21.6.11

An t-ór airgead


Thugas faoi deara le déanaí, go bhfuil im nua le fáil - im 'éadrom' - ó Kerrygold, rud a chuir gliondar ar mo chroí. B'aoibhinn liom slám ime a chur ar arán agus bonnóga nuair a bhí mé óg, rud a d'fhoghlaim mé ó mo sheanmháthair. Arán donn, fós te ón oigheann, le h-orlach ime. Ní fhéadfá é a shárú. So, bhí mé breá sásta go raibh rogha níos, ahem, sláintiúla ann anois. Bheinn ábalta fáil réidh leis an margairín agus filleadh ar bhlas an bhaile.

Ach, faraor, tá fós 60g de saill i ngach 100g don im éadrom - in áit 80g san im ór. Á bhuel, tús maith le na hoibre. Sílim go mbeidh orm fanacht ar an gceann cré-umha, áfach.

3 comments:

  1. Ní ar ór ná ar airgead a d'íosfainn féin aon rud eile ach an t-im fíor, agus cuirim neart den im céanna ar m'arán! Yum Yum Yum...

    ReplyDelete
  2. Is maith liom ola olóige -- an stuif maith a bhfuil blas álainn air, ní rud éigin saor de chaighdeán amhrasach -- a chur ar arán. Ach tá ola lán calraí freisin, faraor.

    ReplyDelete
  3. @ Áine: bhuel tá cuma na sláinte ort leis. An bhfaca tú an t-im airgead in Éirinn go fóill? An mbainfeá triail as, ar mhaithe leis an taighde?!

    @ Dennis: tá, faraor, cé nach bhfuil ach céatadán beag don saill 'sáithithe'. Bhuel, sin a deirim liom féin agus mé á dhoirteadh go fial sa bhfrioctán :)

    ReplyDelete