28.5.10

Crann Cnó Capaill


Ní fhaca mé riamh, 
Níor chuala mé trácht
Ar rud chomh deas
Le crann faoi bhláth.

26.5.10

An nuacht is fearr

Dhá scéal sa nuacht inniu a chuireann gliondar ar mo chroí.

Guinness go maith dod' shláinte...

http://news.bbc.co.uk/1/hi/health/3266819.stm

...agus tá saol na tuaithe go maith duit chomh maith.

http://www.guardian.co.uk/uk/2010/may/25/rural-idyll-boots-life-expectancy

Ba chóir dom filleadh ar Éireann go luath. (Níl Guinness deas le fáil anseo in aon áit!)

25.5.10

Trácht ag an trá

Bhí an chéad snámh agam sa bhfarraige i mbliana ar an Domhnach, in áit bheag darbh ainm Ogmore-by-Sea. Bhí sé nimhneach fuar, agus go haoibhinn ar fad!

Rud a chuireann isteach orm sa tír seo, áfach, ná na táillí ag ionaid pairceála na tránna. Bíonn gá i gcónaí ticéad a cheannach, ar chostas £2-£4. Just chun dul ag snámh.


Thug mé faoi deara go raibh abairt ar an bhfógra pairceála a bhí an-chosúil leis an nGaeilge. 

Ni chodir tâl ar bobl anabl...

Ní chuirtear táille ar an bpobal míchumasach...

Tá an Ghaeilge agus an Bhreatnais AN-difriúl, ach uaireanta bíonn an nasc eatarthu chomh soiléir.

20.5.10

An caifé is fearr sa Bhreatain

Nílim ag magadh faoi. Bhuaigh Waterloo Tearooms duais anuraidh don Chaifé Neamhspleách is Fearr sa Bhreatain 2009. http://www.waterlootea.com/

Bhí mé ann inniu. Tá os cionn 50 cineál tae le fáil ann (níl 'builder's tea' ina measc, áfach, a Dennis).

Bhí 't' le fáil sa leithreas, fiú, dom' chóta a chrochadh. Nach deas é?



Focal nua don Fhótafoclóir inniu...

Prif = Príomh




18.5.10

Fótafoclóir Gaeilge-Breatnais

Right. Táim chun tús oifigiúl a chur leis an gcéad Fhótafoclóir Gaeilge-Breatnais anseo. Le cúnamh Dé, beidh an leabhar sna siopaí i gcomhair na Nollag!


Siopau = Siopaí
(Tollau = Tollaí)


Drws = Doras
Tân = Tine

Eglwys = Eaglais

Pwll mawr = Poll mór

14.5.10

Deireadh an téarma

Bhí mo rang deireanach Gaeilge agam inniu. Ochtar (thosaigh mé le dáréag) mac léinn ullmhaithe don scrúdú scríofa ar an Luan - bhuel, ba chóir go mbeadh siad ullamh. Tá an scrúdú béil déanta acu cheana féin, agus d'éirigh go maith leo. Táim buartha faoin litriúchán sa scrúdú scríofa, áfach - chuireas an béim ar an gcaint sa rang cé nach fiú ach 20% don mharc iomlán í - ach i mo thuairim 'sí an chaint is tábhachtaí.

Bhaineas an-sult as an múinteoireacht. Rang bríomhar spraoiúil a bhí iontu. Agus d'fhoghlaim mé go leor uathu freisin.

13.5.10

Loch Garman-shire

Déanadh cur síos ar na gairdíní is fearr sa Ríocht Aontaithe inniu sa Ghuardian.

Agus féach ar uimhir a 8!



Níl Lydia bhocht róshásta faoi.




Ok, so, like, nílimid sa Ríocht Aontaithe agus, like, ba chóir go mbeadh nuachtán náisiúnta níos cúramaí, ach leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus luaithreamhán bolcánach fós ag titim anuas ón spéir nach deas é scéal dearfach turasóireachta a fheiceáil!

Oh, agus táim níos gaire le Loch Garman anseo i gCardiff ná cuid mhaith eile na Breataine, níos gaire ná tuaisceart oileán Anglesey i dtuaisceart na Breataine Bige fiú.

12.5.10

Oileán Thóraithe




So, 'sé David Cameron Príomh-Aire nua na Breataine, le cabhair óna Lib Dems. Glacfaidh mé go bhfuil an roinn is mó suíocháin ag na Tóraithe ach tá siad (beagnach go hiomlán) i Sasana, agus go háirithe sna ceantracha tuaithe.



Má bhreathnaítear níos géara ar na Tóraithe nua, feictear nach bhfuil ach dáréag dóibh tofa sna ceantracha Ceilteacha - Albain, Tuaisceart Éireann, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine. Ní sin ach 12 as 123 suíochán, nó 12 as 105 gan an Tuaisceart san áireamh.

Níor éirigh leis an gcomhaontú sa Tuaisceart leis an UUP, níor tháinig méadú ar bith in Albain.

'Sé David Cameron Príomh-Aire na Breataine ach, sin ráite, ní Príomh-Aire Cheiltigh na Breataine é.

