22.1.11

Bliain Eile agus an Eala Dhubh

Chonaic mé dhá scannán, aréir agus anocht, a chuir i bhfeidhm go mór orm, ar bhealaí iomlán éagsúla.


Another Year, le Mike Leigh aréir, scannán Sasanach faoi ghnáth-lánúin mheánaosta agus a gcairde uaigneacha néaróiseacha.

Agus...


Black Swan, le Darren Aronofsky anocht, scéinséir Meireacánach faoi rinceoir bailé atá chomh gafa lena páirt sa bhailé Swan Lake go n-éiríonn sí as a meabhair le hamhras agus le héad.

Ní amháin go raibh an aisteoireacht thar barr sa dá scannán - thit mé i ngrá le Natalie Portman agus Mila Kunis, ní don chéad uair, cé go raibh an bheirt searbh, garbh, gránna ar thréimhsí éagsúla sa scannán - bhí Jim Broadbent agus Ruth Sheen go hiontach in Another Year, ach ní mór dom mo chéad-mholadh a thabhairt do Lesley Manville dá carachtar 'Mary', bean atá chomh míshásta lena saol nach féidir léi éirí as a huaigneas. Bhí cumhacht sa stiúrthóireacht freisin, leis an mbealach is a chur siad mothúcháin móra an tsaoil - an t-éad agus an t-uaigneas - go lán-láidir os ár gcomhair. Bhí sé deacair breathnú orthu uaireanta.

Scannáin iomlán difriúla. Another Year: mall, leamh, ciúin, deacair saol Mary a mheas. Black Swan: tapaidh, teann, galánta, deacair foréigean Natalie Portman a fheiscint. Bhí tionchar ag an dá cheann orm, conas is féidir bheith oscailte don phaisean gan a bheith gafa leis?

Sin ráite, chuala mé fear ag rá lena chéile ar an mbealach abhaile ó Black Swan: "well, that was bloody boring"!

B'fhéidir go bhfuil quarter-life crisis ar siúl agam.

Is aoibhinn liom an póstaer seo chomh maith...

20.1.11

Focal an Lae: Llong

Focail nua le chur le m'fhoclóir Gaeilge-Breatnais.

Melys - Milis
Bola - Bolg

Agus an ceann is fearr liom...

Llong - Long

Athraíonn an "L" dúbalta fuaim an fhocail, ar ndóigh. Cosúil leis an bhfocal "dall" sa Bhreatnais, a chiallaíonn, ach nach bhfuaimníonn, cosúil lenár "dall" féin. Ach i gcás "llong", tagann athrú ar thús an fhocail nuair a chuirtear roinnt réamhfhocal roimhe: "ar", a chiallaíonn "ar" sa Ghaeilge, ina measc.

Soooo, dá mbeifeá ag taisteal ó Éirinn "ar long" sa Ghaeilge, shroichfeá an Bhreatain Bheag "ar long" sa Bhreatnais!



Deirtear gur tháinig an focal seo óna Lochlannaigh ó dhúchas, cosúil le cuid mhaith focal a bhaineann leis an seoltóireacht. Glaoitear "longships" ar longa na Lochlannach sa Bhéarla, focal a chiallaíonn "shipships" nuair a smaoiníonn tú ar chúlra an fhocail!

Rud a chuireann Pendle Hill i Lancashire i gcuimhne dom. Ciallaíonn "pen" cnoc sa Bhreatnais, "dle" cnoc sa tSean-Bhéarla, agus "hill" cnoc sa Nua-Bhéarla, ar ndóigh. Dá bhrí sin, glaoitear Cnoccnoc Cnoc ar an gcnoc seo. Is glas é an Cnoccnoc cnoc i bhfad uainn.

13.1.11

Rinn Dúbháin sa nuacht arís

Tá Hook Head sa nuacht arís, mar gheall ar mhíol mór dronnach a chonacthas ann inné.

http://www.rte.ie/player/#v=1088831 @ 19:56.



Chomh luath is a chuireadh críoch leis an gcorn ceo, bhí fuaim aisteach eile le cloisteáil sa cheantar (bhuel, fo-thuinn an uair seo). Meas tú an gcuirfidh ár gcara nua isteach ar GPS na mbád, agus an mbeidh gá leis an mbonnán ceo arís mar gheall air?!

12.1.11

Deireadh leis an gCorn Ceo

Cuireadh deireadh le corn ceo teach solais Rinn Dúbháin inniu, an 11/1/11. Le teacht GPS agus an nua-theicneolaíocht bád sa lá atá inniu ann, níl aon ghá don chóras rabhaidh sean-fhaiseanta sin anois. Cé go mbíonn an solas le feiceáil ó mo bhaile ar íor na spéire i rith na hoíche, ní raibh an corn le cloisteáil ann. Ach tá sé léite agam ar leathanach Facebook Hook Head go n-aireoidh muintir na leithinise fuaim an choirn uathu. Deirtear gur chabhraigh sé leo dul a chodladh san oíche!



