27.6.12

Cartagrafaíocht shimplí

Is breá liomsa léarscáileanna agus, mo bhuíochas le The Guardian, d'aimsigh mé an suíomh idirlín Open Heat Map an tseachtain seo, a chuireann uirlisí cartagrafaíochta ar fáil saor in aisce. Is féidir léarscáileanna éagsúla a chruthú go huathoibríoch ar an suíomh sin. Ní gá ach comhad Excel a chruthú leis na sonraí ar fad curtha i liostaí ann ar bhealach atá sothuigthe ag an suíomh... agus voilá tagann léarscáil bhreá aníos ar do scáileán. Agus mé ag spraoi leis an suíomh inniu, chruthaigh mé an ceann seo thíos a léiríonn na contaetha in Éirinn leis an oiread is mó bratacha gorma dá dtránna agus muiríní geala. Is féidir cliceáil agus zúmáil ar na léarscáileanna thíos.



Nó an léarscáil domhanda thíos, a léiríonn líon na  n-iar-bhuaiteoirí i bhFéile na Rósanna Thrá Lí ó na tíortha éagsúla.



Faraor, ní aithníonn an suíomh na sé chontae éagsúla i dTuaisceart Éireann. Ach glacann sé le go leor teorainn eile... tíortha, stáit, toghlaigh, srl. (Liosta anseo). Bain triail as.

Leid daoibh... ní raibh orm ach an liosta seo a shábháil mar chomhad .csv in Excel agus é a uaslódáil ar an suíomh Open Heat Map chun léarscáil na mbratach gorm a chruthú.

Rank     ire_county     Value
1           mayo              13
1           kerry              13
1           donegal          13
2           cork                 9
3           clare                8
3           galway            8
4           wexford          6
5           dublin             5
6           wicklow         3
6           louth               3
6           waterford        3
7           sligo                2
8           westmeath       1

22.6.12

Cruthanna ar dathanna

Alt spéisiúil in Le Monde inniu faoi dearthóir Portaingéaleach atá tar éis córas de shiombail éagsúla a chruthú chun cur síos a dhéanamh ar dathanna do dhaoine dathdhalla. De réir an ailt, ní féidir le idir 8-10% d'fhir idirdhealú a dhéanamh idir na dathanna dearg agus glas - fadhb a ghlaotar daltonism air sa Bhéarla.


Sa chóras nua seo, úsáidtear línte agus triantáin chun siombail shainiúla a chruthú a léiríonn réimse leathan de dhathanna éagsúla. Úsáidfidh siad na siombail amach anseo ar léarscáileanna den metro in Lisbon, ar na bráisléid a chaitheann othair san ospidéal, ar ábhair ealaíne sna scoileanna... aon áit ina gcabhróidh na siombail seo le roghanna agus neamhspleáchas na ndaoine dathdhalla.

Na siombail nua ar mhapa metro
Agus chun an córas nua a chur in iúl do ghnáth-mhuintir na Portaingéile, tá feachtas ar bun ag an gcóras poist sa tír a thaispeánann cuid de na siombail nua ar réimse nua stampaí. Nach maith an smaoineamh sin. 



Ag bogadh ar aghaidh...

Cad a tharlaíonn don nua-theicneolaíocht nuair a éiríonn sé sean?!


Daoibhse a rugadh, ahem, i ndiaidh 1997... is iad VHSanna na boscaí móra truamhéalacha thuas. Ní i musaem a chonaic mé iad, ach ar bhord lasmuigh de leabharlann na hollscoile. Is cosúil go bhfuil siad "ag bogadh ar aghaidh" leis an teicneolaíocht (faoi dheireadh thiar thall) agus ag fáil réidh lena sean-fhíseáin ar fad.

Ní fhéadfá a rá gur scannáin chlaisiceacha iad na samplaí ar fad thuas. An raibh éileamh riamh ar Gone in 60 Seconds...ar VHS...ón leabharlann, meas tú?! 

Ní dóigh liom go bhfuil seinnteoir VCR ag mórán mac léinn sa lá atá inniu ann. Coinneoidh mé súil géar orthu sna laethanta beaga romhainn... go dtí go bhfeicfidh mé an bhfaighfidh siad baile nua.

21.6.12

Athbhreithniú ar Thoghlaigh na hÉireann

Ní minic a bhím ag trácht ar an bpolaitíocht anseo, ach foilsíodh tuarascáil ón gCoimisiún um Thoghlaigh inniu ina moladh líon na bpolaiteoirí a laghdú agus limistéir na dtoghcheantar a ath-tharraingt. Agus toisc go raibh léarscáil leis, tarraingíodh m'aird air...



Ar dtús tá sé molta acu go laghdófaí amach anseo an oiread Teachtaí Dála - ó 166 inniu go 158 amach anseo. Tá alt sa Bhunreacht a chuireann cosc ar an méad TDanna atá ann: ba chóir, de réir an Bhunreachta, go mbeadh aon TD amháin do gach 20,000-30,000 duine. Agus daonra na tíre ag fás i gcónaí cuireadh srian ar chumhacht an choimisiúin líon na dTDanna a laghdú. Chun comparáid a dhéanamh idir tíortha eile a bhfuil ar chomh-dhaonra linne, tá 179 in Folketing na Danmhairge, agus 120 i Rialtas na Nua-Shéalainne. Níl ach aon teach amháin oireachtais sna tíortha sin, áfach, agus lenár 60 seanadóir curtha san áireamh, seo thíos mar a bheadh oiread na bpolaiteoirí sa trí thír...

