30.9.11

Iníon Chambon

Chonaic mé scannán den chéad-scoth anocht, ceann Fraincis dár teideal Mademoiselle Chambon.
Cáintear scannáin Eorpacha go minic maidir lena scéalta malla, easpa comhrá agus an iomarca radharcanna fada. Agus bhí sé uilig ann sa scannán seo. Scéal bunúsach simplí faoin ngrá laethúil, an dílseacht agus mion-bhuanna is theipeanna an tsaoil. É sin agus fuaimriain álainn clasaiceach. D'ardaigh sé mo chroí.

Ba bheag nár chonaic muid The Inbetweeners. Buíochas le Dia, críochnaíodh a chraoladh an tseachtain seo caite!

28.9.11

Lá Eorpach na dTeangacha Sona Daoibh

Sea, inniu é Lá Eorpach na dTeangacha - ní Lá na dTeangacha Eorpacha, bíodh fhios agat - agus cuireadh ócáid spéisiúil, spreagúil agus fíor-speisialta ar siúl i Rannóg an Léinn Eorpaigh anocht in Ollscoil Chaerdydd.


Tugadh cuireadh do phobal na hollscoile - idir léachtóirí, fhoireann agus mhic léinn - dánta a léamh ina dteangacha féin os comhair a chéile. Taispeánadh dhá leagan do gach dán thuas ar scáileán taobh thiar den léitheoir - sa teanga ina scríobhadh an dán, agus aistriúchán Béarla dó. Mar sin, bhíomar in ann éisteacht le rím agus rithim na filíochta, chomh maith leis an míniú a leanúint ón aistriúchán. Chuir gach ceann acu go mór i bhfeidhm orm, ach caithim a admháil gur thaitin fuaim agus foghraíochta na Gearmáinise, na hAfracáinise agus na hAraibise liom go háraithe. Ní mise a léigh dán Gaeilge, ach fear eile san ollscoil. Roghnaigh sé Adhlacadh mo Mháthar le Seán Ó Riordáin - rogha láidir - agus bhí sé gach pioc chomh fileata leis na dánta eile. Gan amhras, ba é an chéad deis riamh ag formhór an lucht éisteachta an Ghaeilge a chloisteáil.

Seo é ord na ndánta go léir:

Teanga, Dán, File

Béarla (Shakespeare), dhá shoinéad, Shakespeare
Afracáinis, Die kind wat dood geskiet is deur soldate by Nyanga, Ingrid Jonker
Araibis, The Animal, Ahmed Shawqi
Bulgáiris, The Enticement of Meaning, Maria Doneva
Ollainis, September in Zeeland, A. Marja
Fraincis, Prière pour aller au paradis avec les ânes, Francis Jammes
Gearmáinis, Der römische Brunnen, Conrad Ferdinan Meyer
Gaeilge, Adhlacadh mo Mháthar, Seán Ó Riordáin
Iodáilis, A te, Giovanni Testori
Peirsis, That Holy Night, Hafiz
Polainnis, Jeszcze, Jan Twardowski
Seirba-Chróitis, Vrati me moje krpice, Vasko Popa
Sualainnis, Samlen Icke Guld Och Ädeistenar, Edith Södergran
Breatnais, Gofyn march gan Abad Aberconwy dros Lewis ap Madog, Tudur Aled

Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh amach anseo an dán Sualainnise a aistriú daoibh agus a fhoilsiú anseo - cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith. Bhí meafair agus meon an-láidir ann, dar liom féin, agus an-oiriúnach don lá atá inniu ann

