10.8.12

Mná ag dornálaíocht agus fir ag caoineadh

Ar eagla gur chaill sibh tráchtaireacht chorraitheach Sheáin Bháin ar throid Katie beo ar Raidió na Gaeltachta inné, seo daoibh é. Tuilleadh tráchta air ó léitheoirí Broadsheet.ie anseo.




6 comments:

  1. Bhíos ag éisteacht leis inné beo.
    Dochreidte. Beag nár chlis ar mo néaróga!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Bhí mo chroí im' bhéal ag breathnú uirthi, a Aonghuis. Caithim a admháil nach maith liom a bheith ag féachaint ar dhornálaíocht - mná nó fir, le clogaid nó gan iad. B'fhéidir gur chomhair dom éisteacht leis an raidió as seo amach!!

      An mbeidh tú ag an bhfilleadh mór Dé Luain?

      Delete
  2. Ní dócha é. Ní maith liom sluaite! Ach tinte ealaíona, sin ceist eile. N'fheadar.

    ReplyDelete
  3. Beidh na sluaite ann, gan amhras.

    Caithfidh siad rud éigin a dhéanamh i mBré chun bua Katie a chomóradh ar bhealach níos buaine.

    Chuala mé go bhfuil an Royal Mail chun bosca poist a phéinteáil dath an óir in gach baile as a thagann buaiteoirí Briotanacha na mbonn ór. So, mar shampla, beidh bosca poist ór againn áit éigin i gCaerdydd ag comóradh an rothaí Geraint Thomas. Nach maith an smaoineamh é sin.

    ReplyDelete
  4. Éistim leis an taifeadadh sin, arís is arís eile, mar go dtuigim a chás, agus le go mbeidh mé in ann sult a bhaint as éacht na beirte (Katie agus SBB!) arís is arís eile..:-)

    Wúhúúúúúúúúúúúúúúúú!

    ReplyDelete