8.12.11

Tá sé sa fuil agam

Agus mé ag deonú fola an tseachtain seo, thosaigh mé ag caint leis an mbanaltra agus muid ag fanacht ar an mála plaisteach a líonadh. Bhí suim aici i dteangacha, agus labhair muid faoin nGaeilge, faoina hathair a tháinig ó Sciobairín ó dhúchas, faoina máthair Ghearmáineach, an cúrsa Gearmáinise a d'fhreastal sí air i gContae na hIarmhí nuair a bhí sí ina déagóir, agus an Bhreatnais a labhraíonn sí féin lena teaghlach ina baile faoin tuath i bPowys.

"Is mise an t-aon duine le Breatnais sa bhfoireann", a mhínigh sí dom, "bím i gcónaí ag rá leo gur fiú dóibh í a fhoghlaim".

"Ar ndóigh, bíonn siadsan de shíor ag magadh fúm, nach Breatnach ceart mé ar chor ar bith, le hathair Éireannach agus máthair ón nGearmáin agam", a dúirt sí.

"Ach mothaím Breatnach im' fuil", arsa sí go bródúil, "agus sin é an rud is tábhachtaí".

Thaitin an phrása liom. Agus smaoinigh mé ar an bhfuil 'Éireannach' a bhí á roinnt agam agus mé i mo luí sa chlinic i gcathair Chaerdydd. Is dócha go mbeidh duine éigin le ruainín beag dom' dhúchas ina bhféitheanna acu faoi cheann seachtaine nó dhó.

Na Bannau Brycheiniog: ar Bharr na Breataine Bige (theas)

Ó shiúlóid sna sléibhte, is sna scamaill, an tseachtain seo.



Cé go bhfuil dhá shliabh níos airde ná Corrán Tuathail anseo sa Bhreatain Bheag, tá siad suite i dtuaisceart na Breataine Bige. Ag 886m ar airde, is é Pen-y-Fan an sliabh is airde sa deisceart agus an deichiú ceann is airde sa tír. Suite 45 nóiméad ó Chaerdydd, agus thart fá deich nóiméad ó Merthyr Tydful an "baile is mó" sa Ríocht Aontaithe, d'fhéadfadh sé a bheith ar an ngealach, tá sé chomh iarghúlta fiáin thuas ar a bharr.

1.12.11

Locht an mhinistéara

Táim ag baint sult as Sean-Chaint na nDéise faoi láthair, bailiúchán frásaí ó ghnáthchaint na ndaoine sa cheantar a foilsíodh i 1944 leis an Athair Mícheál Ó Síocháin (nó Most Rev. Michael Sheehan fé mar atá ar an leabhar).

Thaitin an sampla seo go mór liom, ag cur síos ar úsáid an réamhfhocail 'chun', a chuir ag scairteadh gáire mé.

"Do ghuigh an ministéir chun aimsir bhreágh do dh'fháilt, agus is dócha go b'é sin is cionntach leis a bhfearthainn."

Ní fios dom an é an tAthair Ó Síocháin é féin atá i gceist ;)

DAS, tá cur síos ar shaol an údair le fáil anseo.

25.11.11

Máire agus Seán

Agus mé ag dul tríd an mbailiúchán Ghaeilge do leabharlann na hollscoile inné, d'aimsigh mé an seod litríochta seo thíos.


Rith cúpla ceist liom. Cén fáth sa diabhal go bhfuil leabhar chomh sean-aimseartha sin le fáil i gCaerdydd? Agus, nach bhféadfaí roghnú níos fearr a dhéanamh chun staid leabhair na bpáistí a léiriú?!


Is léir go bhfuil an cineál seo leabhair as faisean anois. Mar shampla, ní fheicfí íomhánna chomh traidisiúnta sin - cailíní i sciortaí, mamaí sa chistin - sa lá atá inniu ann. Glacaim leis go bhfuil madra agus cait ann, ach faoi mar a chuirtear sna leabhair a bhíonns á léamh ag paistí an lae inniu, ba chóir go mbeadh ainmhithe níos neamhghnáiche le feiceáil, agus le cloisteáil ag caint. Moncaithe, spúinsí mara, nó dineasáir, fiú. Ba chóir go mbeadh na scéalta suite faoin aigéan, nó sa dufair, nó i spás... agus ní i scoileanna, siopaí agus tithí an ghnáthshaoil.


Ach ag athfhéachaint ar dhearadh an leabhair, caithim a admháil go dtaitníonn a sheanaimsearthacht liom. Is maith liom an scríbhneoireacht mór, agus an bealach ina líonann sé an leathanach beagnach go hiomlán. Taitníonn an cló serif liom. Agus féach ar na ceannteidil, scríofa gan ceannlitreacha móra. A leithéid de nua-aimsearthacht! Níl an scéal róshuimiúil, ach tá rud éigin compordach agus aitheanta ag baint leis. B'fhéidir go bhfuilim buailte leis an nostalgia, agus muid ag druidim i dtreo na Nollag.

