30.6.11

Radharc na Long Ard

Tá dhá webcam le fáil anseo ar shuíomh idirlín teach solais Rinn Dúbháin ar a bhfuil radharcanna beagnach beo (gach 4 soic) do Chuan Phort Láirge agus na longa arda ag gabháil trasna. Cliceáil ar na scáileáin beaga chun iad a mhéadú.



Agus pictiúir do na longa ar fad á chur ar a leathanach Facebook chomh maith: www.facebook.com/HookLighthouse.


So, má tá an M9/M11 rófhada chasta daoibh, is féidir sult a bhaint as an bhféile ó bhur mbailte féin.

28.6.11

Féile na Long Ard


Seolfaidh thart fá 50 long amach ó Chuan Phort Láirge an Domhnach seo agus tús spleodrach á chur le Rás na Long Ard 2011. Ní fhéadfá suíomh níos fearr a fháil i gcomhair an t-aicsean ar fad a fheiscint ná Rinn Dúbháin, Co. Loch Garman.

Beidh pairceáil le fáil go háitiúil saor in aisce, le seirbhís tointeála bus go deireadh na leithinise á chur ar fáil go rialta i rith an lae. So, má tá siamsaíocht uaibh an deireadh seachtaine seo, tar anuas go dtí an tOirdheisceart, ahem, Grianmhar*.

Faraor, tá ceathanna éadroma geallta :(

24.6.11

Ceann scríbe na bliana?


Ainmníodh Caerdydd mar 'seod' turasóireachta i liosta a chum an iris National Geographic Traveller dos na háiteanna saoire is fearr ar domhan i mbliana.

Hmmmmmm... nílim cinnte.

Foilsíodh an liosta an tseachtain seo, agus caithim a rá gur chuir ainmniúchán Chaerdydd iontas, agus mearbhall, ar mhuintir na cathrach. Tá an cuma ar an áit go bhfuil borradh mór ag teacht ar an gcathair, go háirithe sna ceantracha siopadóireachta i lár na cathrach agus na háiseanna i gcuan Chaerdydd, ach an séú ceann scríbe is fearr ar domhan?

Beidh Caerdydd ina Príomhchathair Spórt na hEorpa i 2014, teideal atá tuillte go maith aici - tá áiseanna spórt den chéad scoth anseo, leis na staideanna, linn snáimhe Oilimpeach, cúrsa uisce bán, agus a suíomh idir na sléibhte agus an fharraige. Agus bíonn neart craic ann le linn na 6 Nations. Ach don ghnáth-turasóir, ar ghnáth-dheireadh seachtaine, seachas an caisleán agus an iarsmalann náisiúnta, níl mórán le déanamh sa chathair. Níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar an áit, mar taitníonn sé go mór liom mar chathair chónaithe. Ach dar liom féin tá an iomarca sreang-bhialanna agus sreang-phubanna anseo, agus easpa gnóthaí beaga sainiúla a thabharfadh aitheantas ar leith don áit. An iomarca béime curtha ar phraghasanna ísle in áit caighdeáin arda, má thuigeann tú mé.

B'fhéidir gur mhealladh an National Geographic ag na hainmhithe fiáine a bhíonn le feiceáil ar shráideanna na cathrach san oíche! ***Fainic*** tá íomhánna scanrúla sa nasc sin ;)

21.6.11

An t-ór airgead


Thugas faoi deara le déanaí, go bhfuil im nua le fáil - im 'éadrom' - ó Kerrygold, rud a chuir gliondar ar mo chroí. B'aoibhinn liom slám ime a chur ar arán agus bonnóga nuair a bhí mé óg, rud a d'fhoghlaim mé ó mo sheanmháthair. Arán donn, fós te ón oigheann, le h-orlach ime. Ní fhéadfá é a shárú. So, bhí mé breá sásta go raibh rogha níos, ahem, sláintiúla ann anois. Bheinn ábalta fáil réidh leis an margairín agus filleadh ar bhlas an bhaile.

Ach, faraor, tá fós 60g de saill i ngach 100g don im éadrom - in áit 80g san im ór. Á bhuel, tús maith le na hoibre. Sílim go mbeidh orm fanacht ar an gceann cré-umha, áfach.

