29.8.10

Deireadh an tsamhraidh

Cuireann an t-am seo den bhliain i gcuimhne dom scrúdú intinne a dhéanadh ar mo sheanmháthair dhá bhliain ó shin. Bhí baol ann go raibh tús Alzheimers uirthi agus cuireadh scrúdú 30 ceist simplí uirthi. Níor theip ar mo sheanmháthair ach ceist amháin a fhreagairt i gceart: cén séasúr a bhí ann? An fómhar, a d'fhreagair sí. Anois, mí Lúnasa a bhí ann agus, de réir féilire na gCeilteach, bhí an ceart aici. Ach dochtúir eachtrannach a chuir an scrúdú uirthi agus baineadh marc di. Dár leis bhí an samhradh fós ann. Tortha lochtach, ach tairngeartach. Diaidh ar ndiaidh chuaigh intinn mo sheanmháthar i laige ó shin. Ní thagann ciall roimh aois. Ach, faraor, imíonn sé leis, go róluath rómhinic.

B'fhéidir nach bhfuil an fómhar anseo sa Bhreatain Bheag go fóill ach, pé féilire a n-úsáidtear, is léir go bhfuil deireadh leis an tsamhradh; go bhfuilimid ag druidim i dtreo an gheimhridh. Duilleoga ar an ngluaisteán ar maidin, agus geansaithe i bhfuinneoga na siopaí. Dáltaí ar ais ag an scoil (sa tír seo, ar aon nós). Tá an fharraige fós sách te ach tá fuacht le brath san aer. Ní fiú bheith ag gearáint. Níl ann ach gairm in aghaidh na gaoithe. Agus an ghaoth sin ag éirí beagáinín níos fuaire lá i ndiaidh lae. 

3 comments:

  1. Bhí mé amuigh ag siúl ar maidin, rud nach ndearna mé le seachtain, agus bhí na duilleoga ildaite ar an gcosán sa choill - tá an Fómhar anseo, go deimhin, a chara!

    Tá Alzheimers an-chrua ar an gcúramóir, freisin. An bhfuil sí fós beo, do sheanmháthair, agus, má tá, an bhfuil a fhios aici cé sibhse?

    ReplyDelete
  2. Tá, buíochas le Dia. Bíonn sí thuas seal thíos seal mar a déarfá, ach athnaíonn sí muid go hiondúil. Diaidh ar ndiaidh tá sí ag filleadh ar a hóige. Mar shampla, nuair a iarrann sí orainn dul 'abhaile', 'sé a baile ceithre scór bliain ó shin a bhíonn i gceist aici. Agus uaireanta eile bíonn aigne chomh soiléir aici, agus bíonn an sean-craic inti. Ar ndóigh tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil sí fós linn.

    ReplyDelete
  3. Deireadh an tsamhraidh mo thóin! An ghrian ag scoilteadh na gcloch inniu i gCardiff. Bhí orm ola gréine a chur orm :)

    ReplyDelete