18.11.11

ASG!!! ;)

An veain is greannmhaire dá raibh riamh?

Feicithe i gcarrchlós na hollscoile inné.


B'fhéidir é. Ní fheicim míniú ar bith eile air.


16.11.11

Bhabha!!!

An leabhar is suimiúla dá raibh riamh?!



Ní hea, faraor.

Is leis an bhfear léinn Indiach Homi Bhabha é. Feicithe agam i leabharlann na hollscoile inné.

Ní féidir leabhar a mheas ón gclúdach amháin, mar a déarfá ;)

14.11.11

Maisiúcháin na Nollag

Tá na maisiúcháin thuas go luath i mbliana, fiú amuigh sa pháirc.

8.11.11

Túít túít

Féach ar seo...


Is léarscáil túíteanna na hEorpa é, ag taispeáint - le dathanna éagsúla - na teangacha is coitianta a bhaineann le túíteanna trasna na mór-roinne. Foilsithe ar Strange Maps. Tá léarscáil don domhain mór le feiscint anseo ar shuíomh Eric Fischer a chruthaigh é.

Úsáideadh an brathadóir teanga, a cruthaíodh ag Google i gcóir suíomhanna idirlín a aistriú, chun bunteangacha na dtúíteanna a aithint, agus ansin scríobhadh cód ríomhaire (ba bhreá liom bheith i mo ghíc) chun na teangacha sin a thaispeáint - go hildaite, agus go healaíonta - ar chúlra dubh.

Is breá liom é. Tá an nasc beo idir an tíreolaíocht agus an tsocheolaíocht le n-aithint ann go soiléir, agus torthaí suimiúla le feiscint ann chomh maith, torthaí a bhaineann le stair, polaitíocht, teicneolaíocht agus go leor eile, ar ndóigh. Is féidir líne a tharraingt ar mhapa, ach ní féidir teorann a chur ar bhéal duine, nó b'fhéidir méaracha duine sa chás seo! Nó an féidir?

Féach chomh cruinn is a leanann dathanna na Portaingéilise agus na Danmhairgise, abair, le cruthanna na dtíortha sin, i gcomparáid leis an Fhrainc, an Ghearmáin agus na tíortha eatarthu atá, abair, níos solúbtha ó thaobh teorannacha is teangacha de. Tá imeall oráiste na Gréigise le feiscint ar na hoileáin sin a chlaíonn le cósta na Tuirce. Deighilt datha atá níos soiléire fós ar oileán na Cipire. Ní féidir láidreacht na Catalóinise a dhiúltú sa léarscáil seo (an bhféadfá teorann réigiúnach a tharraingt ón eolas seo?). Agus céard faoin oiread Iodáilise atá i ndeisceart na Fraince? Nó an bhfuil tionchar na hOcsatánaise ag cur isteach ar na torthaí ansin, meas sibh?

DAS, de réir mar a thuigim ó eochar na léarscáile agus ó thráchtanna ar Strange Maps, níl mionteangacha, an Ghaeilge ina measc, curtha san áireamh. Nach trua é sin? Ní thuigim cén fáth. Is féidir le Google Translate an Ghaeilge a aithint. Meas sibh cé chomh láidir is a bheadh dath na Gaeilge? Agus cén áit ina mbeadh a dath is gile?!

AGUISÍN...

De réir Eric é féin, tá an brathadóir in ainm is a bheith ábalta mionteangacha ar nós na Gaeilge, na Breatnaise agus na Bascaise a aithint, ach tá an líon daoine atá ag túíteáil sna teangacha sin chomh íseal sin nach féidir iad a fheiceáil ar an mapa. Tá siad curtha leis an léarscáil, cé nach bhfuil siad luaite san eochair - a thaispeánann dathanna na dteangacha sin a bhí ar a laghad 10,000 túíteanna scríofa iontu thar tréimhse 5 mhí i 2011. Caithim a admháil go gcuireann sé iontas orm nach bhfuil ar a laghad an Bhreatnais agus an Bhascais le n-aithint ann.

4.11.11

Draíocht na nDruideanna

Caithfidh sibh an físeán seo a fheiscint do mhonabhar (murmuration?!) druideanna ag teacht tuairteáil le chéile i néal, fáinne, tonn, thar abhainn na Sionainne - feicithe agam ar broadsheet.ie.

Go. hÁlainn.


DAS, ná hathraigí bhur scáileáin ag an tús. Is meascán d'fhís agus de phictiúirí atá ann. Níl fadhb le do ríomhaire!