Meme, méim, mím

Chroch cara liom an pictiúr seo thuas ar Facebook ar maidin agus é i ndiaidh roinnt phótóshopála a dhéanamh air.


An gciallaíonn sé sin gur 'meme' anois mé?!

Feicim go bhfuil an focal 'méim' curtha ar focal.ie le deanaí.

méim bain2
gu: méimeai: méimeannagi: méimeanna

De réir dealraimh, cumadh an focal ag Richard Dawkins ina leabhar The Selfish Gene i 1976, ach úsáidtear níos minicí anois é chun cur síos a dhéanamh ar na paistísí a dhéantar ar phictiúir agus físeanna agus a scaiptear go forleathan ar an idirlíon.

Déarfaínn gur ghlaodh 'méim' air chun fréamh an fhocail leis an bhfocal 'géin' a choinneáil. Agus tuigim nár chóir go mbeadh nuafhocail Gaeilge ag brath ar an mBéarla i gcónaí. Ach b'fhearr liomsa 'mím' a chur air, agus gnáthfhuaimniú an Bhéarla a choinneáil. Chuirfeadh sé leis an liosta gairid focal sa Ghaeilge a chríochnaíonn le -ím (bhuel, briathra san aimsir láithreach as an áireamh). De réir A Reverse Dictionary of Modern Irish níl ach ceithre cinn ann: fastaím, scím, ailím, rím. Ní aithním féin ach an ceann deireanach.


Ní bheinnse chomh sotalach saineolach sin focal Gaeilge a chumadh nó a cheartú. Níl ionam ach Gallgóir gruama gránna. Bhfuil tuairimí dá laghad agaibh? Nó an bhfuil mise, mé féin 's mo mhím inár n-aonar?!




rím bain2      

gu: rímeai: rímeannagi: rímeanna

mím bain2      
gu: mímeai: mímeannagi: mímeanna


Bhí mé den tuairim gur chóir 'mím' a ghlaoch ar an bhfocal nua seo. Ach, de réir mar a mhínigh Aonghus dom ina thrácht, tá focal 'mím' ann cheana féin le cur síos a dhéanamh ar ealaín Marcel Marceau agus a chairde. Fanfaidh mé im thost faoi mar sin ;)

20.6.11

In ómós do Rory McIlroy...

 


Nuair a bhí gruaig fhada agam, dúradh liom go raibh cuma Rory McIlroy orm.

Bhuel níor cheapas ansin go bhféadfainn airgead a thuilleamh as!

Anois nuair is ceann de phríomh-réalta an spóirt é, an ndóigh libh go mbeadh éileamh ar look-alikey?!

Ní ghearrfaidh mé mo ghruaig arís go deo...

17.6.11

Ó Cheanada...

Chaith mé ceithre mhí i gCeanada fadó, fadó, ag obair i dToronto ar feadh samhraidh - ar oileáin na cathrach le bheith cruinn. Agus thaitin an tír liom. Bhí sé glan, dea-mhúinte, fulangach. B'fhéidir róghlan, rómhúinte, rófhulangach uaireanta. 

So, chuir an t-alt seo iontas orm ar maidin. Círéibeanna i gCeanada? Sa chathair is fearr ar domhan le cónaí? Agus ba faoin haca a bhí an t-achrann? Dochreidte...

Cathair liteartha Vancouver

Cathair ilchultúrtha Vancouver

Cathair turasóireachta Vancouver

Cathair spóirtiúil Vancouver

Cathair rómánsúil Vancouver

Táimid bancbhriste, dífhostaithe, in ísle brí in Éirinn. Agus ní féidir linn ach ubh a chaitheamh.



Buíochas arís le broadsheet.ie, m'fhoinse is mó, ahem, nuachta le gairid.

15.6.11

An t-ainm comhlachta is measa riamh

Tá oifig dlíodóirí suite ar phríomhshráid Chaerdydd darbh ainm: Loosemores.

Ní hamháin go gcailleann siad níos minicí ná na dlíodóirí eile sa chathair: Lose + more...

...ach is cosúil nach bhfuil cód morálta róláidir acu ach oiread:  Loose + mores.

Hmmmm..., comhlacht, a theipeann orthu go minic, le cód morálta lag scaoilte... ba chóir dóibh banc a oscailt in Éirinn.

