30.5.12

An Hobad

Bhuel? An bhfuil sibh ag baint suilt as An Hobad? Táim ar lth. 166 faoi láthair ag druidim i bhfad róthapaidh i dtreo deireadh an leabhair.

Is í an difríocht is mó idir leabhar mar seo a léamh as Béarla agus as Gaeilge, i mo thuairimse, ná an pléisiúir a bhaineann leis an léitheoireacht nó, abair, cuspóir na léitheoireachta. Is cuimhin liom nuair a bhíos ag léamh an leabhair seo as Béarla gur rith mé tríd go tapaidh ag iarraidh an scéal - an plota - a chur ar eolas agam. Anois, agus mé á léamh don dara uair, as Gaeilge, tá pléisiúir ag baint leis na focail iad féin a phróiseáil... a bhuíochas leis an aistritheoireacht ealaíonta ó Nicholas Williams. Cé go bhfuil an plota dearmadta agam, is cuma liom i ndáiríre faoi eachtraí Bhiolbó agus a chairde agus mé á léamh an uair seo. Tá i bhfad níos mó suilt le baint as na phrásaí agus na focail nua atá le fáil ann. Tabharfaidh mé sampla deas daoibh a léigh mé le déanaí...

"Brúfar, bascfar agus déanfar brioscbhruar dínn, agus báfar freisin muid cinnte!" a dúirt siad de mhonabhar.

Níl an bunleagan Béarla ar eolas agam, ach nach deas an abairt í sin thuas...?

25.5.12

Hellelil agus Hildebrand



Ní fhaca mé riamh é... níor chuala mé trácht riamh ar an ealaíontóir... agus rinne mé an Ealaín don Ardteist... mo náire... nach álainn an íomhá é... agus tá sé ainmnithe anois mar an pictiúr is mó tóir air in Éirinn, leis an gclár Masterpiece. Na hiomaitheoirí ar fad le feiceáil anseo.

Comhgairdeas libh a Hellelil agus a Hildebrand... agus, ar ndóigh, a ealaíontóra, Frederic William Burton (1816-1900)... as Cora Finne, Co. an Chláir. Ní hé an ceol amháin atá láidir sa chontae sin, is léir.



24.5.12

Blag Nua

Tá blag nua Tionscadal Teanga cruthaithe agam - blag ar a bhfuil sé mar chuspóir agam scríobh faoi ábhair a bhaineann leis an teangeolaíocht. Tá súil agam amach anseo cur síos a dhéanamh go neamhrialta ar thaighde atá déanta agam nó léite agam. Tá súil agam go mbeidh mé in ann an dá thrá a fhreastal - leanúint ar aghaidh le mo smaointe fánacha a leagan síos anseo faoi cheilt, agus míreanna, abair, níos troime a scríobh ansin. Níl taithí ar bith agam ar scríbhneoireacht acadúil na Gaeilge (cé go bhfuilim ag freastal ar Dhianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge faoi láthair ar-líne) - agus táim cinnte dearfach go mbeidh botúin ann ó thaobh na gramadaí de. Ach bígí foighneach leis. Cuirim fáilte romhaibh, ar ndóigh, bhur smaointe féin a chur leis, ceartúcháin san áireamh.

21.5.12

Lógó sa Leithreas

B'fhéidir go rabhas faoi thionchar an óil... b'fhéidir go rabhas - i ndiaidh bhua Katie Taylor agus an cluiche ceannais uile-Éireannach sa rugbaí - faoi thionchar an tírghrá...

...ach nuair a chonaic mé na cácaí seo thíos i leithreas na bhfear i mo theach tábhairne áitiúil oíche Dé Sathairn, chonaic mé cruth na seamróige iontu.



An piss-róg atá ann mar sin?