Is é teach solais Rinn Dúbháin ceann de na tithe solais is sine san Eoraip atá fós ag obair. Tosnaíodh solas - tine ar dtús - ar an suíomh thart fá 800 bliain ó shin. Dála an scéil, ní corn a bhí ann i gcónaí i gcomhair an cheo. Athraíodh ó chloig sa 19ú haois go gunna mór sa 20ú haois. Cuireadh tús leis an gcorn ceo i 1972, agus tá sé ag tútáil ann ó shin.

Beidh an corn ina thost as seo amach. Cé go mbíonn an saol ró-ghnóthach-ghlórmhar go minic, aireoidh mé an fhuaim uaim, fuaim atá fite fuaite le mo cheantar le beagnach 40 bliain anuas.

7.1.11

Bonn Óir Sheáin Uí Riada le bronnadh anocht ar RnaG

Ná cailligí an comórtas seo beo ar RnaG anocht óna 7. Tá a fhios agam nach n-aontaíonn gach duine le comórtaisí mar seo, ach beidh scoth an cheoil le cloisteáil ann. 15 iomaitheoir óg, ó cheithre chearn an domhain. Le Martin Hayes, Seán Keane agus Liam O'Connor i mbun moltóireachta - Martin Hayes trí mheán an Skype agus é suite i Nua Eabhrac.

I measc na n-iomaitheoirí - mo chara Claire Egan, as Londain. Go n-éirí go binn léi.

Gráinne vs PaulinePurple

Tá cuntas Twitter Gráinne Seoige faoin spotsolas inniu de bharr 'troid' idir í féin agus duine de lucht leantóirí a cuntais. Bhí Gráinne ag twíteáil as Gaeilge lena cairde Dara Ó Briain agus Des Bishop, mar a bhíonn, ach ní raibh PurplePauline sásta leis an gcaint.

An Clamhsánaí Corcra 

Gráinne Seoige:
@daraobriain Ag feiceal fáinne geal an lae go minic, ach taisteal tharr cíonn. An ciorcal arctach, Afganastáin, An Aifric, An Ind, Leeds!!

PurplePauline:
@grainne_seoige I prefer a language I can understand. Very rude to use a minority language. Unfollowed.

Gráinne Seoige:
@PurplePauline Pauline, it is in no way rude to use the language I grew up speaking at home everyday. I wish you luck.

PurplePauline:
@grainne_seoige sorry but it is rude in a public conversation. You could DM if you don't want us to read it.

Gráinne Seoige:
@PurplePauline I reserve the right to use any language I speak, at anytime. Again, all the best

PurplePauline:
@grainne_seoige Nie będę was słuchać 
(Ní éisteoidh mé leat, as Pólainnís).

Gráinne Seoige:
@PurplePauline That's your choice, just like I have mine. Beir bua


Agus de réir mar a fheicimse óna twíteanna eile ar leathanach PurplePauline...

Muintir na hÉireann:
@PurplePauline Dún do chlab, maith an cailín.

Arrah, muise


Roy gan foireann.
Bertie gan post.
Seán Fitzpatrick gan airgead.

Fir conspóideacha na 2000aidí in ísle brí.

Bhfuil Gaeilge ar bith ar schadenfreude?

6.1.11

Caife Fliuch

D'ordaigh mé mo ghnáth-chaife laethúil i Starbucks ar maidin: grande cappucino le bainne soighe. Ach an uair seo d'iarr mé uirthi gan an iomarca 'froth' a chur air.

"So you'd like it quite wet", arsa sise.

"Is dócha", a dúirt mé féin.

Chuala mé gur féidir deoch "extra hot" a ordú ann, ach "extra wet"?!

Cheap mé go raibh m'ordú seafóideach go leor cheana féin, leis an 'grande' agus an bainne soighe san áireamh. Ach beidh mé i bhfad níos measa as seo amach agus mé ag iarradh caife 'fliuch' a fháil!

5.1.11

Radharc an Réigiúin (le pictiúirí)

Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.

Thóg mé sos ón mblagáil le linn na Nollag, ach táim ar ais i gCaerdydd arís agus tá súil agam go mbeidh mo dhóthain inspioráide agam i 2011.

Le linn na saoire, agus in ainneoin an fliú garbh a bhí fós orm, chuaigh mé suas Cnoc Laighean ar theorann Contaetha Loch Garman agus Cheatharlach. Agus a leithéid de radharc! Lá breá soiléir a bhí ann, le leath na tíre le feiceáil ón mbarr, bhuel leath an Laighean ar aon chaoi.

Déarfainn go raibh radharc ar a laghad 50 km againn ó bharr an tsléibhe, chomh fada ó dheas le Rinn Dubháin i ndeisceart Loch Garman. Leis an tomhas sin curtha san áireamh, déarfainn go raibh an cuid den tír seo thíos le feiscint uaidh.

De réir mar a fheicimse, bhí 8 gcontae le feiceáil fúinn: Loch Garman, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge, Cill Mhantáin, Cill Dara, Laois agus Tiobraid Árann. An bhfuil áit ar bith eile sa tír lena leithéid de radharc?


Tírdhreach cnocach Cill Mhantáin.

Clár mín Ceatharlach.