14.10.13

IDM - faoi Dhlíthe na mBreithiún

TIL = IDM: Inniu D'fhoghlaim Mé...

Is cosúil go bhfuil an-tóir ar théamaí a bhaineann le hÉirinn ar reddit faoi láthair, mar seo thíos an 5ú mír is airde inniu ar phríomhleathanach an tsuímh (a mbíonn 70m úsáideoirí aige gach mí, agus i bhfad níos mó léitheoirí):


Tá nasc ag an gceannteideal thuas leis an alt seo ar an leathanach seo de Vicipéid. De réir an ailt, ba iad Éireannaigh na Meánaoise ceann de na sochaithe a shéan an píonós báis don chéad uair. De réir dlíthe na mBreithiún, i gcás dúnmharaithe bhíodh ar an gcoirpeach ceann de dhá 'fhíneáil' a íoc. Bhain na fíneálacha seo go díreach le luach an duine a dunmharaíodh. Mura mbeadh an coirpeach ábalta an fhíneáil a íoc, bhíodh air nó uirthi obair ar son teaghlach an íospartaigh mar 'sclábhaí'.

Bhuel, foghlaimíonn tú chuile lá beo.

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an oiread seo tóir ar an alt seo i measc léitheoirí reddit (a bhíonn ag caitheamh vótaí nó karma dos na scéalta is mó suim acu). Is liobrálaigh as Meiriceá a bhíonn ag scríobh ar an suíomh den chuid is mó, agus is dócha go bhfeileann an sean-dlí seo dá gcuid polaitíochta (chomh fada is a bhaineann sé le píonós an bháis a shéanadh, ach go háirithe).

24.9.13

IDM - Inniu D'fhoghlaim Mé

Daoibhse nach mbíonn ag breathnú ar reddit.com, úsáidtear an t-acrainm TIL ann go minic, rud a chiallaíonn 'Today I Learned'. Úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar fhíric fhánach a chuaigh i bhfeidhm ar an redditeoir sin.

Anois, tá a fhios agam gur le Dennis an t-ábhar seo, ach... léigh mé TIL inniu faoi mhanaigh Éireannacha agus a gcuid scríbhneoireachta agus cheapas gur chóir dom é a roinnt anseo, daoibhse nach bhfuil, ahem, chomh saineolaíoch ar na rudaí seo.

Dar leis an gclár raidió BBC seo (timpeall 5.30 nóim) ba iad manaigh Éireannacha  a chruthaigh an 'spás' a chuirtear idir focail sa scríbhneoireacht sa lá atá inniu ann. Scríobh siad sa Laidin, teanga nach raibh á labhairt sa tír toisc nár shroich Impireacht na Rómhannach an t-oileán. Chun cabhrú leo idirdhealú a dhéanamh idir na focail eachtranacha, chuir siad spás idir eatarthu. Ar ndóigh úsáidtear an spás seo go forleathan i dteangacha ar fud na cruinne anois.

Ní mise amháin a léigh an TIL seo, agus fágadh breis is 150 trácht air - a léiríonn cé chomh cumhachtach is atá redditor mar fhoinse eolais.

Ar ndóigh, ní foinsí eolais gach rud a scríobhtar ar reddit. Seo daoibh an racún beag atá le feiscint díreach faoin TIL sin.

23.9.13

Ag baint an fhéir

Ní hé lá na gaoithe, lá na scoilb.

Ach is é lá na gréine, lá bainte an fhéir.

Éad orm inniu ag breathnú amach ar an bhfear/bhféar seo inniu ó m'oifig fhuar dhorcha :(


5.9.13

Gaillimh Ghleoite

Chuaigh mé timpeall na cathrach inniu le mo cheamara ag glacadh grianghrafanna do phrospectus nua na hollscoile. Thaitin an dá cheann seo liom...

An Áirse Spáinneach Póirse Caoch ó Mhúsaem na Cathrach

Turasóirí ag baint sult as Sráid na Céibhe

14.8.13

Gairdín Múrtha Colclough, Mainistir Thinteirn

D'iarr bainisteoir an ghairdín mhúrtha orm a mbróisiúr a aistriú go Gaeilge, agus shocraigh mé é a roinnt libh anseo, ionas go mbeadh an t-eolas ar fáil áit éigin ar líne. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ngairdín má tá sibh thíos san Oirdheisceart Grianmhar.