3.11.11

Manaí ón Maratón


Rith mé mo chéad mharatón Dé Luain i mBaile Átha Cliath. D'éirigh liom mo dhá sprioc phearsanta a bhaint amach - é a chríochnú roimh 4 uair (3.55 le bheith cruinn) agus gan stopadh. Tá na cosa fós beagainín pianmhar, ach is cuma liom sa tsioc, mar tá bonn breá cré-umha agam le pictiúr do dhroichead Calatrava - an ceann bán sin i gcruth an chláirsigh - air. Ar ais i gCaerdydd anois, agus fós lán-sásta liom féin :)

Caithfidh mé cúpla mana ón rás a roinnt libh. Chonaic mé iad agus mé ag rith thart, agus d'ardaigh mo spiorad, agus mo chosa, ina ndiaidh.

Ar dtús bhí bean i nDolphin's Barn le meirge leis an mana: You're all Kenyans to Me.
(Tháinig SEISEAR ón tír sin sa chéad sé áit ar an lá).

Agus bean eile níos faide ar aghaidh le meirge ag rá: At least you're running better than Dana.
(Ní bhfuair Dana bhocht ach 2.5% don vóta sa toghchán ceithre lá roimhe).

Scéal eile agam ón lá... bhí uimhir 5968 ag mo chara Tony sa rás, é scríofa ar a t-léine, mar gurb é an 5968ú duine le clárú don mharatón i mbliana. Agus chríochnaigh sé, creid é nó ná creid, sa 5968ú háit sa rás ar an lá. Nach comhtharlú dochreidte é sin? Bhuel, Lá Samhna a bhí ann, is dócha!

25.10.11

Ná bailigh ór ná seoda...

Luaigh mé dán a chuaigh go mór i bhfeidhm orm le déanaí ag ócáid litríochta a reachtáladh san ollscoil do Lá Eorpach na dTeangacha. Dán Sualainnise a bhí ann, le file darbh ainm Edith Södergran (1892-1923), nach raibh ach 31 nuair a fuair sí bás de dheasca tuberculosis. Gheall mé daoibh an lá sin go ndéanfainn iarracht an dán a aistriú go Gaeilge (cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith), agus mar sin, seo daoibh é.

Sílim go bhfuil na focail an-oiriúnach don lá atá inniu ann, le hagóidí ar siúl ó Wall St go hAthens. Níl meadaracht daingean ar an mbundán, agus de réir mar a chuimním léamh an dáin ón oíche sin níl mórán ríme ann ach oiread. Rinne mé fhéin iarracht rím a chur ann, áfach. Dála an scéil, cé gur léadh leagan Béarla don dán san ollscoil, níl sé le fáil ar an idirlíon, agus táim ag brath ar Google Translate chun sainbhrí an dáin a thuiscint. Bheinn buíoch díbh dá ndéanfaidís coigeartú ar bhotúin san aistriúchán. Táim cinnte go bhfuil siad ann.


Ná Bailigh Ór ná Seoda

A chara,
Ná bailigh ór ná seoda.
Líon do chroí le mianta
ar nós tine te móna.

Goid rúibíní ó shúile na n-aingeal,
Slog siar uisce an diabhail, le meangadh.

A chara, ná híoc puinn cánach,
carn mór airgid ar son na n-uaisle,
Beidh tú go deo id' spailpín fánach
is lucht an rachmais riamh in uachtar.

Cothaigh do leanaí le háilleacht, le haoibhneas, le maitheas,
Beathaigh do leanaí le fórsa a bhrisfeadh geataí na bhflaitheas.




Samlen Icke Guld och Ädelstenar

Människor,
samlen icke guld och ädelstenar:
fyllen edra hjärtan med längtan,
som bränner likt glödande kol.
Stjälen rubiner ur änglarnas blick,
dricken kallt vatten ur djävulens pöl.
Människor, samlen icke skatter
som göra er till tiggare;
samlen rikedomar
som giva er konungamakt.
Skänken edra barn en skönhet
den människoögon ej sett,
skänken edra barn en kraft
att bryta himlens portar upp.

Ar an bhFrontline


Bhabha, an bhfaca sibh an, ehm, díospóireacht anocht?

Bhí sé spleodrach, splancach.

Is léir go raibh an lucht féachana (agus na hiarrthóirí/iomaitheoirí eile) ag iarraidh brú a chur ar Seán Gallagher ón tús. Theip air go hiomlán le ceist an airgid sin a tugadh dó ar son Fhianna Fáil. Ar dtús, dúirt sé nach raibh aon recollection aige ar an scéal, faoi dheireadh d'admhaigh sé go bhfuair sé envelope áirithe. Sean-chaint na sean-chronies. Dá gcloisfeá an lucht féachana i ndiaidh an admhála sin!