Éire (daonra 4.5m) - polaiteoirí náisiúnta 218
Danmharg (daonra 5.6m) - polaiteoirí náisiúnta 179
Nua-Shéalainn (daonra 4.4m) - polaiteoirí náisiúnta 120

Is léir nach bhfuil rialtais laga sa Danmharg ná sa Nua-Shéalainn, nach bhfuil siad ag fulaingt de dheasca easpa polaiteoirí!

I mo thuairimse, tá i bhfad an iomarca TDanna againn. Ar ndóigh, cruthófar raic mar gheall ar ath-tharraingt na dtoghcheantar i measc na bpolaiteoirí. Go háirithe na cásanna sin ina ngearrfar suas contaetha ina dtoghcheantair éagsúla. Ach ní dóigh liom go mbeadh fadhb ar bith ag gnáth-phobal na hÉireann a n-uimhreacha a laghdú i bhfad níos déine ná mar atá beartaithe ag an gCoimisiún. Má tá siad sásta an Bunreacht a athrú i reifreann chun fáil réidh leis an Seanad (polasaí a bhfuil mé i bhfábhar leis), cén fáth nach ndéantar an rud céanna leis an alt a bhainean le méad na dTDanna?

W mar ghuta sa Bhéarla

Cé go raibh 'cwtch' luaite mar fhocal Béarla sa Guardian le déanaí (féach an mhír dheireanach), de réir Dictionary.com níl ach dhá fhocal sa Bhéarla ina bhfuil 'w' ann mar ghuta. Is ón mBreatnais a tháinig an dá fhocal ó dhúchas - iontas na n-iontas - ach cad iad? Buile faoi thuairim...

Seo leideanna daoibh... agus tá na freagraí (bun os cionn) thíos futhu...

 


˙ıɥʇɹın ǝlıpıɟ ɐu ɥʇnɹɔ lınɟɥq ɐ lıoǝɥɔ sılɹın-uɐǝs 'ǝƃlıǝɐɥפ ɐs ʇınɹɔ - 
ɥʇʍɹƆ

˙ɐɥɔɐǝuɯuıɐƃol ɹoǝl oƃ uı lıɐǝɔıǝɟ ǝl 'ɔouɥɔ ɐɥp ɹıpı uuɐǝlƃ 'ǝƃlıǝɐɥפ ɐs ɯoɔ - 
ɯʍƆ

 :ıɐɹƃɐǝɹℲ

14.6.12

An focal is fearr sa Bhéarla...

...is ón mBreatnais atá sé!

Ní fhaca mé an t-alt seo sa Guardian go dtí seo, alt ina gcruthaíodh liosta do na focail is áille sa Bhéarla.

De réir dealraimh (agus an iriseora) is é an focal is fearr sa Bhéarla ná:

cwtch

...focal a chiallaíonn 'barróg' sa Bhreatnais (agus sa Bhéarla, dála an scéil, cé nár chuala mé féin riamh é).


Hmmmm... nílim cinnte. An focal is fearr sa Bhéarla? DAS, is é an teach tábhairne Bar Cwtch (thuas) an tábhairne is fearr i gcuan Chaerdydd. Gan amhras.

Na focail eile sa liosta...?

...kecks...beetroot...rococo...balalaika.

Is léir gur fearr leis an iriseoir teangacha eachtracha!




11.6.12

Bláth na Feola Lofa

Éire bhocht :(

Seo daoibh bláth, ahem, deas chun dea-ghiúmar a chur oraibh tar éis an tubaiste aréir. Cé gur cosúil nach mbeidh Corn na hEorpa againn i mbliana, is ar thuras go Corn na Breataine a chonaic mé é, i ngarraithe móra faoi-ghloine an Eden Project.



Is é Titan Arum an t-ainm atá ar an bplanda seo - an bláth is mó ar domhan, de réir dealraimh - nach mbíonn faoi bhláth ach amháin ar feadh 48 uair gach bliain. Ní amháin a thoirt a chuireann iontas ar chuairteoirí, ach an boladh láidir gránna - ar nós feoil lofa - a thagann uaidh chun feithidí a mhealladh chuig a phiotail mhóra chorcra. Táim sásta mar sin nach raibh mé ann ag am a bhlátha, a tharla Dé Céadaoin seo chaite.



Is iad na tithí gloine - nó bithóim - buaicphointí an Eden Project, ceann amháin a chruthaíonn aeráid na Meánmhara agus ceann eile le foraois bháistí ann. Is féidir dreapadh suas suas staighre - thar cinn na gcrann - go dtí ardán féachana chun radharc a fháil ar an ndufair ar fad. Ní fhéadfainn cur síos a dhéanamh ar an teas nó an bogthaise thuas ann... ach is fiú go mór an turas suas. Neamh ar thalamh atá ann - Éidin ceart i ndeisceart Shasana.

An staighre creathach
Thíos faoi chois
Thar cinn na gcrann