16.5.12

Caerdydd 2012: Cathair na gCluichí Oilimpeacha

Seans maith gur chuala sibh go mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i Londain i mbliana... ach an raibh a fhios agaibh go mbeidh an chéad cluiche ar siúl, ní i Londain, ach i gcathair Chaerdydd? Sea, roimh lasadh na tine sa Staid Oilimpeach i Stratford ar an 27ú Iúil, roimh theacht na lasrach go Londain thoir fiú, beidh an chéad cluiche de shraith shacar na mban ar siúl anseo i Staid na Mílaoise ar an 25ú Iúil. Ag siúl timpeall na cathrach níl cuma ar an gcathair go bhfuil muintir Chaerdydd ag ullmhú do na COnna. (Tá i bhfad níos mó béime anseo faoi láthair ar an Iubhaile Ríoga ag tús na míosa seo chugainn). Ach tá na fáinní ildaite le feiceáil os comhair halla na cathrach.


Má tá tástáil in aghaidh drugaí le déanamh acu, ba chóir dóibh tosnú ar an gcapall seo in aice na halla. Féach ar na féitheacha air!

13.5.12

Beannacht i gcomhair Bainise

Beidh mé im' fhinné fir ag bainis mo charad Dé hAoine, agus táim fós ag obair ar óráid na bainise (díreach ag cur tús leis chun a bheith fírinneach). Ba mhaith liom beannacht a ghabháil don lánúin as Gaeilge ag deireadh na hóráide. Thaitin an ceann seo thíos liom, a fuair mé mar fhreagra ar an gceist chéanna sa listserv Gaeilge-A...


Fad ar do shaol, agus laethanta geala, 's nar fhágair an saol seo go mbréagfar do leanbh.

An molfá aon cheann eile dom?

DAS, thaitin an ceann seo liom a scríobh Aonghus ar Daltaí.com.

Ní féasta go rósta, 'is ní céasta go pósta.

Ach ní dóigh liom go mbeadh sé, ehm, oiriúnach ar an lá... :)

11.5.12

Cró na gCachtas

Agus mé ag caint faoi phlandaí... bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar ghairdíní na lusanna in Ollscoil Birmingham arís agus mé ag freastal ar seimineár eile ansin seachtain ó shin. Dhírigh mé m'aird ar chró na gcachtas an uair seo, nó an Teach Tur mar a ghlaonn siad féin air.

An "Teach Tur" (nó Cró na gCachtas)
Caithim a rá nach raibh dúil agam sa chineál seo planda riamh, ach níorbh fhada go rabhas faoi dhraíocht ag dathanna agus cruthanna éagsúla na gcachtas.

An ceann seo a chuir an stíl ghruaige cornrows i gcuimhne dom...


...agus an ceann seo thíos a chuir mo ghruaig chasta féin i gcuimhne dom!


Agus an ceann daite seo, ó Mheicsiceo ó dhúchas, a chuir damhsóirí bláthúla na tíre sin i gcuimhne dom ar an lá... ach ag breathnú arís air, nílim róchinnte...! Nach fallach an planda é?!




Seomra na Luibheanna

Tá dhá sheomra bhreise againn sa teach faoi láthair, bhuel, bhí, go dtí gur athraigh mé ceann dóibh ina seid garraíodóireachta, nó ina phlandlann, b'fhearr dom a rá, dom' luibheanna. Seo daoibh iad... sa bhosca dubh: síobhas (ag a haon a chlog), basal (ag a cúig), lus an choire (ag a hocht) agus, sílim, peirsil (ag a haon déag). Nílim róchinnte faoin dá cheann deireanacha, mar tá siad an-chosúil lena chéile faoi láthair. Ar ndóigh tá planda basail ar dheis, 'ceann a rinne mé cheana féin' mar a déarfá.
Caithim a rá nach bhfuil 'méaracha glasa' agam go fóill. Tá cuma shláintiúil ar an mbasal, ceart go leor, ach nílim ródhóchasach faoin bpeirsil bhocht, agus de réir mo chara tí, tá an síobhas "cosúil le ríbeanna gruaige Homer Simpson" - lag agus annamh. Is léir nach mbeidh síobhas fite fuaite i mo phrátaí bruite brúite ar feadh tamaillín eile...