Agus rantáil Gay Mitchell ag an deireadh? An fear bocht. Chun an fhírinne a rá, bhí an ceart aige. Ní raibh baint dá laghad ag cuid mhaith ceisteanna ar an Uachtarántacht, ach d'fhéadfadh sé é a léiriú ar bhealach níos, bhuel, Uachtaránaí.

Beidh mé ag filleadh abhaile don toghchán, agus cé nach bhfuil mo rogha athraithe le trí seachtain anuas, caithim a rá ag an bpointe seo go mbeadh gach aon cheann acu oiriúnach don phost, i mo thuairim. Bhuel, táim sásta nach ndéanfaidís aon dochar, ar aon chaoi. Th'éis na díospóireachtaí, na ráflaí agus na scannail ar fad, tá trua agam don seacht n-iarrthóir le bheith fírinneach.

Dála an scéil, bhí an lucht túíteála iontach suimiúil agus greannmhar le linn an chláir, agus deas a fheiscint go raibh cúpla Gaeilgeoir ag túíteáil leis.

16.10.11

An tArm Dearg


Tháinig na mílte Breatnach le chéile i Staid na Mílaoise ar an Satharn, iad ina muir dearg ag breathnú ar an gcluiche rugbaí in aghaidh na bhFrancach ar an taobh eile den domhan. Bhí mé ann, i t-léine dearg, ach glas le héad, mar a déarfá, nach raibh Éirinn ag imirt. Faraor, ní raibh an t-ádh dearg orthu, agus de bharr cárta dearg, agus ciceáil na bleus, fágadh le haghaidheanna dearga iad ag a deireadh :(


Ar a laghad, bhain mo chara tí agus a matháir sult as an mbeor (ahem, ag a 9 ar maidin) agus a hataí seafóideacha.

13.10.11

An €ala

Agus mé amuigh ag rith níos luaithe, chonaic mé an radharc aoibhinn seo tharam. Sea, athcruthaíodh euro na Fionlainne in oirdheisceart na Breataine Bige anocht.

Bhuel, ní raibh sé díreach mar an gcéanna leis an mbonn thuas, an dtuigeann tú.

In áit dhá eala, ní raibh ann ach aon éan aonarach amháin. Agus in áit a bheith lán de ghrásta, is cosúil go raibh m'eala lán go béal, mar scaoil sé uaidh, má thuigeann tú mé, agus é ag dul trasna. Thuirling an t-ualach bréan anuas ar charrchlós Toys 'R' Us, a bhí follamh, buíochas le Dia. Sea, ní in áit fhiáin sléibhte a bhí mé ag rith, ach tríd an bpáirc siopadóireachta áitiúil atá, ar a laghad, cois cuain.

Ach in ainneoin na dteipeanna ar fad, chuir m'eala bhocht gliondar ar mo chroí.

Moladh go deo le h'eala, mar a deireann na moslamaigh.

10.10.11

Idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag

Thaitin an sean-phostaer seo liom le gairid ón mblag Strange Maps (ceann dos na blaganna is fearr liom), ina gcruthaíodh íomhá do mhac tíre as léarscáil d'Éirinn agus an Bhreatain.



An bhfeiceann tú é? Is dócha nach mac tíre é ar chor ar bith, ach mac farraige suite idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, agus ag déanamh i dtreo Londain gan dabht. Cheapas gur bealach an-éifeachtach é margaíocht a dhéanamh ar an scannán agus íomhá uafáis a chruthú go simplí.

4.10.11

Tobairíní Gharomna


Chríochnaigh mé an leabhar Connemara: A Little Gaelic Kingdom aréir, an chuid deireanach de tríológ le Tim Robinson (thuas), a chlúdaíonn ceantar Gaeltachta an réigiúin an uair seo. Molaim go hard an seod litríochta seo - tosnóidh mé ar uimhir a haon den tríológ Connemara: Listening to the Wind inniu. Bhíos faoi dhraíocht a scríbhneoireachta ó thús deiridh - stíl a chruthaigh finscéal eipiciúil as tírdhreach, logainmneacha, foirgnimh, stair, clocha, dánta, amhráin, ráflaí agus seanchas an cheantair. Is as Yorkshire do Tim ó dhúchas ach tá sé ag cur faoi in iarthar na hÉireann ó na 70aidí ar aghaidh. Tá dlúth-thuiscint aige ar nádúr, stair, teangeolaíocht agus geolaíocht na tíre seo, ach is féidir leis scéal a insint go simplí soiléir (seachas an chaibidil faoi fractals, b'fhéidir) le rithim agus rím ina litríocht.

Is léir ón leabhar nach bhfuil aithne ar bith agam ar Chonamara, cé gur oibrigh mé ann ar feadh bliana go leith, agus tá dúil mhór agam filleadh ar an gceantar agus an áit a athfhionnadh trí shúile an údair. Cuir i gcás na sainchomharthaí geolaíochta suntasacha ar Gharomna agus na hoileáin siar uaidh, atá mairceáilte agam ar léarscáil anseo ón bhfianaise sa leabhar agus ó léarscáil den réigiúin a chruthaigh Tim siar sna h80aidí.


