarlaíonn rómhinic sa Twenty20.

(Caithim a admháil go rabhas ag breathnú ar deireadh an chluiche ó phub in aice na staide - Y Mochyn Du / An Mhuc Dhubh - ach seo daoibh pictiúr dos na soilse mícháiliúla sin, agus iad ar ais ag obair).



Morgannwg abú!

2 comments:

  1. @ Beidh mé ar ais arís.

    Ní thuigim cruicéad, ach is maith ann an rud as a mbaineann duine suáilce na laethanta duairce seo - coinnigh ag dul, a chara!

    ReplyDelete
  2. Tá na rialacha casta go leor, a Áine. Ach nuair a théann tú i dtaithí orthu baineann tú cineál sásaimh as na scóranna agus na pionóis a aithint i gceart. Fós féin, tá go LEOR le foghlaim agam fós.

    ReplyDelete