22.9.11

Bia is Bóthar


Anois, agus é in am dom filleadh ar Chaerdydd, beidh mé ar ais ar an bpasta agus stir-fry go luath, faraor. Ag súil go mór le fáil isteach ar shaol na cathrach agus na hollscoile arís. Go háirithe roimh an gcluiche mór atá le theacht – bhuel, tá súil agam go bhfuil sé le theacht – idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag sa rugbaí (b’fhéidir nach n-aontódh muintir na hIodáile ná an Samoa leis an ndúil sin). Ach aireoidh mé uaim béilí breátha an bhaile, agus saibhreas na talún agus na farraige á roinnt linn anseo. Le coicís anuas fuaireamar dhá lacha fiáin, coinín óg, mála diúilicíní, babhla muisiriún fiáine agus dhá mhilléad liath (sa phictiúr thuas), ó chomharsana éagsúla, saor in aisce agus gafa nó pioctha sa pharóiste. Anois, ní haon chef mise… ach mothaím ar nós iomaitheora ar Masterchef Ireland agus na comhábhair ar fad seo ag fanacht orm sa chistin gach tráthnóna. So, seo daoibh m’oideas ar chonas stobhach coinín a chócaráil. Níor scríobh mé oideas riamh ar an mblag seo, agus ní dóigh liom go mbeidh béile chomh blasta le cócaráil agam ar feadh tamaill eile ;)

Th’éis an craiceann a bhaint ón gcoinín d’fhág mé an corp i mbabhla uisce agus salann thar oíche (nod a d’fhoghlaim mé ó YouTube) chun an searbhús a bhaint ón bhfeoil. Sea, ní féidir brath ar gach rud ar an idirlíon (an t-oideas seo ina measc, b’fhéidir!) ach bhí blas deas ar an bhfeoil ina dhiaidh, mar sin, molaim an nod sin freisin. Ghearr mé an corp ina cheithre cuid agus chuir mé á fhriocadh in im go dtí go raibh an feoil go deas donn. Ag an am céanna bhí oinniúin á bhogadh sa phota agam. Isteach sa phota leis an gcoinín, trí pionta stoic nó mar sin, trí duilleog labhrais, píobar agus salann, ar bhruith ar feadh uair go leith. Ansin, isteach le trí cairéad ar feadh leathuair eile. Rinne mé roux sciobtha chun an t-anlann a dhéanamh níos tiubhe, agus voilà bhí an stobhach réidh le n-ithe. Th’éis an oiread sin ama sa phota bhí an feoil ag titim ón gcnámh agus deas bog blasta sa bhéal. 


Caithim a admháil nach bhfuil cuma ró-bhlasta air sa phictiúr seo! Ach breathnaigh ar mo dhiúilicíní ;) An bhfaca tú aon rud chomh mealltach sin riamh?!


14.9.11

Peirspictíocht

Páirc Náisiúnta na  gCrónghiúisí, California?

Nó Gairdín Chaisleán Bhiorra, Co. Uíbh Fháilí?


Agus ag caint faoi pheirspictíocht, tá dearcadh nua ar an saol le fáil ar bhlag nua an Tiománaithe, anseo. Go n-éirí leis.

11.9.11

9/11 +10


Inniu, ar lá cothrom deich mbliana 9/11, tá an domhan ag cuimhneamh siar ar an lá tragóideach sin agus tionchar na n-eachtraí úd a thomhais. Cosúil le gach duine eile, ar ndóigh, tá scéal agam féin faoin lá.

Do bhíos i Nua Eabhrac an lá roimhe - 9/10 - th'éis saoire seachtaine a chaitheamh ar Mhanhattan. Is cuimhin liom go soiléir an t-oileán a fhágáil an oíche sin, an ghrian ag dul faoi agus muid ag tiomáint ó thuaidh.  Thugas sracfhéachaint siar ar spéirlíne liath na cathrach, agus chuimnigh mé go ciúin ar na mílte Éireannach a thuirling ann thar na blianta agus a fháiltíodh ann, saol nua á chruthú acu. Ghabh mé buíochas leis an gcathair roimh chasadh ar ais i dtreo Cheanada.

I Montréal an mhaidin dár gcionn, fuair mé téacs ó chara sa mbaile: Are ye back in Canada? Safer out of NYC methinks. Ní raibh clú againn céard a bhí á rá aige, ach nuair a d'iarr muid ar bhean a bhí amuigh ag scuabadh na sráide, mhínigh sí dúinn, as Fraincís, gur tharla 'timpiste' ann ar maidin. Ar aghaidh linn go caifé, ina bhfuair muid teilifís ann, agus leis na milliúin eile thar timpeall na cruinne, bhíomar sáinní os a chomhair an mhaidin ar fad. Ag stánadh, ár mbéala ar leathadh, ar na foirgnimh sin a bhí mar chúlra againn dhá lá roimhe agus muid ar phicnic i mBattery Park.