Ó chlé:

(1) Tobairín, 'coiscéimeanna' agus 'bóthar' an naoimh ar oileán Ghólaim:

"a five-foot-wide exposure of pale porphyry running like a fantastically pyramid-paved path or a miraculously frozen wake across a choppy sea of blackish rock, heading south-south-westwards towards the horizon-hugging profile of the Aran Islands"

(2) 'Bóthar' an naoimh ar oileán Daighinis:

"a dyke of blackish rock cutting westwards through the blonde granite of the shore"

Agus níos suntasaí fós:

(3) Tobairín an Átha Leacaigh, (4) Tobairín Ghleann an Uisce, agus (5) Tobairín Naoimh Anna atá gearrtha sa chloch i lár oileán Gharomna i gcruth Δ:

"that the simple triangle has such weight in this elemental landscape serves to remind me that one can tire of Mandelbrot's fractal epiphanies with their eternal spirals winding into eternity"

(6) Tobairín 'P' gearrtha i gcruth P i gcarraig bholcánach an chósta:

"one could imagine, some follower of St Patrick had paused on his way to the pilgrims' church and embarkation for holy Aran, had bent his head and looked at this pool, and by the intensity of his interpretive attention made a nowhere into a place for ever more"

1.10.11

Insíonn gach pictiúr scéal

Tús mí Dheireadh Fómhair...

...sa mbaile...




...sa mbaile iasachta.




In ainm Dé, nílimid chomh fada sin óna chéile.

Faraor, d'fhág mé m'éadaí samhraidh ar ais i Loch Garman, agus táim ag caitheamh mo bhristí snáimhe le trí lá anuas!

30.9.11

Iníon Chambon

Chonaic mé scannán den chéad-scoth anocht, ceann Fraincis dár teideal Mademoiselle Chambon.
Cáintear scannáin Eorpacha go minic maidir lena scéalta malla, easpa comhrá agus an iomarca radharcanna fada. Agus bhí sé uilig ann sa scannán seo. Scéal bunúsach simplí faoin ngrá laethúil, an dílseacht agus mion-bhuanna is theipeanna an tsaoil. É sin agus fuaimriain álainn clasaiceach. D'ardaigh sé mo chroí.

Ba bheag nár chonaic muid The Inbetweeners. Buíochas le Dia, críochnaíodh a chraoladh an tseachtain seo caite!

28.9.11

Lá Eorpach na dTeangacha Sona Daoibh

Sea, inniu é Lá Eorpach na dTeangacha - ní Lá na dTeangacha Eorpacha, bíodh fhios agat - agus cuireadh ócáid spéisiúil, spreagúil agus fíor-speisialta ar siúl i Rannóg an Léinn Eorpaigh anocht in Ollscoil Chaerdydd.


Tugadh cuireadh do phobal na hollscoile - idir léachtóirí, fhoireann agus mhic léinn - dánta a léamh ina dteangacha féin os comhair a chéile. Taispeánadh dhá leagan do gach dán thuas ar scáileán taobh thiar den léitheoir - sa teanga ina scríobhadh an dán, agus aistriúchán Béarla dó. Mar sin, bhíomar in ann éisteacht le rím agus rithim na filíochta, chomh maith leis an míniú a leanúint ón aistriúchán. Chuir gach ceann acu go mór i bhfeidhm orm, ach caithim a admháil gur thaitin fuaim agus foghraíochta na Gearmáinise, na hAfracáinise agus na hAraibise liom go háraithe. Ní mise a léigh dán Gaeilge, ach fear eile san ollscoil. Roghnaigh sé Adhlacadh mo Mháthar le Seán Ó Riordáin - rogha láidir - agus bhí sé gach pioc chomh fileata leis na dánta eile. Gan amhras, ba é an chéad deis riamh ag formhór an lucht éisteachta an Ghaeilge a chloisteáil.

Seo é ord na ndánta go léir:

Teanga, Dán, File

Béarla (Shakespeare), dhá shoinéad, Shakespeare
Afracáinis, Die kind wat dood geskiet is deur soldate by Nyanga, Ingrid Jonker
Araibis, The Animal, Ahmed Shawqi
Bulgáiris, The Enticement of Meaning, Maria Doneva
Ollainis, September in Zeeland, A. Marja
Fraincis, Prière pour aller au paradis avec les ânes, Francis Jammes
Gearmáinis, Der römische Brunnen, Conrad Ferdinan Meyer
Gaeilge, Adhlacadh mo Mháthar, Seán Ó Riordáin
Iodáilis, A te, Giovanni Testori
Peirsis, That Holy Night, Hafiz
Polainnis, Jeszcze, Jan Twardowski
Seirba-Chróitis, Vrati me moje krpice, Vasko Popa
Sualainnis, Samlen Icke Guld Och Ädeistenar, Edith Södergran
Breatnais, Gofyn march gan Abad Aberconwy dros Lewis ap Madog, Tudur Aled

Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh amach anseo an dán Sualainnise a aistriú daoibh agus a fhoilsiú anseo - cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith. Bhí meafair agus meon an-láidir ann, dar liom féin, agus an-oiriúnach don lá atá inniu ann

22.9.11

Bia is Bóthar


Anois, agus é in am dom filleadh ar Chaerdydd, beidh mé ar ais ar an bpasta agus stir-fry go luath, faraor. Ag súil go mór le fáil isteach ar shaol na cathrach agus na hollscoile arís. Go háirithe roimh an gcluiche mór atá le theacht – bhuel, tá súil agam go bhfuil sé le theacht – idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag sa rugbaí (b’fhéidir nach n-aontódh muintir na hIodáile ná an Samoa leis an ndúil sin). Ach aireoidh mé uaim béilí breátha an bhaile, agus saibhreas na talún agus na farraige á roinnt linn anseo. Le coicís anuas fuaireamar dhá lacha fiáin, coinín óg, mála diúilicíní, babhla muisiriún fiáine agus dhá mhilléad liath (sa phictiúr thuas), ó chomharsana éagsúla, saor in aisce agus gafa nó pioctha sa pharóiste. Anois, ní haon chef mise… ach mothaím ar nós iomaitheora ar Masterchef Ireland agus na comhábhair ar fad seo ag fanacht orm sa chistin gach tráthnóna. So, seo daoibh m’oideas ar chonas stobhach coinín a chócaráil. Níor scríobh mé oideas riamh ar an mblag seo, agus ní dóigh liom go mbeidh béile chomh blasta le cócaráil agam ar feadh tamaill eile ;)

Th’éis an craiceann a bhaint ón gcoinín d’fhág mé an corp i mbabhla uisce agus salann thar oíche (nod a d’fhoghlaim mé ó YouTube) chun an searbhús a bhaint ón bhfeoil. Sea, ní féidir brath ar gach rud ar an idirlíon (an t-oideas seo ina measc, b’fhéidir!) ach bhí blas deas ar an bhfeoil ina dhiaidh, mar sin, molaim an nod sin freisin. Ghearr mé an corp ina cheithre cuid agus chuir mé á fhriocadh in im go dtí go raibh an feoil go deas donn. Ag an am céanna bhí oinniúin á bhogadh sa phota agam. Isteach sa phota leis an gcoinín, trí pionta stoic nó mar sin, trí duilleog labhrais, píobar agus salann, ar bhruith ar feadh uair go leith. Ansin, isteach le trí cairéad ar feadh leathuair eile. Rinne mé roux sciobtha chun an t-anlann a dhéanamh níos tiubhe, agus voilà bhí an stobhach réidh le n-ithe. Th’éis an oiread sin ama sa phota bhí an feoil ag titim ón gcnámh agus deas bog blasta sa bhéal. 


Caithim a admháil nach bhfuil cuma ró-bhlasta air sa phictiúr seo! Ach breathnaigh ar mo dhiúilicíní ;) An bhfaca tú aon rud chomh mealltach sin riamh?!


14.9.11

Peirspictíocht

Páirc Náisiúnta na  gCrónghiúisí, California?

Nó Gairdín Chaisleán Bhiorra, Co. Uíbh Fháilí?


Agus ag caint faoi pheirspictíocht, tá dearcadh nua ar an saol le fáil ar bhlag nua an Tiománaithe, anseo. Go n-éirí leis.

11.9.11

9/11 +10


Inniu, ar lá cothrom deich mbliana 9/11, tá an domhan ag cuimhneamh siar ar an lá tragóideach sin agus tionchar na n-eachtraí úd a thomhais. Cosúil le gach duine eile, ar ndóigh, tá scéal agam féin faoin lá.

Do bhíos i Nua Eabhrac an lá roimhe - 9/10 - th'éis saoire seachtaine a chaitheamh ar Mhanhattan. Is cuimhin liom go soiléir an t-oileán a fhágáil an oíche sin, an ghrian ag dul faoi agus muid ag tiomáint ó thuaidh.  Thugas sracfhéachaint siar ar spéirlíne liath na cathrach, agus chuimnigh mé go ciúin ar na mílte Éireannach a thuirling ann thar na blianta agus a fháiltíodh ann, saol nua á chruthú acu. Ghabh mé buíochas leis an gcathair roimh chasadh ar ais i dtreo Cheanada.