DAS, má fheiceann sibh botúin thíos, abair liom é - níl sé seolta agam go fóill.


Gairdín Múrtha
Colclough

Lig do scíth sa dúlra…
tabhair cuairt ar an nGairdín Múrtha Athchóirithe
ag Mainistir Thinteirn, Co. Loch Garman

An gairdín sa lá atá inniu ann

















Griangraf ón aer, Iúil 2010



















Muintir Colclough
Thóg muintir Colclough (fuaimnithe Cóc-lí) an Gairdín Múrtha Seoirseach seo breis is 200 bliain ó shin, roimh 1814. Chuir oibrithe deonacha tús leis an obair athchóirithe i mí Iúil 2010 faoi stiúir Hook Tourism, tar éis dóibh ceadúnas a shíniú le Coillte Teoranta, úinéirí an ghairdín.

An Leagan Amach
Tá leagan amach an Ghaírdín Mhúrtha athdheartha anois faoi mar a bhí sé sna 1830aidí. Is iad na príomhghnéithe den Ghairdín Múrtha cloiche agus brící seo – a bhfuil 2.5 acra ann – ná cúinní cuartha, dhá struchtúr inmheánacha sa bhalla brící a scarann an gairdín ina dhá leath: an t-oirthear (an gairdín ornáideach) agus an t-iarthar (gairdín na cistine), agus an abhainn lena cúig dhroichead, a shreabhann tríd an ngairdín.

An Suíomh
Tá sé suite i ngleann glas álainn i lár coille, áit a bhfuil ceol binn na n-éan le clos. Téann cuairteoirí tríd iar-shráidbhaile Thinteirn ar an mbealach chuig an ngairdín ar chosán coille a mbíonn coinnle corra agus gairleog fhiáin ag fás timpeall air san Earrach. I rith an tsamhraidh, siúltar faoi bhun na bhfeánna arda dorcha, roimh spéir ghorm oscailte an Ghairdín Mhúrtha a shroichint.

An Gairdín Cistine
















Stair agus Scéal

Bhunaigh manaigh Chistéirseacha Mainistir Thinteirn tar éis 1200, faoi choimirce William Marshall, ar abhainn bheag a shníonn amach i gCuan Bhanú. Tar éis a díscaoilte in 1536, bronnadh an talamh ar fad ar Sir Anthony Colclough in 1562. D’fhan muintir Colclough ina gcónaí ann ar feadh 400 bliain, agus le linn an tréimhse sin athraíodh an mhainistir agus tógadh go leor struchtúir nua timpeall uirthi, ina measc droichid, muileann línéadaigh, muileann plúir, forbhallaí agus an Gairdín Múrtha Seoirseach.

Tógadh an Gairdín Múrtha 520m siar ó dheas ó Mhainistir Thinteirn, ag baint úsáid as clocha a bhí le fáil sna páirceanna máguaird agus ag líneáil na ballaí le brící lámhdhéanta a cruthaíodh sa Ghairdín Múrtha le láib ón inbhear áitiúil. Déanadh aol sa tiníl in aice le droichead na bhforbhallaí as aolchloch dhóite a tháinig ar bháid ó Rinn Duáin agus a meascaíodh le gainimh chun moirtéal aoil a chruthú.

Tá leagan amach an ghairdín curtha ar ais mar a bhí in 1838 ag baint úsáid as eolas ón Mapa Stairiúil OSI. Léiríonn an mapa seo na cosáin, cúig dhroichead, an clós seachtrach, agus na suíomhanna ina raibh an gairdín glasraí agus na crainn torthaí suite.

Bhronn Miss Marie B. Colclough (a fuair bás in 1983) Mainistir Thinteirn ar an Stát in 1959. Tréigeadh an Gairdín Múrtha go dtí gur leag an comhlacht stáit Coillte breis is 30 crann mhóra Sitka a cuireadh ann in 1955. Gearradh siar an fál labhrais fiáin in oirthear an ghairdín, agus tá sé ag fás arís go sláintiúil san áit chéanna inar cuireadh é na céadta bliain ó shin. Glanadh siar an cosán tríd an gcoill i dtreo an ghairdín agus cuireadh gairbhéal nua air, chun na príomhbhealaí isteach ar an taobh thiar-thuaidh a fheabhsú. Cé nár déanadh tagairt do thógáil an ghairdín sna cartlanna teaghlaigh, seo mar a scríobh cuairteoirí sa 19ú aois faoi:

Thug John Bernard Trotter – a scríobh “Walks in Ireland 1812” (foilsithe in 1819) – cuairt ar Thinteirn i mí an Mheitheamh 1812 agus d’fhan sé ann ar feadh míosa beagnach, gan trácht a dhéanamh ar an nGairdín Múrtha.