Níor thuig muid céard a bhí ar siúl, ar ndóigh. Níor thuig éinne. Is cuimhin liom níos déanaí sa lá, cuairt a thabhairt ar pháirc Oilimpeach Mhontréal, a bhí dúnta, ar eagla go n-ionsófaí é. Bhí an domhan ar bís, briste, leochaileach. Tháinig dhá pháipéar speisialta, saor in aisce, amach an tráthnóna sin, ceann as Béarla, ceann eile as Fraincís, le hanailís ar na heachtraí. Léigh muid an t-ainm sin 'Al-Qaeda' don chéad uair, a bheadh go mór i mbéala agus meonta an phobail as sin amach.

Cuimhním inniu ar na mílte a chailleadh an lá sin, i gcathair na dtúr. Cuimhním ar oibrithe an Phentagon. Ar phaisinéirí United 93. Cuimhním ar na mílte mílte atá maraithe ó shin i bhfad i gcéin in ainm Chogadh na Sceimhlitheoireachta. Ar dheis Dé go raibh a n-anamnacha go léir.

Murach na mná...



Comhghairdeas le mná Loch Garman inniu agus craobh shinsir agus idirmheánach na camógaíochta buaite acu. Ní féidir cailíní an chontae a shárú!

8.9.11

Uíbh Álainn

Ar mhórchuaird thar timpeall na hÉireann le déanaí, chuaigh contae amháin go mór i bhfeidhm orm. Ní contae ar chósta an iarthair é, nó ceann scríbe mór turasóireachta. Thaisteal mé tríd an chontae seo go minic gan fiú stopadh. Cheapas nach raibh ann ach portaigh. Bhuel, tá cuid mhaith phortach ann... chomh maith le go leor eile, in Uíbh Fháilí.

Ar dtús báire, mainistir ársa Chluain Mhic Nóis. Anois, ní áit rúnda í... tá aithne mhaith againn uilig ar na séipéalanna agus ardchrosa san ionad, ach chuir sé iontas orm cé chomh ciúin is a bhí sé an lá sin. Thaitin an héileapad seo thíos liom.


Ar aghaidh linn ó dheas go baile Bhiorra, lena chaisleán mór agus gairdíní foirmeálta is fiáine. Chuala mé faoin teileascóp clúiteach cheana féin, ach an raibh a fhios agaibh, a chairde, go raibh an fál bosca is airde ar domhan ag fás ann freisin?! Curtha 135 bliain ó shin, ní raibh cómhartha nó léirsceál gar dó. Bhí orm ceist a chur ar an ngarraíodóir len é a aimsiú.

Agus seo é an t-eas gleoite sa gharraí uisce. Arís, ní raibh duine ná deoraí le feiceáil san áit.

Níos faide fós ó dheas, ar bhun panhandle an chontae, bhuail muid isteach i dtigh ósta Hayes i mbaile "dúchais" Obama - Muine Gall. Bhí bratacha na Stáit Aontaithe le feiscint fós ar dhá thaobh na sráide, agus DVD den nuacht ó lá dodhearmadta na cuairte le feiscint ar scáileáin sa tigh. De réir Ollie Hayes, tá na céadta ag teacht fós chuig an baile... an tseachtain deireanach bhuail stag night isteach ar a mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Luimneach, agus taobh istigh de 20 nóiméad bhí €190 taobh thiar den bheár! Go n-éirí leo. Tá an cuma ag teacht ar an scéal nach mbeidh Obama sa teach bán le fada, áfach.

5.9.11

Ciúin le coicís

Bhí mé as láthair anseo le coicís anuas agus mé ar saoire sa bhFrainc ar feadh seachtaine agus ar mhórchuaird na hÉireann ar feadh seachtaine eile. Agus th'éis an dá turas ar fad, caithim a rá go bhfuil saoire eile de dhíth orm.

Chonaic mé go leor, agus d'fhoghlaim mé go leor eile. Mar shampla, ní raibh a fhios agam coicís ó shin...

...gur féidir le gráinneoga snámh...
...go bhfuil an fál bosca is airde ar domhan ag fás in Éirinn...
...agus go bhfuil Crystal Swing iontach beo!

Tuilleadh le teacht... ;)