Faoi Ghlas


Bhí an onóir agam anocht bualadh le Caroline Lucas, an chéad MP Glas riamh sa Bhreatain. Bhí sí ag fanacht ar traein léi féin i lár stáisiún Victoria i Londain. Nach deas é polaiteoir a fheiceáil i mbun taisteal poiblí a usáid? Bhí orm comhgairdeas a gabháil léi agus a lámh a chroitheadh. Go n-éirí leis an nguth glas i measc na ngorm.

6.5.10

Seanad glas oscailte


Feictear díreach i lár an ghriangraif seo (agus ar bharr an bhlaig) Senedd - Seanad - na Breataine Bige, cruthaithe 10 mbliana ó shin le teacht na déabhlóide.

Shiúil mé isteach inniu chun grianghraf a ghlacadh, agus tugadh cuireadh dom turas treoraithe a dhéanamh liom féin agus saor in aisce! Bhí mé uair a' chloig ag siúl timpeall leis an treoraí agus bhí cead agam gach seomra ann a fheiceáil.

Chuir sé iontas orm cé chomh oscailte (70% don fhoirgneamh oscailte don phobal), nua-aimseartha (ríomhairí vótála, scáileáin i gcomhair físeanna ón bpobal a thaispeáint sa tionól) agus glas (uisce athchúrsáilte, fuinneamh glan agus glas) is a bhí an foirgneamh. Is féidir le éinne cuairt a thabhairt air agus obair an tionóil a fheiscint gan cead a fháil roimhré. Agus ní ghá ach 10 nainmneacha a fháil chun do thuairim féin a chur roimh an tseanaid. Bíonn leath don obair as Breatnais, le foireann aistritheoirí ann i gcónaí.






Bhí sé an-chiúin inniu mar gheall ar an toghchán, ach beidh mé ar ais arís. (Tá caifé álainn ann, ar ndóigh!)

Ar stríoc

Tá sár-jab déanta ag an Chartlann Náisiúnta le déanaí sean-ghriangrafanna a chur go poiblí ar an idirlíon. Bhí mé ag breathnú tríd, nuair a chonaic mé an griangraf seo do theach solais Rinn Dubháin, i gcontae Loch Garman.


D'aithnigh mé go raibh rud éigin in easnamh. Bhí straidhp sa bhreis acu fadó.

Cutbacks, a leanbh. Beidh siad againn go deo!


4.5.10

Ceacht sa Mhanainnis

Bhí an t-ádh orm inniu léacht a chloisteáil ó Mharie Clague, saineolaí agus taighdeoir Gaeilge na Manainne. Thug sí léirmheas dúinn ar stair na teangan agus a staid sa lá atá inniu ann. Cé go bhfuair an cainteoir deireanach bás i 1975, tá os cionn míle duine le Manainnis inniu - thart fá 50 dóibh a ghlaoitear 'líofa' orthu féin - agus tá "bunscoill Ghaelagh" ar an oileán le 64 dalta. Tá go leor cosúlachtaí idir deacrachtaí na Manainnise agus na dteangacha Ceilteacha eile, rud a chuir iontas ar na Breatnaigh sa lucht féachana. Fadhbanna leis an teanga a chur chun cinn i measc daoine óga, le caighdeán a chruthú don chóras oideachais, le múinteoirí líofa a aimsiú, srl. Chuir sé gliondar ar mo chroí í a chloisteáil ag labhairt na teangan agus cé chomh cosúil is atá sí lenár nGaeilge féin. Rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann taifeadadh ar seachtar cainteoir i 1948, agus is acmhainn fíor-thábhachtach é fuaimniú ceart na teangan a chaomhnú (cé go raibh go leor difríochtaí idir na cainteoirí ar fad mar gheall ar an easpa cumarsáide eatarthu).



Chuir mé cúpla ceist uirthi ag deireadh na léachta faoin nasc idir na 'Gaeilgí' ar fad. Dar léi, 'sí Gaidhlig na hAlbain an Ghaeilge is congaraí don Mhanainnis ach, sin ráite, go mbreathann siad ar Ghaeilge na hÉireann go minic agus iad ag cruthú focail nua Manainnise do théarmaí nua-aimseartha (tá Gaeilgeoir Éireannach ar an gcoiste teangan, agus tá tionchar mór aige ar na haistriúcháin).

Mionteangacha mhóra

Tá cónaí orm i gcuan Chardiff, áit ina bhfuil athnuachan mhór déanta le 20 bliain anuas. 'Sé an Millennium Centre an foirgneamh is fearr liom féin - a éiríonn cosúil le tonn mhór chré-umha ag deireadh mo bhóthair. I rith na hoíche, lastar aghaidh an fhoirgnimh agus feictear na liricí: "In these stones horizons sing", as Béarla agus Breatnais.


Tugann na focail móra seo draíocht don fhoirgneamh - ach chomh maith leis sin, tugann sé stádas don Bhreatnais mar theanga beo ealaíonta. Léiríonn sé go mór soiléir cé chomh tábhachtach is atá an teanga i saol cultúrtha na tíre.

Thosaigh mé ag smaoineach aréir, cá bhfuil an Ghaeilge "is mó" le feiscint? 

Anseo?

Bíonn NOLLAIG SHONA mór scríofa ar cheannáras TG4 chuile bhliain freisin.

Aon áit eile le Gaeilge chomh mór seo i súil an phobail?