I Montréal an mhaidin dár gcionn, fuair mé téacs ó chara sa mbaile: Are ye back in Canada? Safer out of NYC methinks. Ní raibh clú againn céard a bhí á rá aige, ach nuair a d'iarr muid ar bhean a bhí amuigh ag scuabadh na sráide, mhínigh sí dúinn, as Fraincís, gur tharla 'timpiste' ann ar maidin. Ar aghaidh linn go caifé, ina bhfuair muid teilifís ann, agus leis na milliúin eile thar timpeall na cruinne, bhíomar sáinní os a chomhair an mhaidin ar fad. Ag stánadh, ár mbéala ar leathadh, ar na foirgnimh sin a bhí mar chúlra againn dhá lá roimhe agus muid ar phicnic i mBattery Park.

Níor thuig muid céard a bhí ar siúl, ar ndóigh. Níor thuig éinne. Is cuimhin liom níos déanaí sa lá, cuairt a thabhairt ar pháirc Oilimpeach Mhontréal, a bhí dúnta, ar eagla go n-ionsófaí é. Bhí an domhan ar bís, briste, leochaileach. Tháinig dhá pháipéar speisialta, saor in aisce, amach an tráthnóna sin, ceann as Béarla, ceann eile as Fraincís, le hanailís ar na heachtraí. Léigh muid an t-ainm sin 'Al-Qaeda' don chéad uair, a bheadh go mór i mbéala agus meonta an phobail as sin amach.

Cuimhním inniu ar na mílte a chailleadh an lá sin, i gcathair na dtúr. Cuimhním ar oibrithe an Phentagon. Ar phaisinéirí United 93. Cuimhním ar na mílte mílte atá maraithe ó shin i bhfad i gcéin in ainm Chogadh na Sceimhlitheoireachta. Ar dheis Dé go raibh a n-anamnacha go léir.

Murach na mná...



Comhghairdeas le mná Loch Garman inniu agus craobh shinsir agus idirmheánach na camógaíochta buaite acu. Ní féidir cailíní an chontae a shárú!

8.9.11

Uíbh Álainn

Ar mhórchuaird thar timpeall na hÉireann le déanaí, chuaigh contae amháin go mór i bhfeidhm orm. Ní contae ar chósta an iarthair é, nó ceann scríbe mór turasóireachta. Thaisteal mé tríd an chontae seo go minic gan fiú stopadh. Cheapas nach raibh ann ach portaigh. Bhuel, tá cuid mhaith phortach ann... chomh maith le go leor eile, in Uíbh Fháilí.

Ar dtús báire, mainistir ársa Chluain Mhic Nóis. Anois, ní áit rúnda í... tá aithne mhaith againn uilig ar na séipéalanna agus ardchrosa san ionad, ach chuir sé iontas orm cé chomh ciúin is a bhí sé an lá sin. Thaitin an héileapad seo thíos liom.


Ar aghaidh linn ó dheas go baile Bhiorra, lena chaisleán mór agus gairdíní foirmeálta is fiáine. Chuala mé faoin teileascóp clúiteach cheana féin, ach an raibh a fhios agaibh, a chairde, go raibh an fál bosca is airde ar domhan ag fás ann freisin?! Curtha 135 bliain ó shin, ní raibh cómhartha nó léirsceál gar dó. Bhí orm ceist a chur ar an ngarraíodóir len é a aimsiú.

Agus seo é an t-eas gleoite sa gharraí uisce. Arís, ní raibh duine ná deoraí le feiceáil san áit.

Níos faide fós ó dheas, ar bhun panhandle an chontae, bhuail muid isteach i dtigh ósta Hayes i mbaile "dúchais" Obama - Muine Gall. Bhí bratacha na Stáit Aontaithe le feiscint fós ar dhá thaobh na sráide, agus DVD den nuacht ó lá dodhearmadta na cuairte le feiscint ar scáileáin sa tigh. De réir Ollie Hayes, tá na céadta ag teacht fós chuig an baile... an tseachtain deireanach bhuail stag night isteach ar a mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Luimneach, agus taobh istigh de 20 nóiméad bhí €190 taobh thiar den bheár! Go n-éirí leo. Tá an cuma ag teacht ar an scéal nach mbeidh Obama sa teach bán le fada, áfach.

5.9.11

Ciúin le coicís

Bhí mé as láthair anseo le coicís anuas agus mé ar saoire sa bhFrainc ar feadh seachtaine agus ar mhórchuaird na hÉireann ar feadh seachtaine eile. Agus th'éis an dá turas ar fad, caithim a rá go bhfuil saoire eile de dhíth orm.

Chonaic mé go leor, agus d'fhoghlaim mé go leor eile. Mar shampla, ní raibh a fhios agam coicís ó shin...

...gur féidir le gráinneoga snámh...
...go bhfuil an fál bosca is airde ar domhan ag fás in Éirinn...
...agus go bhfuil Crystal Swing iontach beo!