“We have employed several days in enjoying the beauties of Tintern and its environs, and experienced much civility from Lady Colclough”
Meitheamh 27, 1812.

Rinne A. Atkinson an chéad tagairt don Ghairdín Múrtha in “The Irish Tourist”, a scríobh sé i mí Iúil 1814 (foilsithe in 1815).

“Lady Catherine Colclough had the politeness to show me a very beautiful and fruitful Walled Garden, of two or three acres, enclosed by a handsome brick wall, and abounding with the delicacies of the season”.

Ba í Catherine Colclough (née Grogan ó Chaisleán Bhaile Sheáin) máthair Caesar Colclough. Toisc gurb é Caesar an mac ba shine le Sir Vesey, tháinig sé in oidhreacht ar eastát a athar. Bhí John, deartháir le Caesar, i bhfeighil ar an eastát go dtí gur mharaigh William Congreve ó Chaisleán Chaoire (Wilton) é i gcomhrac aonair a bhain le toghchán sa chontae in 1807. Bhainistigh an t-aibhéardaí Tomas MacCord an t-eastát ansin go dtí gur fhill Caesar ón bhFrainc in 1814. Scaoileadh Caesar as príosún tar éis éirí as Napoleon, agus toghadh é mar MP i dTeach na dTeachtaí in 1818.

Bhí J.W. Goff ó Theach Bhaile an Hóraigh i bhfeighil ar eastát Thinteirn mar ghníomhaire Caesar Colclough idir 1831-1840. Tá teacht fós ar fháltais do chrainn phéitseog, neachtairíní agus sílíní a ceannaíodh i bPlandlann Fennessy i bPort Láirge agus i bPlandlann Miller agus Sweet in Bristol le linn an tréimhse seo. Tá litreacha idir Caesar agus a ghníomhaire ón uair seo le fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann fós, agus déanadh tagairt do roinnt plandaí atá ag fás sna gairdíní i dTinteirn an uair sin, idir Geraniums, Carnations agus Daphne.

Tá súil againn go dtabharfaidh tú cuairt ar an nGairdín Múrtha i mbliana agus go gcruthóidh tú do chuid cuimhní féin.

Fear bréige an ghairdín, ar lá an Tynwald





















Treoracha
Fág an R733 (an bóthar idir Baile Hac agus Droichead Eoin) ag an gcasadh i dtreo Mhuileann an tSáile, an L4041. Tá an bealach isteach go Mainistir Thinteirn agus Gairdín Múrtha Colclough 1km ón gcrosbhóthar seo ar thaobh na láimhe deise (balla cloiche le feánna). Tá an Gairdín Múrtha suite 300m siar ó dheas ó charrchlós na Mainistreach (7 nóim siúil). Comharthaí ar gach bóthar isteach. Mapa sa bhróisiúr seo. ~ Sat Nav: -6.8377833 52.23696 ~

Uaireanta Oscailte
Oscailte Gach Lá: 10 r.n. go 6 i.n. ~ Bealtaine go Meán Fómhair
10 r.n. go 4 i.n. ~ Deireadh Fómhair - Aibreán

Táille isteach
€3: Duine fásta. €2: Lascaine; Seanóirí, Mic Léinn, Grúpaí de 10+. Ticéad Bliantúil ar fáil. Faoi bhun 14: saor in aisce. Iarrtar ar chóistí agus ar ghrúpaí móra glaoch roimhré. Fáilte roimh mhadraí dea-mhúinte ar iall.

Sonraí Teagmhála
Bainisteoir Tionscadail: Alan Ryan
Príomhgharaíodóir: David Bawden
Gairdín Múrtha Colclough
Mainistir Thinteirn, Muileann an tSáile
Co. Loch Garman, Éire
t – 083 3064159
i - www.colcloughwalledgarden.com
r - colcloughwalledgarden@gmail.com
facebook - Colclough Walled Garden
twitter - @colcloughgarden
www.hooktourism.com
www.wexfordgardentrail.com
www.experiencenewross.com
www.visitwexford.ie