17.4.14

MA maoinithe in Ollscoil Chaerdydd

Tá Scoil na Breatnaise in Ollscoil Chaerdydd (an áit ina dhearna mé mo PhD) ag cuardach mac léinn MA a bheadh freagrach as modúil Ghaeilge na Scoile a theagaisc ar feadh bliana ó mhí Mheán Fómhair (2014) ar aghaidh. Beidh seans ag an duine MA sa Léann Ceilteach a dhéanamh san Ollscoil saor in aisce (costas £5,700 de ghnáth) agus gheobhaidh siad deontas freisin (timpeall €10,000) le costais mhaireachtála a chlúdú. Is clár an-solúbhta é an MA sa Léann Ceilteach, agus beidh deis ag an té a cheapfar a rogha modúil a thógaint agus taighde a dhéanamh faoin nGaeilge, faoin mBreatnais nó faoi ábhair a bhaineann leis na Teangacha Ceilteacha i gcoitinne.

Má tá suim agat cur isteach ar an MA seo, téigh i dteagmháil le hEirwen Williams, Bainisteoir na Scoile (i mBéarla nó i mBreatnais) ag WilliamsEG 'ag' Cardiff.ac.uk

21.2.14

Gabhar mo leithscéal...

Go dtí inniu, ní fhéadfainn an físeán YouTube is fearr liom a roghnú. Go dtí inniu...

Je présente, Cèvres en Équilibre...


13.2.14

Uirlisí Ársa na hÉireann

Bhí an t-ádh orm inné freastal ar léacht agus taispeántas ag Simon O'Dwyer ón eagraíocht Ancient Music Ireland a bhí ar siúl san ollscoil i nGaillimh mar chuid den fhéile ealaíona Múscailt. Is saineolaí ar shean-uirlisí ceoil é Simon, go háirithe na sean-choirn chré-umha a bhí á seinnt ag ár sinsir na mílte bliain ó shin. Chuir sé iontas orm nuair a mhínigh sé dúinn gur in Éirinn a fuarthas 40% de shean-choirn mhiotail an domhain, agus go raibh na huirlisí áille seo á ndéanamh agus á seinnt 3,000 bliain ó shin le linn na Cré-umhaoise. Ná bac leis an gcláirseach - tá an sean-chorn cré-umha níos Éireannaí fós!


Bhí go leor macasamhail ag Simon le taispeáint dúinn, agus nuair a sheinn sé iad… bhabha… táim ag rá libh gur chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta. Mhothaigh mé féin go rabhas ag éisteacht le torann a raibh mé ag fanacht air fad mo shaoil! Bhí rud éigin chomh glan nádúrtha faoina nglór, ar nós go raibh sé ag teacht ón gcroí istigh. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh air i gceart, ach mhothaigh mé go raibh mé féin ar ais sa Chré-umhaois ag mairseáil le mo shinsir. Seo thuas mé ag séideadh macasamhail den chorn Iarannaoiseach a fuarthas i Loch na Séad, Ard Mhacha. Faraor níor tháinig fiú is nóta amach as :(


15.1.14

Focail timpeall na hEorpa

Ar eagla nach bhfaca sibh an acmhainn iontach seo ar The Guardian inniu... is féidir focal a thaispeáint i mbreis is 35 teanga éagsúla ar léarscáil den Eoraip - rud a chuir mé ag spraoi (in áit a bheith ag obair) ar feadh uair a chloig inniu. Is é 'cos' an sampla thíos. Bainigí triail as...