28.7.11

Túr na fola

Tá an radharc is fearr do chathair Bhaile Átha Cliath (i mo thuairimse) le fáil ón gclinic deonaithe fola - Teach na bPeileacán - ar shráideanna Westmoreland agus D'Olier i lár na cathrach. Bhíos ann le déanaí, tráthnóna Aoine, nuair a bhí an clinic ciúin go leor, agus chaith mé roinnt ama ag glacadh griangrafanna... i ndiaidh dom deonú, ar ndóigh.


Ní úfónna iad sin sa spéir, ach salachar ar an bhfuinneog.


Má's féidir leat cur suas leis na ceisteanna sláinte pearsanta, atá i bhfad níos pianmhaire ná an deonú é féin (!), is fiú go mór an turas. Gheobhaidh tú ceapaire, cupán tae, agus radharc den scoth ar bharr na cathrach... agus ar ndóigh dea-mhothúchán an altrúchais... leis.

An méad sin ráite, gheobhaidh tú an radharc céanna, beagnach beo, ó webcam ar an suíomh seo, gan braon ar bith a roinnt!

De réir dealraimh, tá clú ar an radharc seo le tamaill fada anuas i measc na bhfoilsitheoirí cartaí poist.

Lánphairtiú na hEorpa

Ghlac mé an scagadh gabháil sciobadh scáileáin seo ó Newsnight an tseachtain seo caite, agus Christine Lagarde i mbun díospóireachta faoin ngéarchéim airgeadais.



Thugas faoi deara go raibh a bróiste réaltach díreach san áit cheart le bheith sa bhratach Eorpach taobh thiar di.

Sin mar a tharlaíonn nuair a chreideann tú go ró-dháiríre i lánphairtiú na hEorpa ;)

20.7.11

Google+ nó -?

So, tá mo chéad chuireadh go Google+ faighte agam ó chara inniu... agus cinneadh le déanamh agam faoi. Is cuimhin liom an chéad uair a thuirling cuireadh go Facebook isteach im' inbhosca - chaitheas sa bhruscar é ar an bpointe. Ní bheadh dúil agam go deo sa chineál sin cumarsáide, bíodh a fhios agat. Anois, trí bliana, agus 180 'cara', níos déanaí is léir go raibh mé mícheart ;) Ach an bhfuilim réidh chun éalú i dtreo Google+? Hmmm, sin í an cheist?

Bebo bocht. B'shin é an gréasán soisialta is mó éilimh in Éirinn thart fá 5 bliana ó shin, ach anois ní chloistear focal faoi. An mbeidh Facebook mar an gcéanna i gceann bliana nó dhó?! Ní dóigh liom é. Ach, é sin ráite, ní minic a láinseáiltear giúirléid nó seirbhís ag Google nach mbíonn tóir mhór orthu.

Chun daoine a mhealladh chuig seirbhísí nua mar sin, braitheann na soláthróirí ar pharanóia na ndaoine... nach gcloisfidh siad scéal... go gcaillfidh siad ócáid áirithe a socraíodh ar-líne, nó níos measa fós... go mbeidh a n-ainmneacha tógtha sula gcláraíonn siad. Quelle horreur! Chun an fhírinne a rá, ní rabhas riamh i mo nuálaí. Cuirim an milleán ar m'athair. Ní raibh guthán baile againn go dtí lár na nóchaidí. Tá mo chinneadh déanta agam. Fanfaidh mé, ar a laghad, ar an gcéad chuireadh eile ;)

An samhradh linn...

...mo thóin.

Tá sé ag cur fearthainne, go héadrom, le seachtain anuas anseo san Oirdheisceart Grianmhar. Bhí na ceathanna le hathaint inniu ó cheamara m'iPhóinín beag, fiú. In ainm Dé, céard a tharla dom' saoire samhraidh?!

15.7.11

Ar an mBád Buí

Chun cur leis an athdhearadh beag ar mo bhlag, seo daoibh pictiúirí ón dturas báid go mainistir Tintern, atá thart fá leath-mhíle ón ndroichead thuas.

Ar an mbealach. 'Sé 'garraí na mbád' an t-ainm ar an bpáirc agus gcoill ar dheis.

Thíos faoin mainistir. Taitneodh an áit seo le Patrick Kavanagh:
"so stilly, greeny at the heart of summer".

Droichead na mainistreach ar an mbealach abhaile.

Is maith liom an ceann seo.
Ní raibh an sean-fhuinneog-nua feicithe agam go fóill.
Cuireadh isteach é le déanaí, th'éis tréimhse fhada athchóirithe.

8.7.11

Thar sáile sa bhaile

Táim ar ais sa bhaile don tsamhradh anois, agus trí mhí le caitheamh agam anseo ar 'saoire staidéir'.

Cé go mbeidh mé níos ciúine anseo le linn an tsamhraidh, cheapas gur chóir dom athdhearadh beag a dhéanamh ar an mblag.

Sin thuas mo bhaile, cois cuain, liom féin agus mo chol ceathrair ag curachóireacht, agus tithe mo mhuintire taobh thiar dúinn (ar lá i bhfad níos grianmhaire ná mar atá ann inniu).