Tuilleadh le teacht... ;)

16.8.11

Teip le tae

Ar nuacht Channel 4 anocht déanadh tuairisc ar na stocbhróicéirí ar Wall St atá ag cur geallta ar thitim an Euro. Iad ag iarraidh airgead a 'thuilleadh' ar bhochtanas agus éadóchas na milliúin daoine. Ag caint faoi shochaí bhriste.


Ach breathnaigh céard a bhí ar bhinnse stocbhróicéara amháin - bosca tae Barry's! Eisimirceach Éireannach a dhíbireadh ón mbaile mar gheall ar theip an gheilleagair, ag obair ar son teipe eile. B'fhéidir go bhfuil sé uaigneach.

13.8.11

Mugscaradh

Tá súil agam go mairfidh bainnis Liam is Cháit níos faide ná an muga cuimhneacháin ;)


Aimsigh an difríocht

Roimhe
Ina dhiaidh
Bhí mé gnóthach an tseachtain seo (bhuel ar feadh uair nó dhó) ag péinteáil comhartha bóthair an tsráidbhaile i ndiaidh don chomhairle contae cuaille nua a chur ann in áit an tsean-chuaille a bhí tachtaithe le meirg. Ach, faoi mar a bhaineann le go leor mion-eachtraí sa cheantar beag tuaithe seo, tá scéal ag baint leis. 

Do tháinig CÚIGEAR comhairleoirí le JCB chomh fada linn i gcomhair an chuaille nua a chur suas, agus le linn don CHÚIGEAR sin ag dul i mbun oibre leagadh piara de chuid an tsean-droichid trasna an bhóthair leis an JCB. Agus fágadh briste é, le clocha móra caite uaidh ar an dtalamh. Tá an damáiste níos measa inniu agus leath don phiara, atá ina sheasamh ansin le beagnach 200 bliain anuas, tite sa bhfarraige. 


Th'éis cuairt na gcomhairleoirí...
...agus inniu
Is fuath liom an phrása, agus níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar an tír mar seo, ach fé mar a deireann m'aintín: that's a bit Irish. 

DAS, chuirfinn glaoch ar an gcomhairle chun an piara nua a dheisiú, ach táim buartha go dtiocfadh leath an chontae inár dtreo an uair seo, le dosaen JCBanna, agus go leagfaí an droichead ina iomlán. ;)

11.8.11

In ainm Gé


So, 'sé Gabriel Mary Byrne rogha na coitianta, le Mary eile sa séú háit, an bheirt acu ar thóir phost Mary eile - an dara Mary i ndiaidh a chéile.

'Sé Gay an t-iarrthóir is mó tóir air mar sin, agus fear le guth gé ina dhiaidh. Gay eile sa cheathrú háit, agus bean atá in aghaidh na gays ag an deireadh.

Agus sin uilig th'éis díbirt an t-aon gay sa chomórtas :(

In ainm Gé...



8.8.11

An Samhradh Thiar


Roinnt radharcanna ón tseachtain a chaith mé le cairde - Ultach agus Gearmánach - ag rothaíocht in iarthar na hÉireann.

Beithígh ar bhóithre Chonamara
Ealaí i lár na Gaillimhe
Droichead Rois, Co an Chláir
Sráideanna ildaite ilairde Chill Rois
Agus buaicphointí na seachtaine de réir an Ghearmánaigh? Ceol na Gaillimhe, clocha na Boirne, tábhairní Dúlainn, agus arán donn, bhuel, ehm, i gcoitinne :)

28.7.11

Túr na fola

Tá an radharc is fearr do chathair Bhaile Átha Cliath (i mo thuairimse) le fáil ón gclinic deonaithe fola - Teach na bPeileacán - ar shráideanna Westmoreland agus D'Olier i lár na cathrach. Bhíos ann le déanaí, tráthnóna Aoine, nuair a bhí an clinic ciúin go leor, agus chaith mé roinnt ama ag glacadh griangrafanna... i ndiaidh dom deonú, ar ndóigh.


Ní úfónna iad sin sa spéir, ach salachar ar an bhfuinneog.


Má's féidir leat cur suas leis na ceisteanna sláinte pearsanta, atá i bhfad níos pianmhaire ná an deonú é féin (!), is fiú go mór an turas. Gheobhaidh tú ceapaire, cupán tae, agus radharc den scoth ar bharr na cathrach... agus ar ndóigh dea-mhothúchán an altrúchais... leis.

An méad sin ráite, gheobhaidh tú an radharc céanna, beagnach beo, ó webcam ar an suíomh seo, gan braon ar bith a roinnt!

De réir dealraimh, tá clú ar an radharc seo le tamaill fada anuas i measc na bhfoilsitheoirí cartaí poist.