4.8.12

An Caighdeán Athbhreithnithe

So, tá sé foilsithe. Scríobh mé alt faoi ar mo bhlag eile - Tionscadal Teanga. Tá cúpla ceist agam faoi na hathruithe - pléim athruithe sa tuiseal tabharthach ó thaobh na gcanúintí de sa chéad mhír. Bheinn buíoch daoibh dá mbeidís sásta bhur dtuairimí a roinnt liom ann.

4 comments:

  1. Go raibh maith agat, a John, as mé a chur ar an eolas faoin leabhar seo.

    Chuir mé neart tuairimí ar fáil ag an am, agus tá uaim an leabhar seo a léamh ar dtús, go bhfeice mé céard atá ann, sula dtabharfaidh mé aon tuairim eile..:-)

    ReplyDelete
  2. Níl ach achoimre den tuarascáil léite agam, ach ní fheicim aon athruithe móra ann. “Ná déan nós agus ná bris nós” an fhealsúnacht atá i réim fós.

    ReplyDelete
  3. Achoimre le fáil anseo in alt ó Ghaelscéal, a Dennis: http://gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=1600:caighdean-athbhreithnithe-foilsithe-agus-i-bhfeidhm&catid=2:nuacht-naisiunta&Itemid=290

    Ag súil go mór le d'achoimre féin, a Áine!

    ReplyDelete
  4. An leabhar agam anois, ach am a fháil é a léamh!

    Ón spléachadh a thug mé air go dtí seo, agus is spléacadh iontach gasta a bhí ann, muise, táim den bharúil go mb'fhéidir go bhfuil an ceart ag Dennis - ach beidh le feiceáil..:-)

    ReplyDelete