9.6.11

Cónaí le cailíní

Tá an cailín thuas staighre ag gol, gan sos, le trí lá anuas de bharr troda idir í féin agus a buachaill. Cloisim í, tríd an tsíleáil, ar an nguthán lena máthair ag tabhairt amach faoi, idir chaointe, go déanach san oíche.

Briseadh an maisín níocháin ar an deireadh seachtaine, agus dúirt an t-innealtóir inniu go bhfuair sé fáiscín cíochbhirt sáinnithe sa mhótar.

M'anam ach caithfidh mé batchelor pad a aimsiú i ndiaidh an tsamhraidh.

7.6.11

Taoiseach ar a thriail

Mar a dúirt mé cheana, is iomaí difríocht idir C agus R.

An scéal is déanaí ón Íoslainn...
...cúisíodh iar-Phríomh Aire na tíre, Geir Haarde, dá pháirt i ngéarchéim eacnamaíochta na tíre, dá easpa gníomhaíochta in aghaidh titim na mbancanna agus dá easpa ceannaireachta ina dhiaidh. Táthar ag rá go bhféadfadh sé dul go priosún ar feadh dhá bhliain dá bharr.

Geir Haarde - Bertie na Réicivíce?
Dála an scéal, cuireadh triúir aire rialtais tús leis an bpróiséas an tUasal Haarde a chúiseamh. Agus dar leis na 15 breitheamh san Ardchúirt, b'éigean dóibh leanúint leis an dtriail.

An bhfuil próiséas leagtha amach i mBunreacht na hÉireann lena leithéid d'fhaillí i ndualgas a chúiseamh?

6.6.11

Bheinn sásta bheith i m'iasc...

Ar iarr éinne ort riamh: "dá mbeifeá i d'ainmhí, cén saghas ainmhithe a roghnófá?"

Cheapas riamh gur mhaith liom bheith i m'iolar, nó aon éan mhór (bhuel, seachas an ostrais) - go mbeinn ábalta eitilt go hard sa spéir, go saor, agus breathnú anuas ar gach rud, gan a bheith sáinní ar an dtalamh nó sa bhfarraige.

Ach táim idir dhá chomhairle ar maidin, th'éis an físeán gleoite seo a fheiscint ar broadsheet.ie. Físeán don saol rúnda ildaite atá fo thuinn na hÉireann.



Bheinn breá sásta bheith i m'iasc anois! A leithéid de shaoirse. In áit na heitilte, bheadh foraisí fheamainne mar bhac-cúrsa agam.

4.6.11

Ní maith liom cruicéad...

...is breá liom é.


Chonaic mé mo chéad chluiche cruicéid riamh anocht sa Staid SWALEC anseo i gCaerdydd, le Glamorgan i gcoinne na Middlesex Panthers. M'anam, ach bhaineas an-sult as, rud nach rabhas ag súil leis, bíodh a fhios agaibh. £5 ar ticéad (do mhic léinn), beoir le fáil gan scuaine ar bith (an-tábhachtach, ar ndóigh), tráthnóna breá grianmhar amuigh faoin aer, lucht féachana gléasta mar Elvis, agus popcheol á sheinnt sa staid gach uair a bhfuair siad 4 nó 6 pointe. Beidh mé ar ais arís.

'Éireannach' eile sa 'siamsaíocht' leath-ama
Ba é an chéad chluiche Twenty20 sa bhliain - agus cluiche conspóideach a bhí ann. I ndiaidh dóibh 199 a bhaint amach sa chéad leath, bhí Glamorgan ag babhláil nuair a bhris na soilse! Bhí an áit dubh dorcha ar feadh beagnach uair a chloig agus na himreoirí, an réiteoir agus na hoifigigh ar fad ag siúl timpeall, agus an lucht féachana ag canadh i gcónaí! Faoi dheireadh thiar thall, lasadh na soilse arís agus faoi cheann ceathrú uair a chloig chuir babhlaer Glamorgan deireadh leis an gcluiche agus imreoirí Middlesex ar fad curtha amach aige. Rud nach dtarlaíonn rómhinic sa Twenty20.

(Caithim a admháil go rabhas ag breathnú ar deireadh an chluiche ó phub in aice na staide - Y Mochyn Du / An Mhuc Dhubh - ach seo daoibh pictiúr dos na soilse mícháiliúla sin, agus iad ar ais ag obair).



Morgannwg abú!